Leoraithe & Leantóirí

Is é cothrom lae chéad chlárú d’fheithicle an dáta a bhfuil do thástáil HCV bhliantúil dlite.

Is féidir do thástáil a chur in áirithe ar líne. Seo mar a dhéantar é:

  1. Ar dtús báire, cláraigh ar Thairseach Oibritheora CVRT, ár gcóras ar líne
  2. Ansin, logáil isteach ar Thairseach Oibritheora CVRT agus, tríd an t-ainm úsáideora agus pasfhocal a shocraigh tú le linn duit clárú a úsáid nó na 4 dhigit dheireanacha de do VIN (uimhir fonnaidh)
  3. 3. Tar éis logáil isteach duit, feicfidh tú cathain a bheidh do chuid feithiclí le cur faoi thástáil.
An gá duit Tástáil ADR a chur in áirithe?

Roghnaigh ‘Cuir tástáil in áirithe’agus ansin ní bheidh ach cúpla céim éasca idir tú féin agus do thástáil a chur in áirithe.

  • Déan sonraí d’fheithicle(feithiclí) a dheimhniú
  • Roghnaigh ionad tástála agus déan do thástáil (thástálacha) a sceidealú
  • Déan íocaíocht (má tá an t-ionad sin curtha in oiriúint do mhodh íocaíochta mar sin) nó b’fhéidir go mb’fhearr duit íoc as ag an ionad tástála.
  • Beimid i dteagmháil leat le cur in iúl duit go bhfuaireamar iarratas áirithinte.
  • Rachaidh d’ionad tástála i dteagmháil leat ansin chun do thástáil a dheimhniú.
Más gá duit d’fheithicil a chur in áirithe le haghaidh tástála ADR, is féidir déanamh amhlaidh tar éis d’fheithicil pas a fháil sa tástáil HCV agus nuair atá do CRW faighte agat dá réir sin.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas nó Cárta Seirbhísí Poiblí bailí ag an ionad tástála.

Glacaimid le cártaí Visa agus Mastercard. Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacaimid le cártaí American Express nó Diners Club

Visa Mastercard_small.jpg

Cláraigh nó Logáil Isteach

Próiseas na Tástála

Tugann custaiméirí an fheithicil isteach chuig an ionad tástála CVRT a roghnaigh siad. Ní mór don duine a thugann an Fheithicil isteach Aitheantas I.D.Láithreora a thaispeáint anois i bhfoirm ceadúnas tiomána bailí nó pas. Mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moill a bheith ann maidir le Deimhniú Ródacmhainneachta a eisiúint. 

Maireann tástálacha idir 45 agus 120 nóiméad ag brath ar cén sórt feithicle atá á cur faoi thástáil agus líon na n-acastóirí atá aici. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT. 

Tar éis na tástála, eiseoidh an t-ionad tuarascáil pas nó teipe, ag brath ar thoradh na tástála.

Má éiríonn leis an bhfeithicil, cuirtea Deimhniú Ródacmhainneachta go huathoibríoch sa phost chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéanfar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus atá inrochtana le linn an CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

IMá theipeann ar fheithicil agus má fhilleann sí le haghaidh tástála laistigh de 21 lá agus má tá níos lú ná 4,000km taistealta aici ó cuireadh faoi thástáil an uair dheireanach í, ní gá don fheithicil sin an tástáil iomlán a dhéanamh arís. Ina ionad sin, ní dhéantar é a thástáil ach amháin ar na pointí teipe ón gcéad tástáil.

Ba cheart an Deimhniú Ródacmhainneachta a chur ar taispeáint ar an bhfeithicil.  Tá sé mar choinníoll ó thaobh cáin a ghearradh ar fheithicil atá os cionn bliana d’aois go bhfuil CRW bailí aici.  

Ag Ullmhú le haghaidh do Thástáil CVR

Ullmhaigh don tástáil le do thoil trína chinntiú:

  1. Déan seiceáil ar inneall d’fheithicle le cinntiú go bhfuil sé líonta suas le hola agus uisce chomh maith le neart uisce sa niteoir gaothscátha.
  2. Déan cinnte go bhfuil na suíocháin agus an limistéar lasta saor ó nithe pearsanta amhail feisteáin uirlisí agus gur féidir teacht go héasca ar an limistéar lasta d’fhonn codanna áirithe den tástáil a dhéanamh.
  3. Tá an fheithicil cuíosach glan (go háirithe faoin gcabhail).
  4. Féach chuige go bhfuil na caipíní mol bainte de na rothaí (go háirithe mura féidir na cnónna rotha a sheiceáil in aon slí eile) agus teanntar na boinn go dtí an brú ceart.
  5. Tá an t-inneall i staid oiriúnach le tástáil a dhéanamh air e.g. tá crios/slabhra comhuainiúcháin curtha isteach de réir threoir do dhéantóra. Seans go n-iarrfar ort séanadh a shíniú ag an ionad tástála a roghnaigh tú.
  6.  Déan seiceáil ar na criosanna/búclaí sábhála le cinntiú gur féidir iad a fheiceáil agus go bhfuil siad ag obair i gceart. I gcás busanna agus feithiclí paisinéirí eile ba chóir duit a chinntiú go seiceálann tú criosanna agus búclaí sábhála le haghaidh gach suíochán paisinéara. 
  7. Tá do phlátaí clárúcháin glan agus cloíonn siad le rialacháin reatha. 
  8.  Déan cinnte go bhfuil aitheantas i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas ag an duine a thugann an fheithicil isteach lena hiniúchadh mar, sa chás go n-éireoidh leis an bhfeithicil sa tástáil, ní eiseofar ráiteas pas agus CRW don fheithicil gan an t-aitheantas riachtanach a thaispeáint.
  9.  Cinntigh go bhfuil léamh “normal” ar tháscaire teochta d’fheithicle sula sroicheann tú an ionad tástála le haghaidh iniúchta.
Nithe Eile:
  • Cé go bhfuil laghdú tagtha ar líon na gcáipéisí páipéir atá de dhíth le tamall anuas, ná déan dearmad go bhfuil seans fós ann go mbeidh ort cáipéisíocht a thabhairt leat i gcásanna áirithe, amhail tuarascálacha modhnuithe má athraíodh d’fheithicil nó Foirmeacha Dearbhaithe Crios Sábhála (de réir mar is gá le haghaidh feithiclí do phaisinéirí) Nod mór don Eolach!: An raibh a fhios agat gur féidir leat leaganacha scanta de cháipéísí a uaslódáil trí do chuntas ar líne ag cvrt.ie
  • Ba chóir duit a chinntiú go mbainfidh tú aon earraí luachmhara/pearsanta as an bhfeithicil roimh an tástáil CVR
  • Ba chóir duit a chinntiú go dtabharfaidh tú do tháille tástála leat (Féach liosta iomlán na dtáillí tástála )  mar beidh ort íoc roimh do thástáil.
  • Chun a chinntiú nach gcaillfidh tú do choinne, molaimid go bhféachfaidh tú chuige go mbainfidh tú an t-ionad tástála CVR atá roghnaithe agat amach le ‘seiceáil isteach’ a dhéanamh 10 nóiméad roimh an am atá sannta duit.

Mura dtugtar aird ar na nithe thuas, is mó seans go dteipfidh ar d’fheithicil sa tástáil, nó go deimhin, nach mbeidh d’ionad tástála CVR in ann d’fheithicil a thástáil agus go mbeidh ort filleadh lá éigin eile dá bharr. 

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Cuir do thástáil in áirithe anois

​​Braitheann an táille ar cé chomh mór agus cén cineál leoraí nó leantóra atá agat

​​Meáchan na Feithicle ​Táille
​​Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha níos mó ná 3,500 cileagram acu, ach gan a bheith os cionn 7,500 cileagram: ​​Táille le haghaidh tástála agus CRW = €146.52
​Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 7,500 cileagram agus 2 acastóir acu: ​Táille le haghaidh tástála agus CRW = €171.16
​​Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 7,500 cileagram agus 3 acastóir acu: ​​Táille le haghaidh tástála agus CRW = €201.67
​Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 7,500 cileagram agus 4 acastóir nó níos mó acu: ​Táille le haghaidh tástála agus CRW = €220.38
​​Leantóirí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 3,500 cileagram acu: ​Táille le haghaidh tástála agus CRW = €141.95

Tá na táillí go léir a luadh faoi réir CBL

Cláraigh nó Logáil Isteach

Má éiríonn le d’fheithicil sa tástáil HCV, tabharfaidh an t-ionad tuairisc pas duit. Gheobhaidh tú do Dheimhniú Ródacmhainneachta sa phost ansin. Rachaidh an CRW chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

Caithfidh CRW reatha a bheith ag d’fheithicil d’fhonn cáin a ghearradh ar d’fheithicil.

Más gá duit áirithint a dhéanamh d’fheithicil le haghaidh tástáil ADR, íoslódáil agus líon isteach an fhoirm iarratais ADR le do thoil.

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála - mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moilleanna a bheith i gceist ó thaobh an CRW a eisiúint.

Cláraigh nó Logáil Isteach

​Ó 20 Bealtaine 2018 seans go bhfaighidh tú tuairisc tástála ó d’ionad tástála CVR a thaispeánfaidh gurb é toradh na tástála ná ‘Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh’. 

Ciallaíonn sé seo nach bhfuair an tIonad Tástála CVR ach lochtanna beaga le linn dóibh d’fheithicil a chur faoi thástáil. Is é sin, nár aimsíodh aon locht mór nó contúirteach. Sa chás gur mioneasnaimh (lochtanna) amháin a aimsíodh ní gá d’fheithicil a chur faoi thástáil arís. Mar sin féin, caithfidh tú filleadh ar an ionad tástála CVR ina ndearnadh an tástáil bhunaidh le taispeáint go bhfuil na lochtanna beaga deisithe agat. Níl aon teorainn ama ann ó thaobh d’fheithicil a thabhairt ar ais le haghaidh an athsheiceáil seo.

Nós imeacht agus costas 

Seo a leanas an nós imeachta sna cásanna seo:

  •  Maidir le do thuairisc bhunaidh tástála agus an toradh ‘Pas tar éis athsheiceáil ar mhioneasnaimh a dhéanamh’, beidh na mioneasnaimh a aimsíodh ar d’fheithicil liostáilte go soiléir uirthi.
  • Ní sheolaimid an CRW chugat – cuirfimid ar athlá é. 
  • Caithfidh tú na mioneasnaimh a chur i gceart.
  •  Caithfidh tú filleadh le d’fheithicil chuig an ionad tástála ina ndearnadh an bhuntástáil CVR le gur féidir d’fheithicil a athsheiceáil agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil na mioneasnaimh réitithe. 
  • Nuair a dheimhníonn an tástálaí CVR go bhfuil na mioneasnaimh curtha ina gceart, tabharfaimid ráiteas pas duit agus seolfaimid an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle faoi láthair. 

Toisc nach atástáil í seo, níl aon srian ama nó míleáiste ann maidir le cathain is gá duit d’fheithicil a thabhairt ar ais chuig an ionad tástála.

Cuir do thástáil in áirithe anois

Má theipeann ar d’fheithicil, beidh ort dul faoi thástáil arís. Caithfidh tú an atástáil a chur in áirithe leis an Ionad Tástála a rinne an chéad thástáil. Má shocraíonn tú ar d’fheithicil a thástáil in Ionad Tástála eile ar leith, níl aon dul as agat ach an fheithicil a chur faoi thástáil iomlán ar phraghas tástála iomlán ag an ionad sin.

Costas & nós imeachta na hatástála

Má fhilleann tú don atástáil laistigh de 21 lá agus tá níos lú ná 4,000 ciliméadar ag d’fheithicil ó rinneadh tástáil uirthi an uair dheireanach:

  • ní gá don fheithicil an tástáil iomlán a dhéanamh arís; in áit sin, is ar na pointí teipe amháin ón gcéad tástáil a dhéantar tástáil uirthi an uair seo.
  • Tá amhairc-atástáil saor in aisce, ach tá táille ag baint le atástáil a chaithfear a dhéanamh ar lána tástála, féach ar an tábla thíos le haghaidh na dtáillí atástála le do thoil.
  • Ba cheart duit na codanna den fheithicil ar theip orthu sa tástáil a dheisiú láithreach bonn agus an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh atástála chomh luath agus is féidir.

Braitheann an táille atástála ar cé chomh mór agus cén cineál leoraí nó leantóra atá agat.

​​Meáchan na Feithicle ​Táille ar Atástáil
​ Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha níos mó ná 3,500 cileagram acu, ach gan a bheith os cionn 7,500 cileagram: ​Táille le haghaidh tástála agus CRW = €47.26
​ Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 7,500 cileagram agus 2 acastóir acu: ​Táille le haghaidh tástála agus CRW = €59.08
​ Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 7,500 cileagram agus 3 acastóir acu: ​Táille ar thástáil agus CRW = €73.83
​ Feithiclí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 7,500 cileagram agus 4 acastóir nó níos mó acu: ​Táille ar thástáil agus CRW = €82.69
​ ​Leantóirí a bhfuil ollmheáchan ceaptha os cionn 3,500 cileagram acu: ​Táille ar thástáil agus CRW = €53.15

 

Tá na táillí go léir a luadh faoi réir CBL

Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.

Cláraigh nó Logáil Isteach

​Tá oibleagáid dhlíthiúil ar gach oibreoir Feithiclí Troma Tráchtála (HCVanna) ‘Féindhearbhú’ ar líne a dhéanamh don RSA maidir lena bhFeithiclí Earraí Troma, leantóirí Earraí, Busanna agus Otharchairr

Chun d’Fhéin-Dhearbhú a chomhlánú agus a chur isteach chuig an RSA, beidh ort clárú linn ar líne​. Ní gá duit clárú ach uair amháin agus beidh rochtain agat ansin ar ‘Chuntas CVRT Ar Líne’

​​Nuair atá tú cláraithe mar oibritheoir leis an RSA tá sé chomh héasca lena bhfaca tú riamh logáil isteach i do Chuntas CVRT Ar Líne agus Féin-Dheimhniú a chur isteach trí chliceáil ar an gcnaipe Féindearbhaithe.

Níl táille ar bith i gceist maidir le clárú linn le haghaidh do Chuntas CVRT Ar Líne agus do Fhéin-Dhearbhú a chur isteach.

Na buntáistí a bhaineann le cuntas CVRT ar líne de do chuid féin a bheith agat

Bain leas as do chuntas CVRT ar líne chun do thaifid feithicle ar líne a bhainistiú go tapa agus go háisiúil.

Le do chuntas CVRT ar líne féadann tú:

  • Féachaint ar d’fhaisnéis feithicle ar líne lena n-áirítear tuarascálacha tástála, ráitis pas, tuarascálacha iniúchta cois bóthair/áitribh, agus sonraí CRW.
  • Meabhrúcháin agus teachtaireachtaí foláirimh a fháil faoi do chuid feithiclí
  • Tástálacha a chur in áirithe d’fheithiclí tráchtála
  • Cuir isteach ar theastais ADR agus athchóipeanna de CRWanna
  • cáipéisíocht fheithicle sa bhreis a uaslódáil (ar féidir rochtain a fháil air le haghaidh tástála feithicle, rud a laghdóidh an gá le páipéarachas ag am tástála)
  • Feithiclí a chur le nó a bhaint de do chuntas CVRT Ar Line agus Féin-Dhearbhú.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar ár rannóg fhéindearbhaithe

Cláraigh nó Logáil Isteach

Chat to Chris!