Téigh i dTeagmháil Linn

Déan Gearán/Tuairisc Imní maidir le Ródacmhainneacht Feithicle, Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif agus/nó Iompar Earraí Neamhcheadúnaithe

Má tá údar imní ar bith agat faoi bhail ródacmhainneachta feithicle tráchtála m.sh. Bus Scoile, Leoraí, Leantóir nó go deimhin aon chineál eile feithicle tráchtála is féidir leat d’údar imní a thuairisciú faoi rún don RSA ar aon cheann de na bealaí seo a leanas

  • Trí ghutháin – Féadfaidh tú labhairt le duine dár mbaill foirne ag 091 872600 (rannóg fhorfheidhmithe) nó glaoigh arbeolíne íosghlaonna faoi rún ag 1890 253 163.
  • Bheith i láthair go pearsanta – Buail isteach chuig ár n-oifig, Teach Chluain Fearta, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe H62 ET93. Áit ar féidir leat labhairt le duine dár mbaill foirne go huile agus go hiomlán faoi rún
  • I Scríbhinn – Cuir do ghearán sa phost chuig an Rannóg Fhorfheidhme, An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Teach Chluain Fearta, Sráid Bhríde, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe. H62 ET93
  • Trí ríomhphost– Líon isteach foirm ghearáin (DOC)​ agus cuir isteach chuig enforcement@rsa.ie
  • Ar líne - déan gearán ar línetrí suíomh gréasáin RSA

Ceisteanna faoi do thástáil

Má tá aon cheist agat faoi do thástáil CVR, ní mór duit dul i dteagmháil le d'ionad tástála. Faigh sonraí teagmhála an ionaid tástála is fearr leat

Má tá tú míshásamh ort faoi thoradh do thástála

Ní mór duit gearán a chur isteach i scríbhinn chuig an ionad tástála inar tástáladh an fheithicil. Luafar an méid seo a leanas sa ghearán:

  • d’ainm, do sheoladh baile agus do shonraí teagmhála;
  • Uimhir chláraithe na feithicle agus an dáta a tástáladh an fheithicil; agus
  • do ghearán

Ba cheart go bhfaighfeá admháil scríofa ón ionad tástála go bhfuarthas do ghearán laistigh de thrí lá oibre ón ngearán a fháil. Ba cheart go bhfaighfeá freagra ar do ghearán laistigh de 14 lá oibre.
Íoslodáil ár mbileog ar thiomantas an RSA do Sheirbhís do Chustaiméirí maidir le Tástáil CVR​ (PDF) ​​

Má cheapann tú go bhfuil do Tháscaire Riosca d’Oibritheoir Feithicle Tráchtála (CVORI) mícheart.

Is féidir aiseolas ar aon bhotún nó easnaimh a d’fhéadfadh a bheith i do rátáil riosca a sheoladh chugainn trí ríomhphost ag ​ cvori@rsa.ie nó glaoch a chur ar dheasc chabhrach CoVIS ar 091 480 981 ionas gur féidir linn athbhreithniú a dhéanamh orthu agus iad a cheartú más gá.
Cuir an t-eolas seo a leanas isteach le do thoil in aon chomhfhreagras linn agus/nó bíodh an t-eolas seo a leanas faoi réir agat roimh ghlaoch a chur:

  • Uimhir do chuntais CVRT - gheobhaidh tú an uimhir seo ag an gcúinne ar dheis ar bharr an leathanaigh nuair a logálann tú isteach i do chuntas CVRT ar líne – tosaíonn sé le “OP_”
  • Sonraí faoi leith maidir leis an botún nó an easnamh – lena n-áirítear an oiread eolais agus is féidir leat mar shampla cláruimhir, dátaí nó amanna agus mar sin de.

Fiosruithe maidir le conas clárú nó féin-dheimhniú a dhéanamh nó conas tástáil a chur in áirithe

Má tá aon cheist agat faoi conas clárú nó do fhéin-dheabhú a chríochnú nó má tá aon deacrachtaí agat tástáil a chur in áirithe ar líne déan teagmháil le Deasc Chabhrach CoVIS le do thoil.

Tel: 1890 927 218 or 091 480 981

Uaireanta oscailte: 
Luan go hAoine (gan Laethanta Saoire Poiblí agus Saoire Bainc san áireamh) 8am - 6pm
an Satharn 8am to 1pm
Email: it.support@cvrt.ie
Post:

tástáil feithiclí tráchtála
An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre
Teach Chluain Fearta
Sráid Bhríde
Baile Locha Riach
Co. na Gaillimhe
H62 ET93

Gheobhaidh tú admháil uathoibríoch ar do ríomhphost ó sheoladh ríomhphoist ‘gan fhreagra’. Beimid i dteagmháil leat in am agus i dtráth.

​Má tá aon cheisteanna eile agat, faoi bheartais, nósanna imeachta, nó éirí i d’ionad tástála nó i do thástálaí téigh i dteagmháil le do thoil:

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!