CVORI - Táscaire Riosca Oibreora

Tá córas rátála riosca curtha i bhfeidhm ag an RSA d’oibreoirí feithiclí troma tráchtála.

Tá sé mar aidhm leis an gcóras rátála riosca, ar a dtugtar CVORI (Táscaire Riosca Oibreoirí Feithiclí Tráchtála), feabhas a chur ar shábháilteacht feithiclí troma tráchtála ar ár mbóithre, rud a dhéanfaidh turais níos sábháilte do chách.

Más oibreoir feithiclí tráchtála thú féadfaidh an RSA cigireacht a dhéanamh ort ag d' áitreabh nó d'fhéadfaí do thiománaithe a stopadh cois bóthair..

Bainfidh an RSA úsáid as an gcóras rátála riosca CVORI mar uirlis chun cuidiú lena chinneadh ar cheart cigireacht a dhéanamh ar na hoibreoirí.

Conas is féidir rochtain a fháil ar mo Rátáil Riosca?

Chun rochtain a fháil ar do Rátáil Riosca, ní mór duit clárú linn ar dtús le haghaidh cuntas CVRT ar Líne agus féindearbhú don RSA a chomhlánú ar líne maidir leis na Feithiclí Earraí Troma, Busanna, Leantóirí agus Otharchairr i d’fhlít. Is iad na hoibreoirí sin amháin a  chuir féindearbhú reatha isteach a bheidh ábalta a rátáil riosca a fheiceáil ar líne.

 
Má rinne tú d’fhéindearbhú a chlárú agus a chomhlánú cheana féin is féidir leat logáil isteach ar do thairseach oibreora chun rochtain a fháil ar do rátáil riosca
 
Chun clárú linn le haghaidh do Chuntais CVRT ar Líne agus do Fhéindearbhú a chur isteach tabhairt cuairt ar ár Leathanach Clárúcháin.
 

Má tá d’Fhéindearbhú comhlánaithe agat agus mura bhfuil tú fós ábalta rochtain a fháil ar do Rátáil Riosca ar líne déan teagmháil le deasc chabhrach CoVIS ag it.support@cvrt.ie nó 091 480 981 chun cúnamh a fháil. 

Conas a oibríonn an córas rátála riosca riskrating

Tá an córas bunaithe ar shonraí arna mbailiú ag an RSA thar thréimhse rollach 3 bliana. Tá dhá réimse riosca oibreora ar leith ann 

Ródacmhainneacht        Bunaithe ar nithe a bhaineann le bail sábháilteachta d’fheithicle nó d’fheithiclí agus do chomhlíonadh maidir le hoibleagáidí dlíthiúla um ródacmhainneacht feithicle.
Uaireanta Tiománaithe  Bunaithe ar nithe a bhaineann le do chomhlíonadh maidir le huaireanta tiománaithe agus rialacha maidir le tacagraif, an treoir maidir le ham oibre agus na ceanglais is infheidhme maidir le Ceadúnas Oibreora Iompair de Bóthar agus CPC Tiománaithe a bheith agat.​

Féadfaidh leibhéal comhlíonta difriúil a bheith ag oibreoir i ngach ceann díobh.


Sampla

Is féidir le hoibreoir rátáil riosca Dearg a bheith aige nó aici in Uaireanta Tiománaithe ach rátáil riosca Glas a bheith aige nó aici i Ródacmhainneacht.

Do Rátáil Riosca féin a thuiscint 

D’fhorbair an RSA na doiciméid seo a leanas chun cuidiú le hOibreoirí a rátáil riosca féin a thuiscint agus iad ag féachaint uirthi ar líne agus tá tuairiscí samplacha de rátálacha riosca agus roinnt mínithe ar réimsí tábhachtacha iontu freisin. 

Ródacmhainneacht - Tuairisc Shamplach um Rátáil Riosca (PDF)
Uaireanta Tiománaithe - Tuairisc Shamplach um Rátáil Riosca (PDF)

Cad a chiallaíonn an rátáil riosca d’Oibreoirí HCV?

Is féidir le hoibreoirí a bhfuil rátáil Dhearg acu a bheith ag súil le líon níos airde cigireachtaí ón RSA ná iad siúd a bhfuil rátáil Ghlas acu. 

Ní chiallaíonn rátáil riosca Glas nach ndéanfaidh an RSA cigireacht ort choíche. 

Leanfaidh an RSA le cigireachtaí randamacha a dhéanamh agus mar sin d’fhéadfadh gach Oibreoir a bheith ag súil le leibhéal éigin cigireachtaí ag an RSA.

Cad chuige a n-úsáidtear do rátálacha riosca agus cé a bheidh in ann teacht orthu?

Is uirlis iad do rátálacha riosca, agus aon fhaisnéis atá iontu, a úsáidtear ar mhaithe le díriú ar fhorfheidhmiú. Ní úsáidtear iad ach mar threoir chun cabhrú leis an RSA a acmhainní forfheidhmithe teoranta a dhíriú ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla ar na hOibreoirí sin a bhfuil seans níos mó ann go mbeidh siad neamhchomhlíontach agus mar sin a d’fhéadfadh a bheith níos contúirtí ó thaobh sábháilteachta ar bhóithre de. 

Ní ceart aon fhaisnéis atá cuimsithe nó ar taispeáint ar do rátálacha riosca a ghlacadh mar fhianaise aon chuspóir eile nó a bheith bainteach le haon chuspóir eile.

Is rud pearsanta agat é mar Oibreoir do chuid faisnéise rátála riosca agus ní úsáideann an RSA í ach le haghaidh na gcuspóirí atá leagtha amach sa chreat dlíthiúil reatha. Ní bhaineann an creat seo ach le húsáid rátálacha riosca i gcomhthéacs mhinicíocht na gcigireachtaí agus ar mhaithe le díriú ar fhorfheidhmiú. 

Bandaí Rátála Riosca

Banda Rátála Riosca  Cineál Riosca 
Glas Riosca Íseal
Ómra  Riosca Measartha 
Dearg  Ardriosca 
Liath  Riosca anaithnid (i gcás nach bhfuil sonraí an oibreora ar fáil) 

Sanntar rátáil riosca amháin do gach oibreoir maidir le Ródacmhainneacht agus ceann eile maidir le hUaireanta Tiománaithe.

Cén tréimhse ama ar a bhfuil na rátálacha riosca bunaithe?

Cuirtear teagmhais leis an RSA le trí bliana anuas san áireamh agus roinntear iad i dtréimhse rollach 3 bliana.

Achar Ama  Ualú Ama
Bliain 1 - Teagmhais a tharla le 12 mhí anuas Na Cinn is Airde 
Bliain 2 - Teagmhais a tharla idir 13 agus 24 mí anuas  Measartha 
Bliain 3 - Teagmhais a tharla idir 25 agus 36 mí anuas and 36 months  Na Cinn is Ísle 

Dá shine a bhíonn an teagmhas is ea is lú tionchair a bheidh aige ar do rátáil.

Ní chuirtear teagmhais a tharla níos mó ná 36 mí ó shin san áireamh.

Sampla

Rinneadh cigireacht

cois bóthair a mhair 1 uair an chloig tiománaí le linn mhí Eanáir 2019

Cigireacht áitribh 1 uair an chloig tiománaí le linn mhí na Nollag 2016

Áireofar an dá chigireacht sin ar rátáil riosca uair an chloig tiománaí an oibreora, ach beidh tionchar níos mó ag an gcigireacht a rinneadh i mí Eanáir 2019 ar an rátáil ná mar bheidh ag an gceann a rinneadh i mí na Nollag 2016.

Conas a shanntar rátálacha riosca?

Ní úsáidtear ach faisnéis ó theagmhais RSA leat agus do rátáil riosca á ríomh.
 

Réimse Rátála Riosca  Cá dtagann na sonraí as 
Ródacmhainneacht  Cigireachtaí cois bóthair agus ar an áitreabh, tástáil feithiclí, comhlánú féindearbhuithe, ionchúisimh 
Uaireanta Tiománaithe Cigireachtaí cois bóthair agus ar an áitreabh, ionchúisimh 


Áirítear sáruithe agus/nó lochtanna a thagann as teagmhais agus cinntear lena ndéine a dtionchar ar an rátáil riosca.

Déine an tSáraithe* Déine an Lochta* Ualú um Chomhlíonadh
Sárú An-Tromchúiseach (VSI)  Locht Contúirteach (DaD)  Na Cinn is Airde 
Sárú Tromchúiseach (SI) (SI)  Locht Mór (MaD)  Measartha 
Mionsárú (MI) (MI)  Mionlocht (MaD)  Na Cinn is Ísle 

 *Tá déine sáruithe agus lochtanna mar atá sainmhínithe sa reachtaíocht and agus sna Lámhleabhair um Thástáil..

I gcás ina bhfuil fianaise ann go bhfuil oibreoir i mbun gníomhaíochtaí comhlíontacha cuirtear iad sin san áireamh freisin.
 

Gníomhaíocht  Comhlíonadh 
Féindearbhú  Breathnaítear ar fhéindearbhú bliantúil a chomhlánú mar iompar comhlíontach 
Tráthúlacht na Tástála Bliantúla  Breathnaítear ar fheithicil a chur i láthair in am dá thástáil bhliantúil mar iompar comhlíontach 
Tástáil Dheonach  Voluntary testing in between a vehicles annual statutory test is viewed as being good practice. 

Socraítear na hionchuir le haghaidh Oibreora agus ansin cuirtear na hualuithe comhlíonta ábhartha i bhfeidhm.

Cuir feabhas ar do rátáil riosca.

Is é an dóigh is éasca le cuidiú le do rátáil riosca a fheabhsú na bunrudaí a dhéanamh i gceart.

Ródacmhainneacht  Uaireanta Tiománaithe 
Bíodh CRWanna reatha ar taispeáint ar d’fheithiclí go léir    Déan cinnte de go gcomhlíonfaidh do thiománaithe na rialacha maidir le ham tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe agus am oibre
Coinnigh d’fheithiclí i mbail ródacmhainneach Bíodh córais chothabhála coiscthí i bhfeidhm agat chun lochtanna féideartha ar d’fheithiclí a sheiceáil  Cinntigh go n-oibríonn do threalamh tacagraif agus do chártaí tiománaí i gceart agus gur féidir leis na tiománaithe iad a úsáid i gceart. 
Déan seiceálacha imshiúil i gcónaí sula dtiomáinfidh tú gach feithiclí - coinnigh taifid de na lochtanna a aimsíodh agus cathain a réitíodh iad  Coinnigh taifid leordhóthanacha ar Uaireanta Tiománaithe (lena n-áirítear taifid analógacha agus tacagraif dhigiteacha) 
Bíodh Féindearbhú Oibreora reatha curtha isteach chuig an RSA chuig trí do Chuntas CVRT ar Líne  Déan cinnte de go bhfuil na feithiclí go léir a oibríonn tú ar do cheadúnas iompair (nuair is gá) 
Bain leas as tástálacha deonacha CVRT chun cur le do thástáil bhliantúil.  Cloígh le Rialacha AE, Rialacháin na hÉireann agus forálacha na Treorach Ama Oibre 

Do Rátáil Riosca & Tástáil Dheonach.

Moltar tástáil dheonach agus lle haon tástálacha deonacha a dhéantar ar d’fheithiclí HCV ag ionaid tástála údaraithe​ feabhas ar do rátáil riosca ródacmhainneachta. Ní ghearrfar pionós ar oibreoirí mar gheall ar aon lochtanna a aimsítear le linn tástálacha deonacha i dtéarmaí a measúnaithe rátála riosca. Mar sin féin, ba cheart d’Oibreoirí a chinntiú go gceartófar aon lochtanna a aimseofar a luaithe is féidir trína gcórais chothabhála.

Cuirtear gach tástáil dheonach a rinneadh le tréimhse rollach 12 mhí anuas san áireamh freisin agus cuirtear an t-am a thagann tú isteach do do thástáil dheonach, i gcomparáid leis an tráth a bhfuil do thástáil CVR bliantúil d’fheithiclí dlite san áireamh freisin.

Mar sin, má thagann tú isteach le haghaidh tástáil dheonach i lár thimthriall na tástála (mar shampla sé mhí i ndiaidh do thástála bliantúla) bainfidh tú níos mó tairbhe as ná mar a bhainfeá má thagann tú i láthair do do thástáil dheonach cúpla lá roimh do thástáil CVR bhliantúil a bheith dlite.

Is é an chúis atá leis sin, go bhféachtar ar fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh tástáil dheonach sé mhí roimh do thástáil bhliantúil nó sé mhí ina diaidh, mar tháscaire níos láidre go bhfuil an fheithicil á cothabháil agus go bhfuil seiceálacha rialta á déanamh uirthi lasmuigh de thástáil bhliantúil CVR na bhfeithiclí i gcomparáid le, mar shampla, feithicil a thugtar isteach le haghaidh tástáil dheonach seachtain amháin roimh an Tástáil CVR bhliantúil nuair is dócha go bhfuil sé ina tháscaire ar réamhthástáil dhiagnóiseach.

​Tabhair faoi deara le do thoil nach gcuirtear ach tástálacha deonacha san áireamh a dhéantar ar HCVanna sa mheasúnú rátála riosca.

Ní chuirtear tástáil dheonach ar LCVanna san áireamh ach meastar gur dea-chleachtas é tástáil dheonach a dhéanamh ar LCV agus is féidir é a úsáid chun cur le córas cothabhála LCVanna na nOibreoirí.

Tá dhá chineál éagsúla tástálacha deonacha​ ar fáil ag ionaid tástála CVR.


D’fhéadfadh roghanna tástála deonacha éagsúla a bheith oiriúnach d’oibreoirí éagsúla ag brath ar na córais chothabhála nó na cineálacha saoráidí atá ag oibreoirí saoráidí go hinmheánach agus is féidir ceachtar ceann den dá thástáil dheonach a úsáid mar thástáil bhreise chomh maith le do thástáil CVR bhliantúil. 

Ní ceanglas é tástáil dheonach chun rátáil riosca ródacmhainneachta “Glas” a shannadh d’oibreoir agus, ní chiallóidh tástáil dheonach, as féin, go sannfar stádas rátála riosca “Glas” go huathoibríoch d’Oibreoir. Spreagann an RSA tástáil dheonach, áfach, mar go léiríonn sé go bhfuil oibreoir ag déanamh seiceálacha breise ar a bhfeithiclí le linn na bliana. Cuideoidh tástáil dheonach, in éineacht le torthaí maithe cigireachta agus leibhéil mhaithe um chomhlíonadh i réimsí eile ródacmhainneachta, leat do rátáil riosca a fheabhsú.
 

Nóta Tábhachtach:

Is é an minicíocht agus an t-am a dhéanfar aon tástáil dheonach ar fheithiclí HCV a chuirtear san áireamh maidir le rátáil riosca oibreora seachas toradh na tástála deonaí nó aon lochtanna a bheadh aimsithe.

Faigh tuilleadh eolais maidir le feabhas a chur ar do chomhlíonadh um shábháilteacht ar bhóithre agus maidir le bail ródacmhainneach a choinneáil ar d’fheithiclí trí chuairt a thabhairt ar ár gcuid Oibleagáidí Oibreoirí agus Tiománaithe. 

Cé chomh minic agus a dhéantar rátálacha riosca a nuashonrú.

Déantar rátálacha riosca uile an oibreora a athríomh gach deireadh seachtaine.

Leis sin

  • is féidir teagmhais nua (amhail cigireachtaí nó tástálacha bliantúla) a chuimsiú i ríomhanna riosca.
  • is féidir teagmhais níos sine a chur as an áireamh ón rátáil riosca
  • is féidir nuashonraithe a dhéanamh ina gclúdaítear fianaise ar ghníomhaíochtaí um chomhlíonanh (amhail féindearbhú a chur i gcrích)
  • is féidir rátáil riosca a shannadh d’oibreoirí nua-chláraithe

Beidh do rátáil fós mar a chéile, de ghnáth, mura bhfuil féindearbhú déanta agat nó má tá teagmhais nua agat nó má aistríodh roinnt teagmhas níos sine lasmuigh den tréimhse rollach 3 bliana.

Nuair a bheidh rochtain agat chun do rátáil a fheiceáil ó do chuntas ar líne beidh tú ábalta aon teagmhais nua a fheiceáil go héasca agus cén tionchar, más ann dóibh, a bhí acu ar do rátáil riosca. 

Má cheapann tú go bhfuil do rátáil riosca mícheart

Is féidir aiseolas ar aon bhotúin nó easnaimh a d’fhéadfadh a bheith i do rátáil riosca a sheoladh chugainn trí ríomhphost ag cvori@rsa.ie nó glaoch a chur ar dheasc chabhrach CoVIS ar 091 480 981 ionas gur féidir linn athbhreithniú a dhéanamh orthu agus iad a cheartú más gá. 

Cuir an t-eolas seo a leanas isteach le do thoil in aon chomhfhreagras linn agus/nó bíodh an t-eolas seo a leanas faoi réir agat roimh ghlaoch a chur:

Uimhir do chuntais CVRT - gheobhaidh tú an uimhir seo ag an gcúinne ar dheis ar bharr an leathanaigh nuair a logálann tú isteach i do chuntas CVRT ar líne – tosaíonn sé le “OP_”

Sonraí faoi leith maidir leis an botún nó an easnamh – lena n-áirítear an oiread eolais agus is féidir leat mar shampla cláruimhir, dátaí nó amanna agus mar sin de.

NÓTA: Sa chás go ndearnadh cigireacht cois bóthair nó cigireacht ar an áitreabh, míneoidh an t-oifigeach forfheidhmithe na torthaí duitse nó do do thiománaí. Bunaítear torthaí na cigireachta ar fhianaise a fuarthas ar an lá agus a thaifeadadh amhlaidh. Má thugann tú faoi deara go bhfuil neamhréireacht idir do thaifead RSA agus na torthaí a eisíodh chugat ar lá na cigireachta ba chóir é sin a thuairisciú do enforcement@rsa.ie. Tabhair cuairt ar ár leathanach ‘déan teagmháil linn’ le haghaidh próiseas maidir le haon achomharc nó gearán faoi thoradh tástála feithicle tráchtála. 

Cad é an Reachtaíocht AE agus Náisiúnta a thacaíonn le Rátáil Riosca?

  • ​​​​​​​​​​​Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif agus Ceadúnú Oibreora - Treoir 2006/22 agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Seiceálacha ar Ghníomhaíochtaí Iompair de Bhóthar) 2007.
  • Ródacmhainneacht - Alt 39, An tAcht fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 agus TREOIR 2014/47/AE maidir le cigireacht theicniúil cois bóthair ar ródacmhainneacht feithiclí tráchtála

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!