Lámhleabhair maidir le Tástáil CVR - Rud Nua!

Tiocfaidh leaganacha nua de lámhleabhair d’Fheithiclí Troma Tráchtála (HCV) agus d’Fheithiclí Tráchtála Éadrom (LCV) i bhfeidhm an 15 Eanáir 2020 agus nuashonraíodh an Córas Faisnéise Feithiclí Tráchtála (CoVIS) dá réir chun na hathruithe seo a thabhairt san áireamh. Is féidir teacht ar chóipeanna de na lámhleabhair do thástálaithe ag na naisc thíos.

Lámhleabhar do Thástálaithe HCV Leagan 5.1 (Eanáir 2020​)​) (PDF)​​​​ 

Lámhleabhar do Thástálaithe LCV Leagan 5.1 (Eanáir 2020​​) (PDF)​​​​​​​​

Lámhleabhar do Thástálaithe Tarracóra Leagan 1.0 (Bealtaine 2018) (PDF)​

 Faigh amach tuilleadh faoi na hathruithe seo thíos. 

Tá roinnt mionathruithe ar fhoclaíocht sa Mhodh Tástála, Nótaí agus Cúiseanna Teipe (RFF) sa nuashonrú seo.

  • Mír 3.2. (Riocht na Gloine)  Lámhleabhair LCV agus HCV, téacs nuashonraithe chun braiteoir/ceamara d’ardchóras Tiománaí-Chuidithe (ADAS) sa ghaothscáth tosaigh a thabhairt san áireamh chomh maith le nuashonrú a dhéanamh ar na teorainneacha inghlactha do Chrios C. 
  • Mír 5.2.3. (Boinn) Lámhleabhar HCV, tá ualach bonn bónais 10% mar chuid de anois a bhainfidh le feithiclí de chatagóir áirithe nár ceadmhach dóibh dul os cionn 65 km/h agus rátáil luais na mbonn de ‘G’ nó níos airde. D’fhéadfadh meáchain plátáilte a úsáid le haghaidh innéacs ualach na mbonn a bheith i bhfeidhm mar rogha freisin.
  • Mír 6.1.4. (Tuairteoirí, Cosaint chliathánach agus Fobharraí Cosanta Cúil) Tá siad athainmnithe mar Thuairteoirí agus Barraí Tarbh sa Lámhleabhar anois.
  • Mír 8.3. (Sochtadh ar Thrasnaíocht Leictreamaighnéadach)  Lámhleabhair LCV agus HCV, curtha san áireamh sna leaganacha is déanaí de réir Threoir an AE um Thástáil Ródacmhainneachta 2014/45.
  • Mír 7.9. (tacagraf faofa ag an CE) sa lámhleabhar HCV tá nuashonrú déanta air anois d’fhonn ‘Tacograph Cliste’ a thabhairt san áireamh atá éigeantach ón 15 Meitheamh 2019.
  • Mír 9.4.1. (Suíocháin Paisinéirí) sa lámhleabhar HCV, tá nóta breise curtha isteach ann anois maidir le suíocháin fillte nach gcuireann bac ar aon stangairt nó doras.

Na hAthruithe is Tábhachtaí a Rinneadh ar na Lámhleabhair Tástálaithe - 2018

Tá Treoir ródacmhainneachta nua foilsithe ag an AE, a bhfuil sainordú tugtha d’Éirinn cloí léi. Beidh fíneálacha i gceist má theipeann ar Rialtas na hÉireann í a chomhlíonadh. Tar éis don Treoir nua um Thástáil Ródacmhainneachta an AE a bheith curtha i bhfeidhm, tá an t-údarás tar éis an deis seo a thapú chun roinnt athruithe a dhéanamh ar na lámhleabhair tástálaithe freisin. Is í an fheidhm atá ag lámhleabhar an tástálaí ná feidhmiú mar thagairt agus mar threoir do thástálaithe CVR agus iad i mbun tástálacha CVR a dhéanamh, agus mar sin tá athruithe á dtabhairt isteach lena chinntiú go bhfanann na lámhleabhair ábhartha do theicneolaíochtaí feithiclí nua-aimseartha agus go bhfuil siad éasca le léirmhíniú agus le húsáid.
Tá achoimre ar na príomhathruithe a rinneadh ar na lámhleabhair sa bhliain 2018 tugtha thíos;


Lámhleabhar nua tástálaithe do tugtha isteach Meara  Tharracóirí

Tá lámhleabhar nua á thabhairt isteach  19 Bealtaine 2018, a leagann amach an próiseas atá le leanúint chun tarracóir mear tarracóir laistigh de raon feidhme na tástála (arna shainiú ag S.I. 117 de 2018 (PDF)​.  Cosúil leis an lámhleabhar LCV, tá 9 mír sa lámhleabhar tarracóra nua.

Leagan amach agus struchtúr nua na lámhleabhar tástálaithe HCV agus LCV

  • Tá leaganacha nua de lámhleabhair na dtástálaithe le haghaidh feithiclí tráchtála éadroma agus troma á dtabhairt isteach atá difriúil ó na lámhleabhair tástálaithe a bhí ann roimhe seo ó thaobh leagan amach agus struchtúir de. 
  • Tá athstruchtúrú déanta ar na lámhleabhair tástálaithe nua i gcomhréir leis an Treoir um Ródacmhainneacht ón AE, agus an lámhleabhar a shimpliú trí é a athmhúnlú le go mbeadh níos lú míreanna ann ach iad a bheith níos faide. Bhí 60 agus 71 alt faoi seach i leaganacha roimhe seo de na lámhleabhair LCV agus HCV. Anois cuimsíonn na lámhleabhair nua 9 mír loighciúil a bhaineann le LCV agus 10 mír a bhaineann le HCV.
  • Tá leagan amach an lámhleabhair nua mar seo a leanas (agus lipéid ar mhíreanna a bhaineann go sonrach le HCV).(Íoslódáil i PDF d’fhonn féachaint ar scáileán iomlán
CVR Test Manual Layout

Ábhar na Míreanna

Tá sé mar bhua ag an leagan amach nua go bhfuil na míreanna tástála comhchosúla cruinnithe le chéile in aon áit amháin anois inar féidir leat teacht ar na modhanna tástála, nótaí agus na cúiseanna taobh thiar de theip. Tá Mír 5 de lámhleabhar an tástálaí tugtha thíos mar shampla. (Íoslódáil i PDF d’fhonn féachaint ar scáileán iomlán) 

Section 5 of the Testers Manual as an example

Míniú ar Leagan Amach na Míreanna sa Lámhleabhar 

Tá na míreanna faoi leith de na lámhleabhair tástálaithe uile leagtha amach mar seo a leanas as seo amach

  • ​Modh tástála – Tá na modhanna tástála le fáil anois ag tús gach mír den lámhleabhar. Cinntíonn na modhanna nua tástála maille leis na cúiseanna ábhartha le teip go ndéantar tástáil ar ardchaighdeán agus go comhsheasmhach trí leas a bhaint as an gcleachtas is fearr.
  • Nótaí – Tá feabhas curtha ar ‘Nótaí’ sna lámhleabhair tástálaithe nua a thugann treoir shoiléir ábhartha don tástálaí CVR agus é nó í i mbun feithicle á iniúchadh. Ceapadh na nótaí bunaithe ar cheisteanna coitianta ó thástálaithe chomh maith le forbairtí i dteicneolaíochtaí feithiclí nua-aimseartha.
  • Míreanna a ndéanfar seiceáil orthu & Fáthanna le teip – Tá tábla de mhíreanna le seiceáil, cúiseanna le teip agus cineálacha déine curtha san áireamh anois tar éis na nótaí i ngach mír. Go bunúsach is seicliosta é seo ar féidir leis an tástálaí a chur i bhfeidhm ar na córais agus na comhpháirteanna feithicle ábhartha atá i gceist.

Seo leathanach ón lámhleabhar LCV ar a bhfuil cruth nua. Is féidir leat an íomhá seo a íoslódáil i bhformáid PDF freisin d’fhonn féachaint uirthi ar scáileán iomlán. 

Example page of the new look LCV Manual

Catagóiriú na nEasnamh

Aicmítear Cúiseanna le Teip anois mar mhion (MiD), mór (MaD) nó contúirteach (DD) murab ionann agus an coinbhinsiún ‘X’ a úsáid roimhe seo.
Tá déan cur síos ar na pointí déine thíos.

  • ​Mion-easnamh (MiD); gan aon tionchar suntasach aige ar shábháilteacht na feithicle nó tionchar rómhór aige ar an gcomhshaol agus roinnt mion-neamhchomhlíontaí eile. Mura n-aithnítear ach lochtanna beaga le linn tástála, measfar gur éirigh leis an bhfeithicil ar an mbonn "Athsheiceáil ar Feitheamh". Ní eiseofar an ráiteas pas go dtí go bhfuil an fheithicil curtha i láthair arís le haghaidh amharciniúchta agus na lochtanna curtha ina gceart.
  • Lochtanna móra (MaD); lochtanna a d’fhéadfadh a chur isteach ar shábháilteacht na feithicle, tionchar a bheith acu ar an gcomhshaol, agus úsáideoirí eile bóithre a chur i mbaol nó neamhchomhlíontaí eile atá níos suntasaí.
  • Lochtanna contúirteacha (DD); lochtanna atá ina mbaol díreach agus láithreach do shábháilteacht ar bhóithre nó a bhfuil tionchar acu ar an gcomhshaol sa chaoi is nár cheart an fheithicil a úsáid ar an mbóthar in imthosca ar bith.

Na Critéir a Úsáidtearle linn measúnú a dhéanamh ná: 

  • Tá an chomhpháirt i riocht ina bhfuil sé soiléir gur dócha go ndéanfaidh sí dochar do ródacmhainneacht na feithicle (contúirteach).
  • Tá an chomhpháirt i riocht anois óna bhfuil sé soiléir gur gá ceann nua a chur ina ionad, nó í a dheisiú nó a choigeartú (mór).

Na Mion-Easnaimh 

Ó Dé Sathairn 19 Bealtaine 2018 ar aghaidh, sa chás nach bhfuil ach lochtanna beaga aimsithe le linn feithicil a chur faoi thástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála agus nár aimsíodh aon locht mór nó contúirteach le linn na tástála, ní gá d’fheithicil a chur faoi atástáil. Mar sin féin, ní bhfaighidh úinéir cláraithe na feithicle Deimhniú Ródacmhainneachta (CVR) go huathoibríoch go dtí go bhfuil an fheithicle curtha i láthair ag an ionad tástála bunaidh ina ndearnadh an tástáil agus go deimhnítear gur deisíodh na mionlochtanna.  I measc roinnt samplaí de mhion-easnaimh tá:

  • ​Cáipéisí feithicle neamh-inléite nó botúin chléireachais. 
  • Córas dínéalaithe/aerála (gaothrán) as feidhm.
  • Adharc nach bhfuil ag obair i gceart.

Íoslódáil  liosta iomlán Fógraí Comhairleacha agus Mioneasnaimh (PDF)  

Go dtí seo ba faoin tástálaí a bhí sé roghnú idir CVR déine mhór nó chontúirteach i dtaca le lochtanna a aimsíodh le linn iniúchadh CVR.  Ní sé seo mar rogha a thuilleadh. Tá déine comhfhreagrach ag gach cúis teipe anois, mar sin caithfidh an tástálaí an chúis is infheidhme le teip a roghnú anois.

​Athruithe Teicniúla ar an Tástáil Ródacmhainneachta.

Is éard atá i nuashonruithe ar an bpróiseas tástála CVR ná athruithe córais go príomha. Tá roinnt mionathruithe teicniúla tugtha isteach freisin, áfach. Cuimsíonn sé seo:

  • ​​Sileadh Ola – Córas stiúrtha;  tá pas comhairleach i gceist anois sa chás go n-aimsítear sileadh beag ola ón gcóras stiúrtha.
  • Taise i lampa; má tá uisce nó taise in aon lampa (ceannlampa, solas coscáin srl.) meastar anois gur mioneasnamh é seo. Roimhe sin ba faoin tástálaí a bhí sé lochtanna mar seo a chatagóiriú mar mhionlocht nó mar locht mór.
    Headlamp
  • Doimhneacht Tráchta Boinn: Nuair a thugtar faoi deara go bhfuil doimhneacht tráchta níos lú ná 1.6mm ag bonn i lár trí cheathrú den phatrún tráchta, meastar anois gur locht contúirteach é seo. Roimhe seo d'fhéadfadh an tástálaí lochtanna den sórt sin a aicmiú mar lochtanna móra nó contúirteacha. 
    I gcás ina sainaithnítear go bhfuil feithicil contúirteach lochtach le linn tástála, cuirfidh an Tástálaí CVR greamán “Teip Chontúirteach” ar an bhfeithicil.  Is cion é feithicil lochtach contúirteach a thiomáint in áit phoiblí.​
    Defective Tyre
  • ​Lochtanna sna píopa coscáin; sna cásanna a bhfuil sé tugtha faoi deara go bhfuil píopaí coscáin lofa, scagach, cortha, scólta, damáistithe nó meirgeacha chomh mór sin go bhfuil an píopa pollta; Roimhe seo ba faoin tástálaí a bhí sé é a chatagóiriú mar mór nó contúirteach locht.Anois, áfach, tá sé athraithe go dtí locht mór.
    Cracked brake pipe
  • Doirse;  Roimhe seo ba locht mór nó contúirteach é mura féidir doras a dhúnadh nó a oscailt i gceart nó má tá an baol ann go n-osclófar as a stuaim féin; Ba faoin tástálaí a bhí sé lochtanna mar seo a chatagóiriú mar locht mór nó contúirteach. Anois tá an chúis le teip roinnte ina dhá leath;
    • ​Má tá doras in easnamh nó gur dócha go n-osclóidh sé trí thimpiste, aicmítear é seo mar locht contúirteach. 
    • Mura féidir doras a oscailt nó a dhúnadh mar is gnách is locht mór é seo. ​​
    • I gcás ina sainaithnítear go bhfuil feithicil contúirteach lochtach le linn tástála, cuirfidh an Tástálaí CVR greamán “Teip Chontúirteach” ar an bhfeithicil.  Is cion é feithicil lochtach contúirteach a thiomáint in áit phoiblí.
  • Soicéid leictreacha; Murab ionann agus roimhe seo, sa chás go mbeadh cúpláil tharraingthe feistithe i bhfeithicil, soicéid leictreacha feistithe chun córais soilsithe a chumhachtú ar leantóir tarraingthe, déantar seiceáil anois maidir le láithreacht, slándáil agus feidhmiú.
    Towing electric socket tester tool
  • ​Maisitheoirí rotha nó caipíní moil:  Mura mbaintear maisitheoirí rotha nó caipíní moil le haghaidh tástála islocht mór é seo anois. 
    wheel with embellisher or hub cap
    wheel without embellisher or hub cap

Tuilleadh eolais

Má tá eolas sa bhreis uait faoi aon cheann de na nithe thuas ná bíodh leisce ort glaoch a chur orainn ag 091 872600 nó ríomhphost a chur chugainn ag cvrtadmin@rsa.ie 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!