Cártaí Ceardlainne Tacagraf Digiteach den 2ú Glúin

Tugadh an reachtaíocht maidir le tacagraif cothrom le dáta, agus cuirfear ‘Tacograph Cliste’ isteach i bhfeithiclí nua a chlárófar ón 15 Meitheamh 2019 ar aghaidh.  Tá an RSA ag ullmhú don Tacagraf Cliste nua a thabhairt isteach lena n-áirítear idirchaidreamh leis an NSAI faoi shocruithe do chártaí ceardlainne agus ceardlanna a ullmhú ionas go mbeifear ábalta an Tacagraf Cliste nua a chalabrú, a dheisiú etc.

Beifear ábalta gach cárta cuideachta agus tiománaí nua a eiseoidh an RSA ón 15 Meitheamh 2019 i leith a úsáid leis an Tacagraf Cliste nua. Oibreoidh na cártaí nua seo fós le tacagraif níos sine agus beidh cártaí tiománaithe agus cuideachta atá ann cheana comhoiriúnach don Tacagraf Cliste freisin. 

I gcás cártaí ceardlainne, ní mór do cheardlanna cárta ceardlainne atá comhoiriúnach don Tacagraif Chliste (ar a dtugtar Cárta CEARDLAINNE ‘Glúin 2’) a bheith acu mar ní bheidh na cártaí ceardlainne atá eisithe d’fheisteoirí comhoiriúnach don Tacagraf Clistenua. Ceanglaítear ar an Stát a bheith ábalta cártaí ceardlainne den 2ú Glúin (Glúin 2) a eisiúint ón 15 Márta 2019 i leith.  Caithfidh gach cárta tacagraif a eiseofar i ndiaidh an 15 Meitheamh 2019 i leith a bheith Thacagraf Cliste Ghlúin 2.

Cad é a chiallaíonn cárta ceardlainne ‘Glúin 2’ nó ‘den 2ú Glúin’?

Is ionann cárta ceardlainne ‘Ghlúin 2’ nó ‘den 2ú Glúin agus Tacagraf Cliste atá comhoiriúnach do chárta ceardlainne.
 

Cad é a chiallaíonn cárta ceardlainne ‘Ghlúin 1’ nó ‘den 1ú Glúin’?

Is ionann cárta ceardlainne ‘Ghlúin 1’ agus an cárta ceardlainne a eisítear faoi láthair. Níl an cárta seo comhoiriúnach don Tacagraf Cliste nua.

Cathain is féidir liom iarratas a dhéanamh ar chárta Ceardlainne Ghlúin 2?

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (RSA) ag glacadh le hiarratais ón 15 Márta 2019 i gcomhréir le ceanglais dlí. Idir an 15 Márta agus an 14 Meitheamh 2019, áfach, tá rogha ag ceardlanna iarratas a dhéanamh ar Ghlúin 1 (an cárta tacagraif dhigitigh atá eisithe faoi láthair) nó ar chárta tacagraif chliste Ghlúin 2. 
 

Cad a theastaíonn uaim chun iarratas a dhéanamh ar chárta Ceardlainne Ghlúin 2?

Caithfidh an trealamh cuí Ghlúin 2 a bheith ag an gceardlann agus caithfidh an feisteoir oiliúint Ghlúin 2 a bheith curtha i gcrích go rathúil aige nó aici. Ní mór na nithe seo a leanas a chur isteach le hiarratas: The following must be submitted with an application:

  • ​​Deimhniú um cheadú go bhfuil an feisteoir oilte i nGlúin 2 (Iarscríbhinn 1C) – sainiúil don tacagraf
  • Deimhniú bailí um cheadú NSAI na Ceardlainne – sainiúil do Ghlúin 2 – soláthróidh an NSAI é sin nuair a bheidh trealamh Ghlúin 2 ag an gceardlann agus nuair a bheidh an oiliúint riachtanach curtha i gcrích.
  • Do chárta ceardlainne Ghlúin 1 reatha (mura bhfuil sé le hathnuachan) 
 

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar chárta tacagraif Ghlúin 1 i ndiaidh an 15 Meitheamh 2019?

I ndiaidh an 15 Meitheamh 2019 ní bheifear ábalta cártaí Ghlúin 1 a eisiúint agus ní mór go mbeidh gach gach cárta tacagraif lena n-áirítear cártaí ceardlainne ina gcártaí Ghlúin 2.  Caithfidh iarratasóirí a bheith comhlíontach maidir le Glúin 2 - féach thuas le do thoil.

An bhfuil bearta á dtabhairt isteach do cheardlanna nach gcomhlíonfaidh Glúin 2 faoin 15 Meitheamh 2019?

Tá.  Eiseoidh an RSA cárta Ceardlainne Ghlúin 1 chuig gach feisteoir agus ceardlann a rachaidh in éag ar an 13 Meitheamh 2020.  Eiseofar na cártaí sin chuig feisteoirí/ceardlanna nuair a bheidh a gcárta reatha ar tí dul in éag gan aon chostas ar an sealbhóir.  Má tá do chárta Ghlúin 1 réidh le dul in éag ón 15 Meitheamh 2019- 14 Meitheamh 2020, ní gá duit iarratas a dhéanamh air sin agus beidh an costas le híoc ag an RSA.  Is beart aonuaire é sin chun cuidiú le ceardlanna bheith comhlíontach maidir le Glúin 2 faoi mhí an Mheithimh 2020.    Tabhair do d’aire, le do thoil, nuair a rachaidh cártaí Ghlúin 1 sin in éag nach mbeidh aon rogha eile ann na dátaí bailíochta do chárta ceardlainne Ghlúin 1 a shíneadh.  Níl aon eisceachtaí ar an riail sin. 

Go bunúsach ciallaíonn cur chuige an RSA gur féidir le gach ceardlann leanúint ar aghaidh ag feidhmiú suas go dtí an 13 Meitheamh 2020 ag baint úsáid as cártaí ceardlainne Ghlúin 1. É sin ráite, tá an RSA ag spreagadh ceardlann chun ullmhúcháin do stádas Ghlúin 2 a thionscnamh chomh gasta agus is féidir ionas gur féidir leat freagra a thabhairt ar aon oibreoir HCV a bheidh ag lorg calabrú feithiclí atá feistithe le tacagraf Ghlúin 2.

Cén fáth ar cheart dom bheith comhlíontach maidir le Glúin 2? 

Ní bheidh ceardlanna nach gcomhlíonann Glúin 2 roimh an 14 Meitheamh 2020, ní bheidh siad incháilithe chun calabrú nó cigireachtaí a dhéanamh ar aon tacagraif i ndiaidh an dáta sin.  Tá an RSA ag spreagadh na gceardlann ceadaithe ar fad chun ceadú Ghlúin 2 a fháil a luaithe is féidir. Mura bhfuil sé beartaithe ag aon cheardlann a bheith comhlíontach le Glúin 2, cuir é sin in iúl dúinn a luaithe is féidir.

Is mian liom iarratas a dhéanamh ar chárta ceardlainne Ghlúin 2 ón 15 Márta 2019.  An bhfaighidh mé cárta Ghlúin 1 chomh maith?

Ní bhfaighidh. Má eisítear cárta Ghlúin 2 chuig feisteoir idir an15 Márta agus an 14 Meitheamh 2019, ní eiseofar cárta ceardlainne Ghlúin 1 dó nó di toisc go bhfuil cárta Ghlúin 2 comhoiriúnach d’aonaid Ghlúin 1 agus Ghlúin 2 araon.  Níl cárta Ghlúin 1 comhoiriúnach do trealamh Ghlúin 2, áfach, agus mar sin spreagann an RSA an oiread ceardlann agus is féidir a bheith comhlíontach maidir le Glúin 2 a luaithe is féidir.

Thosaigh mo chárta ceardlainne Ghlúin 1 ag mífheidhmiú nó tá cailleadh é i ndiaidh an 15 Meitheamh 2019.  An soláthróidh an RSA cárta ceardlainne ionaid Ghlúin 1?

Ní sholáthróidh. Ní eiseofar ach cártaí Ghlúin 2 i ndiaidh an 15 Meitheamh agus ní bheifear ábalta cártaí aonaid Ghlúin1 a eisiúint i ndiaidh an dáta sin.  Má thosaíonn an cárta ag mífheidhmiú, má chailltear nó má ghoidtear é nó má dhéantar damáiste dó i ndiaidh an 15 Meitheamh 2019, ní féidir ach cártaí Ghlúin 2 a eisiúint agus ní mór don cheardlann agus don fheisteoir a bheith comhlíontach maidir le Glúin 2.  Níl aon eisceachtaí ar an riail sin. 

Rachaidh mo chárta ceardlainne Ghlúin 1 in éag roimh an 14 Meitheamh 2019 agus is mian liom mo chárta Ghlúin 1 a athnuachan.  Níl mé comhlíontach maidir le Glúin 2.  An gá dom iarratas a dhéanamh ar athnuachan?

Is gá.  Má théann do chárta ceardlainne Ghlúin 1 in éag roimh an 14 Meitheamh 2019 agus más mian leat do chárta Ghlúin 1 a athnuachan ní mór duit cur isteach air ar an gcostas iomlán.

Ar cheart moill a chur ar iarratas a dhéanamh ar cheadú mar Cheardlann Ghlúin 2?

Cé gur faoi gach ceardlann atá sé a chinneadh ar mian leo leanúint ar aghaidh mar cheardlann fhaofa i ndiaidh an 14 Meitheamh 2020, molann an RSA gur cheart dóibh siúd a bhfuil sé beartaithe acu déanamh amhlaidh dul i dteagmháil go luath leis na soláthraithe agus oiliúnóirí trealaimh tacagraif agus idirchaidreamh a dhéanamh freisin leis an NSAI maidir leis na ceaduithe riachtanacha don cheardlann. Níor cheart do na ceardlanna sin cinneadh ina leith sin a chur siar go dtí gar don dáta scoite an 14 Meitheamh 2020. 

Cén áit ar féidir a thuilleadh eolais a fháil faoi bheith mar cheardlann Ghlúin 2?

Déan teagmháil leis an NSAI maidir le ceaduithe ceardlainne agus leis an NSAI maidir le cártaí tacagraif.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!