Cén fáth go bhfuil CVRT de dhíth ort

Is é atá uainn thar aon rud eile ná bóithre na hÉireann a choimeád sábháilte. Tá Tástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVRT) mar chuid den iarracht sin.

Tá ceithre phríomhchúiseanna ann gur gá d’fheithicil a chur faoi thástáil CVR go bliantúil.

chun do Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW) a fháil.

Ní bhfaighidh tú do Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW)​ go dtí go n-éireoidh leat i do thástáil CVR. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil, fós féin, níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici. 

Déanann sé seiceáil ar bhail bhunúsach do chuid feithiclí.

Cinntíonn an tástáil CVR go ndéantar tástáil chothrom gach bliain ar gach earra agus feithicil paisinéara ar an mbóthar. Aimsíonn an tástáil pointí teip feithicle ar na hearraí a tástáladh i gcomhréir leis na  lámhleabhair CVRT 

Deimhníonn an CVRTgo gcomhlíonann feithicil bunchaighdeáin sábháilteachta ar an lá ar a ndéantar an tástáil. Tástálann sé gach a bhfuil inrochtana agus sofheicthe.

Ní mór gach feithicil tráchtála a thástáil nuair atá siad os cionn bliana d’aois agus go bliantúil ina dhiaidh sin.​

Sábhálann sé am.

Seans maith nach dtarlóidh cliseadh ach go hannamh nuair a théitear faoi thástáil go bliantúil agus nuair atá bail mhaith ar do chuid feithiclí.  Tagann feabhas ar éifeachtúlacht thástáil feithiclí earraí agus paisinéirí tríd is tríd de bharr an chláir CVRT.

Is é an Dlí é.

De réir na reachtaíochta, caithfear gach feithicil tráchtála a thástáil nuair atá siad os cionn bliana d’aois agus go bliantúil ina dhiaidh sin. Mar sin seachnófar pointí pionóis agus fíneálacha má dhéantar tástáil ar d'fheithicil.​

An bhfuil imní ort faoi riocht feithicle atá in úsáid ar Bhóithre Poiblí? 

Má tá údar imní ar bith agat faoi bhail ródacmhainneachta feithicle tráchtála m.sh. Bus Scoile, Leoraí, Leantóir nó go deimhin aon chineál eile feithicle tráchtála is féidir leat d’údar imní a thuairisciú faoi rún don RSA.Tabhair cuairt ar ár leathanach gearáin ​ chun tuilleadh a fháil amach.  ​

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!