Más úinéir cláraithe feithicle tráchtála athláimhe allmhairithe thú ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus má bhí deimhniú ródacmhainneachta bailí reatha lasmuigh den stát le d’fheithicil nuair a cláraíodh an fheithicil in Éirinn, is féidir leat aitheantas a fháil i leith na coda neamhéagtha den deimhniú arna dheimhniú ag an RSA, a leasóidh taifead tástála d'fheithicil dá réir sin ansin. Mura bhfuil do dheimhniú ródacmhainneachta lasmuigh den stát deimhnithe agat, beidh tástáil CVR dlite ar d’fheithicil ar aon dul leis an dáta a cláraíodh an fheithicil in Éirinn. Caithfidh an deimhniú ródacmhainneachta de chuid Bhallstát AE a bheith fós bailí faoi rialacha tástála dlíthiúla na hÉireann, áfach.
Aithnítear deimhnithe ródacmhainneachta d’fheithiclí tráchtála tríd an RSA, toisc gur muidne an t-údarás inniúil do thástáil feithiclí tráchtála in Éirinn.
Tabhair faoi deara le do thoil: Ní eiseoimid deimhniú ródacmhainneachta Éireannach a thuilleadh lena thaispeáint ar an bhfeithicil.
NÓTA: MAIDIR LEIS NA DHEIMHNITHE ARNA N-EISIÚINT AG ÚDARÁIS TÁSTÁLA LASMUIGH DEN STÁT MAIDIR LE FEITHICLÍ ATÁ CLÁRAITHE ANSEO CHEANA AGUS NACH BHFUIL SIAD Á N-ALLMHAIRIÚ DÁ RÉIR SIN, NÍ AITHNEOFAR IAD AGUS INA IONAD SIN NÍ MÓR IAD A THÁSTÁIL AG IONAD TÁSTÁLA CVR.
Brexit: Mar thoradh ar Brexit, tá deireadh le haitheantas deimhnithe ródacmhainneachta arna n-eisiúint ag an Ríocht Aontaithe agus nílimid ag glacadh le hiarratais a thuilleadh. Ní mór Tástáil CVR a dhéanamh ar aon fheithicil tráchtála atá os cionn bliain d’aois agus a allmhairítear ón Ríocht Aontaithe (Tuaisceart Éireann san áireamh). Is é an dáta clárúcháin in Éirinn dáta dlite na tástála.
Conas aitheantas a fháil ar dheimhniú ródacmhainneachta de chuid Bhallstát AE in Éirinn:
Íoslódáil foirm Iarratais ar aitheantas um dheimhniú ródacmhainneachta (PDF)
Ní féidir linn iarratas ar aitheantas do dheimhniú ródacmhainneachta lasmuigh den stát a phróiseáil gan an bhunchóip nó gan an fíorchóip dheimhnithe. Mura bhfuil cóip agat, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le díoltóir na feithicle agus a iarraidh iar nó uirthi an deimhniú bunaidh lasmuigh den stát a sheoladh chugat.
Nuair a bhfaighimid d’iarratas:
Mura gcomhlíonann d’iarratas aon cheann de na critéir atá liostaithe thuas, cuirfimid ar ais chugat é ag cur síos ar na cúiseanna nár éirigh le d’iarratas.
Má éiríonn le d’iarratas, déanfaimid ár dtaifid a nuashonrú le dáta dlite na tástála don fheithicil. Ní eiseoimid deimhniú ródacmhainneachta Éireannach a thuilleadh lena thaispeáint ar an bhfeithicil.
Má bhíonn fiosruithe ar bith agat faoi dheimhnithe aitheantais AE, déan teagmháil linn le do thoil:
CVRT Admin Section
Tel: 091 872600
Email: cvrtadmin@rsa.ie