Veaineanna & Jípeanna

Má tá veain nó jíp agat (feithiclí earraí beaga a bhfuil meáchan 3,500 kg nó níos lú iontu), beidh tástáil Feithicle Tráchtála Éadroma (LCV) uait gach bliain chun do CRW a athnuachan.

Fiú mura n-úsáideann tú do veain nó do jíp ar bhonn tráchtála, fiú má ghearrtar cáin air go príobháideach, beidh ort fós tástáil LCV a fháil, ní NCT.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas nó Cárta Seirbhísí Poiblí bailí ag an ionad tástála.

Cuir do thástáil in áirithe anois

Má tá tástáil curtha in áirithe agat cheana agus gur mhaith leat féachaint ar na sonraí, an áirithint tástála a athrú nó a chur ar ceal, téigh chuig leathanach logála isteach na dtástálacha réamh-áirithinte..

Déan eagarthóireacht ar áirithint nó cuir ar ceal í.

Beidh ort an chláruimhir agus an Aitheantas áirithinte a chur isteach a bhaineann le do thástáil. Is féidir an Aitheantas Áirithinte a fháil ar an ríomhphost um iarratas áirithinte a eisíodh chugat nuair a chuir tú d’iarratas áirithinte isteach.

Cuir do Thástáil in áirithe anois

Is é cothrom lae chéad chlárú d’fheithicle an dáta a bhfuil do thástáil LCV bhliantúil dlite.

Is féidir do thástáil(acha) a chur in áirithe agus a bhainistiú ar líne. Seo mar a dhéantar é:

Ar dtús, logáil isteach ar ár gcóras ar líne  – níl uait ach do chláruimhir fheithicle agus an chéad dáta clárúcháin nó na 4 dhigit dheireanacha den uimhir VIN (uimhir fonnaidh)
  • Ansin cuir sonraí d’fheithicle isteach
  • Roghnaigh ionad tástála atá oiriúnach.
  • Ansin déan do thástáil LCV a sceidealú.
  • Má tá na háiseanna ag an ionad tástála chuige sin, íoc as an tástáil, íocaíocht a rachaidh caol díreach chuig an ionad tástála. Tá sé seo roghnach agus is féidir íoc ag an ionad tástála más maith leat.
  • Gheobhaidh tú deimhniú nuair a bheidh an t-iarratas áirithinte faighte - TABHAIR FAOI DEARA - ní dearbhú áirithinte é seo
  • Beidh d’ionad tástála roghnaithe i dteagmháil leat chun d’áirithint a dheimhniú nó chun am níos caoithiúla a shocrú.

Cuimhnigh! - Ní mór don duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála

Glacaimid le VISA agus Mastercard. Tabhair faoi deara le do thoil, ní ghlacaimid le cártaí American Express nó Diners Club

Visa Mastercard_small.jpg

Cuir do thástáil in áirithe anois

Próiseas na Tástála
Tugann custaiméirí an fheithicil isteach chuig an ionad tástála CVRT a roghnaigh siad. Ní mór don duine a thugann an Fheithicil isteach Aitheantas I.D.Láithreora a thaispeáint anois i bhfoirm ceadúnas tiomána bailí nó pas. Mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moill a bheith ann maidir le Deimhniú Ródacmhainneachta a eisiúint. Maireann tástálacha idir 30 agus 60 nóiméad. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT.

Tar éis na tástála, eiseoidh an t-ionad tuarascáil pas nó teipe, ag brath ar thoradh na tástála.

Má éiríonn leis an bhfeithicil,cuirtear Deimhniú Ródacmhainneachta go huathoibríoch sa phost chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéanfar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus atá inrochtana le linn an CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

IMá theipeann ar fheithicil agus má fhilleann sí le haghaidh tástála laistigh de 21 lá agus má tá níos lú ná 4,000km taistealta aici ó cuireadh faoi thástáil an uair dheireanach í, ní gá don fheithicil sin an tástáil iomlán a dhéanamh arís. Ina ionad sin, ní dhéantar é a thástáil ach amháin ar na pointí teipe ón gcéad tástáil.

Ba cheart an Deimhniú Ródacmhainneachta a chur ar taispeáint ar an bhfeithicil.  Tá sé mar choinníoll ó thaobh cáin a ghearradh ar fheithicil atá os cionn bliana d’aois go bhfuil CRW bailí aici.  

Ag Ullmhú le haghaidh do Thástáil CVR

Ullmhaigh don tástáil le do thoil trína chinntiú:

  1. Déan seiceáil ar inneall d’fheithicle le cinntiú go bhfuil sé líonta suas le hola agus uisce chomh maith le neart uisce sa niteoir gaothscátha.
  2. Déan cinnte go bhfuil na suíocháin agus an limistéar lasta saor ó nithe pearsanta amhail feisteáin uirlisí agus gur féidir teacht go héasca ar an limistéar lasta d’fhonn codanna áirithe den tástáil a dhéanamh.
  3. Tá an fheithicil cuíosach glan (go háirithe faoin gcabhail).
  4. Féach chuige go bhfuil na caipíní mol bainte de na rothaí (go háirithe mura féidir na cnónna rotha a sheiceáil in aon slí eile) agus teanntar na boinn go dtí an brú ceart.
  5. Tá an t-inneall i staid oiriúnach le tástáil a dhéanamh air e.g. tá crios/slabhra comhuainiúcháin curtha isteach de réir threoir do dhéantóra. Seans go n-iarrfar ort séanadh a shíniú ag an ionad tástála a roghnaigh tú.
  6.  Déan seiceáil ar na criosanna/búclaí sábhála le cinntiú gur féidir iad a fheiceáil agus go bhfuil siad ag obair i gceart. I gcás busanna agus feithiclí paisinéirí eile ba chóir duit a chinntiú go seiceálann tú criosanna agus búclaí sábhála le haghaidh gach suíochán paisinéara. 
  7. Tá do phlátaí clárúcháin glan agus cloíonn siad le rialacháin reatha. 
  8.  Déan cinnte go bhfuil aitheantas i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas ag an duine a thugann an fheithicil isteach lena hiniúchadh mar, sa chás go n-éireoidh leis an bhfeithicil sa tástáil, ní eiseofar ráiteas pas agus CRW don fheithicil gan an t-aitheantas riachtanach a thaispeáint.
  9.  Cinntigh go bhfuil léamh “normal” ar tháscaire teochta d’fheithicle sula sroicheann tú an ionad tástála le haghaidh iniúchta.
Nithe Eile:
  • Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcáipéisí páipéir atá de dhíth le tamall anuas, ná déan dearmad go bhfuil seans fós ann go mbeidh ort cáipéisíocht a thabhairt leat i gcásanna áirithe, amhail tuarascálacha modhnuithe má athraíodh d’fheithicil nó Foirmeacha Dearbhaithe Crios Sábhála (de réir mar is gá le haghaidh feithiclí do phaisinéirí) Nod mór don Eolach!: An raibh a fhios agat gur féidir leat leaganacha scanta de cháipéísí a uaslódáil trí do chuntas ar líne ag cvrt.ie
  • Ba chóir duit a chinntiú go mbainfidh tú aon earraí luachmhara/pearsanta as an bhfeithicil roimh an tástáil CVR
  • Ba chóir duit a chinntiú go dtabharfaidh tú do tháille tástála leat (Féach liosta iomlán na dtáillí tástála )  mar beidh ort íoc roimh do thástáil.
  • Chun a chinntiú nach gcaillfidh tú do choinne, molaimid go bhféachfaidh tú chuige go mbainfidh tú an t-ionad tástála CVR atá roghnaithe agat amach le ‘seiceáil isteach’ a dhéanamh 10 nóiméad roimh an am atá sannta duit.

Mura dtugtar aird ar na nithe thuas, is mó seans go dteipfidh ar d’fheithicil sa tástáil, nó go deimhin, nach mbeidh d’ionad tástála CVR in ann d’fheithicil a thástáil agus go mbeidh ort filleadh lá éigin eile dá bharr. 

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Cuir do thástáil in áirithe anois

Is é an táille chun LCV a thástáil, an costas don CRW san áireamh, ná €94.86+CBL

Cuir do Thástáil in áirithe anois

Má éiríonn le d’fheithicil sa tástáil, tabharfaidh an t-ionad tástála ráiteas pas duit. Ansin cuirtear an Deimhniú Ródacmhainneachta sa phost chuig an úinéir cláraithe. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéanfar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus atá inrochtana nuair a chuirtear feithicil faoi thástáil CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

Ní gá duit a thuilleadh cuairt a thabhairt ar d’oifig mótarchánach chun do CRW a fháil.
 

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála - mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moilleanna a bheith i gceist ó thaobh an CRW a eisiúint.

Cuir do thástáil in áirithe anois

Má theipeann ar d’fheithicil, beidh ort dul faoi thástáil arís. Caithfidh tú an atástáil a chur in áirithe leis an Ionad Tástála a rinne an chéad thástáil. Má shocraíonn tú ar d’fheithicil a thástáil in Ionad Tástála eile ar leith, níl aon dul as agat ach an fheithicil a chur faoi thástáil iomlán ar phraghas tástála iomlán ag an ionad sin.

Costas & nós imeachta na hatástála

Má fhilleann tú don atástáil laistigh de 21 lá agus tá níos lú ná 4,000 ciliméadar ag d’fheithicil ó rinneadh tástáil uirthi an uair dheireanach:
 

  • ní gá don fheithicil an tástáil iomlán a dhéanamh arís; in áit sin, is ar na pointí teipe amháin ón gcéad tástáil a dhéantar tástáil uirthi an uair seo.
  • Tá amhairc-atástáil saor in aisce, ach tá táille €35.43+CBL ar atástáil a chaithfear a dhéanamh ar lána tástála.
  • Ba cheart duit na codanna den fheithicil ar theip orthu sa tástáil a dheisiú láithreach bonn agus an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh atástála chomh luath agus is féidir.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Cuir do thástáil in áirithe anois

​Ó 20 Bealtaine 2018 seans go bhfaighidh tú tuairisc tástála ó d’ionad tástála CVR a thaispeánfaidh gurb é toradh na tástála ná ‘Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh’. 

Ciallaíonn sé seo nach bhfuair an tIonad Tástála CVR ach lochtanna beaga le linn dóibh d’fheithicil a chur faoi thástáil. Is é sin, nár aimsíodh aon locht mór nó contúirteach. Sa chás gur mioneasnaimh (lochtanna) amháin a aimsíodh ní gá d’fheithicil a chur faoi thástáil arís. Mar sin féin, caithfidh tú filleadh ar an ionad tástála CVR ina ndearnadh an tástáil bhunaidh le taispeáint go bhfuil na lochtanna beaga deisithe agat. Níl aon teorainn ama ann ó thaobh d’fheithicil a thabhairt ar ais le haghaidh an athsheiceáil seo.

Nós imeacht agus costas 

Seo a leanas an nós imeachta sna cásanna seo:

  •  Maidir le do thuairisc bhunaidh tástála agus an toradh ‘Pas tar éis athsheiceáil ar mhioneasnaimh a dhéanamh’, beidh na mioneasnaimh a aimsíodh ar d’fheithicil liostáilte go soiléir uirthi.
  • Ní sheolaimid an CRW chugat – cuirfimid ar athlá é. 
  • Caithfidh tú na mioneasnaimh a chur i gceart.
  •  Caithfidh tú filleadh le d’fheithicil chuig an ionad tástála ina ndearnadh an bhuntástáil CVR le gur féidir d’fheithicil a athsheiceáil agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil na mioneasnaimh réitithe. 
  • Nuair a dheimhníonn an tástálaí CVR go bhfuil na mioneasnaimh curtha ina gceart, tabharfaimid ráiteas pas duit agus seolfaimid an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle faoi láthair. 

Toisc nach atástáil í seo, níl aon srian ama nó míleáiste ann maidir le cathain is gá duit d’fheithicil a thabhairt ar ais chuig an ionad tástála.

Cuir do thástáil in áirithe anois

Má leanann tú na céimeanna simplí seo, is féidir brath ar d’fheithicil earraí, do leantóir agus do bhus i gcónaí agus í ródacmhainneach fad is atá do dhualgais féin á gcomhlíonadh agat:

  • Tabhair freagracht iomlán do dhuine éigin i d'eagraíocht as a chinntiú go bhfuil d'fheithiclí ródacmhainneach.
  • Bí cinnte go ndéanann do thiománaithe seiceáil timshiúil ar a gcuid feithiclí gach lá. Is féidir na bileoga seiceála our Van and LCV Walkaround Checksheet.pdf a íoslódáil agus Van and LCV Driver Poster.pdf chun cabhrú leat do sheiceálacha timshiúil féin a fhorbairt.  
  • Déan easnaimh a dheisiú i do chlós féin sula dtéann feithiclí amach ar an mbóthar.
  • Cuir clár cothabhála éifeachtach i bhfeidhm. Seo Sceideal Cothabhála Pleanáilte Samplach.xls go bhféadfá leas a bhaint as.
  • Coinnigh súil ar chothabháil, easnaimh agus deisiúcháin gach feithicle.
  • Déan cinnte go bhfuil na háiseanna agus an saineolais agat chun cothabháil a dhéanamh ar do chuid feithiclí agus iad a dheisiú.
  • Déan cinnte go bhfuil oiliúint maidir lena gcuid dualgas faighte ag gach ball foirne a bhfuil baint acu le ródacmhainneacht feithiclí agus go bhfuil a gcuid freagrachtaí ar eolas acu

Le haghaidh a thuilleadh treorach tabhair cuairt ar ár leathanach gréasáin ar chothabháil agus deisiúcháin feithiclí and taifid a choinneáil.. Gheobhaidh tú eolas freisin maidir le d’fheithiclí a chothabháil inár d Treoir faoi conas d’fheithicil tráchtála a choimeád ródacmhainneach.pdf

Cuir do thástáil in áirithe anois

​​Is cuma más cáin ‘tráchtála’ nó ‘phríobháideach’ a ngearrtar uirthi, caithfidh gach LCV pas a fháil i dtástáil ródacmhainneachta feithicle tráchtála (CVRT) bliain amháin tar éis í a chlárú den chéad uair agus gach bliain as sin amach. Ní gá feithiclí earraí a chur faoi Thástáil Náisiúnta Gluaisteán (NCT).

Níl aon tionchar ag catagóir mótarchánach feithicle ar an gcaoi a gcaithfear an fheithicil a thástáil.

I gcomhthéacs feithicil a chur faoi thástáil, sainmhínítear feithicil earraí mar “feithicil atá déanta nó curtha in oiriúint d’earraí a iompar go príomha nó chun ualach de chineál ar bith a iompar, is cuma má úsáidtear é chuige sin nó nach n-úsáidtear” Áirítear leis seo feithiclí amhail carr veaineanna agus feithiclí 4x4 atá athraithe chun earraí a iompar.

Caithfidh otharchairr, busanna agus mionbhusanna (feithiclí paisinéirí le níos mó ná ocht suíochán gan suíochán an tiománaí san áireamh), leantóirí earraí (os cionn 3.500kg d’Ollmheáchan Ceaptha Feithicle) agus gach Feithicil Earraí Troma (HGV) agus Feithicil Earraí Éadroma (LGV) pas a fháil i dtástáil ródacmhainneachta bliain ar aghaidh ón gcéad uair a ndearnadh é a chlárú agus dul faoi thástáil gach bliain as sin amach.

Is féidir meabhrúchán a fháil maidir le cathain a bheidh d’fheithicil le tástáil trí leas a bhaint as ár seiceálaí dáta éaga CRW ar líne..

Cuir do thástáil in áirithe anois

Chat to Chris!