Tá táillí éagsúla i gceist ag brath ar cén cineál feithicle atá agat. Leagtar amach na táillí ábhartha sa tábla thíos
Cineál Feithicle | Táillí |
---|---|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
|
Ex VAT. |
Tabhair faoi deara le do thoil go bhfuil gné tobhaigh nach bhfuil faoi réir CBL san áireamh sa táille iomlán tástála.
Tá sonraí na dtáillí tástála go léir forordaithe san Ionstraim Reachtúil (S.I.) I.R 513 de 2023 (PDF)
Tá amhairc-atástáil saor in aisce, ach tá táille mar a leagtar amach thuas ar atástáil a chaithfear a dhéanamh ar lána tástála.
Ní mór na hatástálacha go léir a dhéanamh laistigh de 21 lá féilire agus laistigh de 4,000 km ón gcéad thástáil nó beidh ort an tástáil iomlán a dhéanamh arís.
Ba cheart duit na codanna den fheithicil ar theip orthu sa tástáil a dheisiú láithreach bonn agus an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh atástála chomh luath agus is féidir.
Níl aon táille ar athsheiceáil más feitheamh athsheiceáil ar mhion-easnaimh a fuair d’fheithicil mar thoradh tástála.
Ina theannta sin níl aon riail 21 lá nó 4,000 km i gceist chun an athsheiceáil a chríochnú. Mar sin féin, molaimid go ndéanfaí gach mioneasnamh a cheartú agus a athsheiceáil ag an ionad tástála chomh luath agus is féidir.
Ní féidir linn CRW a sheoladh amach go dtí go ndeimhníonn an t-ionad tástála gur ceartaíodh na mioneasnaimh.
Cuimsíonn an táille tástála na nithe seo a leanas:
Cuidíonn an Tobhach um Shábháilteacht ar Bhóithre le clár athchóirithe CVR a mhaoiniú a bhfuil sé mar aidhm aige ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte do chách.
Tá an próiseas athchóirithe á fhorbairt ó 2007 i leith agus níor tháinig aon ardú ar tháillí ó shin i leith. Mhaoinigh an RSA an infheistíocht chaipitiúil roimh ré sa chóras le nach dtiocfadh na harduithe táillí i bhfeidhm ach ón am a mbainfidh daoine tairbhe as feabhsúcháin sa chóras.
Séard a chuir tús le hathchóirithe CVR ná na himbhuailtí i mBaile an Cheantaigh agus sa Chlóirtheach inar maraíodh roinnt páistí go tubaisteach tráth a raibh imní mhór faoi chaighdeán ár bhfeithiclí tráchtála sa bhaile agus thar lear.
Tá leas á bhaint as an tobhach chun roinnt athchóirithe a mhaoiniú a thacaíonn le hoibreoirí a bhfuil a gcuid freagrachtaí faoin dlí á gcomhlíonadh acu lena n-áirítear :
Tríd is tríd, tá sé mar aidhm ag an gcóras:
Ní ghearrtar aon CBL ar an sciar den táille a chuirtear ar aghaidh chuig an RSA (i.e. an tobhach um shábháilteacht ar bhóithre).
Tá an costas CRW a d’íoc úinéirí feithiclí leis an oifig mhótarchánach san áireamh anois sna táillí tástála thuas agus seolfar an deimhniú CRW agus diosca inscortha go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe reatha na feithicle.
Má tá a thuilleadh eolais uait faoi Thástáil Feithiclí Tráchtála téigh i dteagmháil linn ag cvrtadmin@rsa.ie