Busanna & Otharchairr

​​Is é cothrom lae chéad chlárú d’fheithicle an dáta a bhfuil do thástáil HCV bhliantúil dlite.

Is  iomaí ionad CVRT atá ann a dhéanann busanna agus otharchairr a thástáil. Is féidir do thástáil a chur in áirithe ar líne. Seo chugat treoir mhear ar conas é sin a dhéanamh:

  1. Más oibritheoir bus thú, cláraigh ar Thairseach Oibritheora CVRT, ár gcóras ar líne
  2. Ansin, logáil isteach ar Thairseach Oibritheora CVRT  trí leas a bhaint as an ainm úsáideora agus an pasfhocal a shocraigh tú le linn duit clárú.
  3. Tar éis logáil isteach duit, feicfidh tú cathain a bheidh do chuid feithiclí le cur faoi thástáil.
  4. Más otharcharr atá i gceist, tá sé chomh maith duit do thástáil a chur in áirithe ar líne.

Roghnaigh ‘Cuir tástáil in áirithe’ agus ansin ní bheidh ach cúpla céim éasca idir tú féin agus do thástáil a chur in áirithe:

  • Déan sonraí d’fheithicle(feithiclí) a dheimhniú
  • Roghnaigh ionad tástála agus sceidealaigh do thástáil (thástálacha)
  • Déan íocaíocht (má tá an t-ionad sin curtha in oiriúint do mhodh íocaíochta mar sin) nó b’fhéidir go mb’fhearr duit íoc as ag an ionad tástála.
  • Beimid i dteagmháil leat le cur in iúl duit go bhfuaireamar iarratas áirithinte.
  • Rachaidh d’ionad tástála i dteagmháil leat ansin chun do thástáil a dheimhniú.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas nó Cárta Seirbhísí Poiblí bailí ag an ionad tástála.

Glacaimid le cártaí Visa agus Mastercard. Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacaimid le cártaí American Express nó Diners Club

Visa Mastercard_small.jpg

Clárú nó Logáil Isteach

​Má éiríonn le d’fheithicil sa tástáil CVR, tabharfaidh an t-ionad tástála ráiteas pas duit. Ansin gheobhaidh tú do Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW) sa phost. Rachaidh an CRW chuig úinéir cláraithe na feithicle.

Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéanfar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus atá inrochtana nuair a chuirtear feithicil faoi thástáil CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála  I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála - mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moilleanna a bheith i gceist ó thaobh an CRW a eisiúint.

Clárú nó Logáil Isteach

​​Braitheann an táille ar thástáil ar bhus ar mhéid agus ar mheáchán an bhus.

​Meáchan na Feithicle ​Táille
​Feithiclí inneall-ghluaiste a úsáidtear chun paisinéirí a iompar agus níos mó ná 8 suíochán acu ach níos lú ná 14 suíochán, gan suíochán an tiománaí a áireamh. ​Táille ar thástáil agus CRW = €198.00
​Feithiclí inneall-ghluaiste a úsáidtear chun paisinéirí a iompar agus níos mó ná 14 suíochán, gan suíochán an tiománaí a áireamh. ​Táille ar thástáil agus CRW = €200.00
Le haghaidh Otharchairr €145.00​

 Tá na táillí go léir a luadh faoi réir CBL

Clárú nó Logáil Isteach

Má theipeann ar d’fheithicil, beidh ort dul faoi thástáil arís. Caithfidh tú an atástáil a chur in áirithe leis an Ionad Tástála a rinne an chéad thástáil. Má shocraíonn tú ar d’fheithicil a thástáil in Ionad Tástála eile ar leith, níl aon dul as agat ach an fheithicil a chur faoi thástáil iomlán ar phraghas tástála iomlán ag an ionad sin.

Costas & nós imeachta na hatástála

Má fhilleann tú don atástáil laistigh de 21 lá agus tá níos lú ná 4,000 ciliméadar ag d’fheithicil ó rinneadh tástáil uirthi an uair dheireanach:

  • ní gá don fheithicil an tástáil iomlán a dhéanamh arís; in áit sin, is ar na pointí teipe amháin ón gcéad tástáil a dhéantar tástáil uirthi an uair seo.
  • Tá amhairc-atástáil saor in aisce, ach tá táille ag baint le atástáil a chaithfear a dhéanamh ar lána tástála, féach ar an tábla thíos le haghaidh na dtáillí atástála le do thoil.
  • Ba cheart duit na codanna den fheithicil ar theip orthu sa tástáil a dheisiú láithreach bonn agus an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh atástála chomh luath agus is féidir.
​​Meáchan na Feithicle ​Táille
​​​Feithiclí inneall-ghluaiste a úsáidtear chun paisinéirí a iompar agus níos mó ná 8 suíochán acu ach níos lú ná 14 suíochán, gan suíochán an tiománaí a áireamh. ​​Táille ar thástáil agus CRW = €73.83
​Feithiclí inneall-ghluaiste a úsáidtear chun paisinéirí a iompar agus níos mó ná 14 suíochán, gan suíochán an tiománaí a áireamh. ​Táille ar thástáil agus CRW = €73.83
Le haghaidh Otharchairr €47.26​

 Tá na táillí go léir a luadh faoi réir CBL

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Clárú nó Logáil Isteach

Próiseas na Tástála Tugann

custaiméirí an fheithicil isteach chuig an ionad tástála CVRT a roghnaigh siad. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála  I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas bailí. Mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moill a bheith ann maidir le Deimhniú Ródacmhainneachta a eisiúint.

Maireann tástálacha idir 45 agus 120 nóiméad ag brath ar cén sórt feithicle atá á cur faoi thástáil agus líon na n-acastóirí atá aici. Ní dhéanfar measúnú ach ar na comhpháirteanna atá sofheicthe agus éasca teacht orthu le linn d’fheithicil dul faoi CVRT

I ndiaidh na tástála, eisíonn an t-ionad tuairisc pas nó teipe. Má éiríonn leis an bhfeithicil, cuirtear Deimhniú Ródacmhainneachta go huathoibríoch sa phost chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

Má theipeann ar fheithicil agus má fhilleann sí le haghaidh tástála laistigh de 21 lá agus má tá níos lú ná 4,000km taistealta aici ó cuireadh faoi thástáil an uair dheireanach í, ní gá don fheithicil sin an tástáil iomlán a dhéanamh arís. Ina ionad sin, ní dhéantar é a thástáil ach amháin ar na pointí teipe ón gcéad tástáil.

Ba cheart an Deimhniú Ródacmhainneachta a chur ar taispeáint ar an bhfeithicil. Má tá feithicil os cionn bliana d’aois, ní féidir cáin a ghearradh uirthi gan Deimhniú Ródacmhainneachta bailí a bheith aici.

Ag Ullmhú le haghaidh do Thástáil CVR

Le bheith ullmhú do do thástáil bí cinnte na rudaí seo a dhéanamh:

  1. Déan seiceáil ar inneall d’fheithicle le cinntiú go bhfuil sé líonta suas le hola agus uisce chomh maith le neart uisce sa niteoir gaothscátha.
  2. Déan cinnte go bhfuil na suíocháin agus an limistéar lasta saor ó nithe pearsanta amhail feisteáin uirlisí agus gur féidir teacht go héasca ar an limistéar lasta d’fhonn codanna áirithe den tástáil a dhéanamh.
  3. Tá an fheithicil cuíosach glan (go háirithe faoin gcabhail).
  4. Féach chuige go bhfuil na caipíní mol bainte de na rothaí (go háirithe mura féidir na cnónna rotha a sheiceáil in aon slí eile) agus teanntar na boinn go dtí an brú ceart.
  5. Tá an t-inneall i staid oiriúnach le tástáil a dhéanamh air e.g. tá crios/slabhra comhuainiúcháin curtha isteach de réir threoir do dhéantóra. Seans go n-iarrfar ort séanadh a shíniú ag an ionad tástála a roghnaigh tú.
  6. Déan na criosanna/búclaí sábhála a sheiceáil le cinntiú gur féidir iad a fheiceáil agus go bhfuil siad ag obair i gceart. I gcás busanna agus feithiclí paisinéirí eile ba cheart seiceáil a dhéanamh ar chriosanna agus ar bhúclaí le haghaidh gach suíochán paisinéara.
  7. Tá do phlátaí clárúcháin glan agus cloíonn siad le rialacháin reatha.
  8. Déan cinnte go bhfuil aitheantas i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas ag an duine a thugann an fheithicil isteach lena hiniúchadh mar, sa chás go n-éireoidh leis an bhfeithicil sa tástáil, ní eiseofar ráiteas pas agus CRW don fheithicil gan an t-aitheantas riachtanach a thaispeáint.
  9. Cinntigh go bhfuil léamh “normal” ar tháscaire teochta d’fheithicle sula sroicheann tú an ionad tástála le haghaidh iniúchta.

Nithe Eile:

  • Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcáipéisí páipéir atá de dhíth le tamall anuas, ná déan dearmad go bhfuil seans fós ann go mbeidh ort cáipéisíocht a thabhairt leat i gcásanna áirithe, amhail tuarascálacha modhnuithe má athraíodh d’fheithicil nó Foirmeacha Dearbhaithe Crios Sábhála (de réir mar is gá le haghaidh feithiclí do phaisinéirí) Nod mór don Eolach!: An bhfuil a fhios agat gur féidir leaganacha scanta de cháipéisí a uaslódáil anois trí do chuntas ar líne ag cvrt.ie
  • Ba chóir duit a chinntiú go mbainfidh tú aon earraí luachmhara/pearsanta as an bhfeithicil roimh an tástáil CVR
  • Ba chóir duit a chinntiú go dtabharfaidh tú do tháille tástála leat (Féach liosta iomlán na dtáillí tástála) mar beidh ort íoc roimh do thástáil.
  • Chun a chinntiú nach gcaillfidh tú do choinne, molaimid go bhféachfaidh tú chuige go mbainfidh tú an t-ionad tástála CVR atá roghnaithe agat amach le ‘seiceáil isteach’ a dhéanamh 10 nóiméad roimh an am atá sannta duit.

Mura dtugtar aird ar na nithe thuas, is mó seans go dteipfidh ar d’fheithicil sa tástáil, nó go deimhin, nach mbeidh d’ionad tástála CVR in ann d’fheithicil a thástáil agus go mbeidh ort filleadh lá éigin eile dá bharr.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála   I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Clárú nó Logáil Isteach

Má ullmhaíonn tú le haghaidh do thástála tá seans níos mó ann go n-éireoidh le do chuid feithiclí sa CVRT agus go mbeidh siad ar ais ar an mbóthar gan a thuilleadh moille.

Tá dhá rud gur féidir leat a dhéanamh le bheith réidh do do thástáil HGV.

1. Déan nós de sheiceáil a dhéanamh go laethúil

a) trí struchtúir eagraíochtúlá:

  • Leag an dualgas ar dhuine éigin i d'eagraíocht deimhin a dhéanamh de go bhfuil d'fheithiclí go léi ródacmhainneach.
  • Cuir clár cothabhála ar bun
  • Coinnigh súil ar chothabháil, easnaimh agus deisiúcháin gach feithicle.

b) trí ghnáthamh a chothú

  • Bí cinnte go ndéanann do thiománaithe seiceáil timshiúil ar a gcuid feithiclí gach lá.
  • Déan easnaimh a dheisiú i do chlós féin sula dtéann feithiclí amach ar an mbóthar.

c) trí dhaoine agus trí shaineolas

  • Déan cinnte go bhfuil na háiseanna agat chun cothabháil a dhéanamh ar do chuid feithiclí agus iad a dheisiú.
  • Cinntigh go gach ball foirne oilte agus go bhfuil a gcuid dualgas ar eolas acu.

2. Déan sceideal, coinnigh taifead

Tá sceidealú éasca go leor nuair atá taifead de chothabháil atá beartaithe agus atá déanta. Féadfaidh tú ár gcóras ríomhchuidithe a úsáid, agus mionathrú a dhéanamh ar ár sceideal samplach.

Tá níos mó i gceist ná díreach a bheith ullamh do do thástáil, trí ghnáthaimh agus sceidil a chur ar bun is féidir a chinntiú nach dtarlaíonn cliseadh ach go hannamh chomh maith le d’fheithicil nó do fhlít a choimeád sa tsiúl gan mórán ama a chur amú le linn dóibh a bheith as feidhm.

Clárú nó Logáil Isteach

Chat to Chris!