Cigireachtaí cois bóthair

Déanaimid cigireachtaí cois bóthair i gcomhar leis an nGarda Síochána chun comhlíonadh na gcaighdeán ródacmhainneachta feithicle a sheiceáil agus chun uaireanta tiománaithe, tacagraf, CPC tiománaithe agus an ceanglas maidir le Ceadúnas Oibreora Iompair de Bhóthar a bheith agat a sheiceáil freisin. 

Tá aip fóin chliste ag Oifigigh Iompair agus Cigirí Feithiclí ar a dtugtar rochtain thapa dóibh ar fhaisnéis áirithe faoi fheithiclí, faoi thiománaithe agus faoi oibreoirí. Tá tús curtha againn freisin le teicneolaíocht ANPR (Aithint Uathoibríoch Uimhirphlátaí) a úsáid ag seiceálacha cois bóthair chun ár ndíriú ar fheithiclí, tiománaithe agus oibreoirí neamhchomhlíontacha a threisiú.  Ina theannta sin, tá feithiclí a bhfuil Deimhnithe Ródacmhainneachta imithe in éag curtha le córais ANPR an Gharda Síochána agus cuirfear foláirimh chuig an nGarda sa chás go bhfuil feithicil á tiomáint le CRW atá imithe in éag.

Cad a sheiceáiltear le linn cigireacht cois bóthair?

Déanfaidh Cigire Feithicle de chuid an RSA seiceálacha amhairc ar ródacmhainneacht d’fheithicle nó do leantóra.  Seiceálfaidh sé/sí go bhfuil Deimhniú Ródacmhainneachta (CRW) bailí ar taispeáint ar an bhfeithicil/feithiclí (lena n-áirítear leantóirí) agus seiceálfaidh sé/sí bail fhisiceadh d’fheithicle lena ródacmhainneacht a mheas. Is cigireacht amhairc teoranta é sin agus d’fhéadfadh sé go n-iarrfadh an cigire ort an fheithicil a thabhairt go dtí Iionad Tástála Feithiclí Tráchtála chun tuilleadh cigireachta a dhéanamh uirthi.

Seiceálfaidh Oifigeach Iompair de chuid an RSA go bhfuil Ceadúnas Oibreoirí Iompar Bóthairbailí  ​leis an bhfeithicil(má theastaíonn ceann) agus seiceálfaidh sé nó sí an tacagraf agus uaireanta tiománaithe..
 
Ba cheart go mbeadh an méid seo a leanas ar fáil d’Oifigeach Iompair ag seiceáil cois bóthair:

  • Cóip den cheadúnas oibreora nó cóip dheimhnithe den cheadúnas Comhphobail (i gcás go bhfuil baint ag an bhfeithicil le fruiliú agus luach saothair)
  • Má tá tacagraf analógach san fheithicil:
    1. cárta tiománaí tacagraif dhigitigh (má tá ceann ag an tiománaí)
    2. aon taifead láimhe agus asphrionta a rinneadh i rith an lae sin agus le 28 lá féilire anuas; agus
    3. an bhileog taifead don lá sin agus aon cheann a d’úsáid an tiománaí le 28 lá féilire anuas;
 
  • Má tá tacagraf digiteach san fheithicil:
    1. cárta tiománaí tacagraif dhigitigh an tiománaí
    2. aon taifid láimhe nó asphriontaí a rinne an tiománaí i rith an lae sin agus le 28 lá féilire anuas; agus
    3. bileog taifead d’aon fheithicil ina bhfuil tacagraf analógach arna tiomáint ag an tiománaí laistigh de na 28 lá féilire roimhe sin.
    4. Cárta CPC​ tiománaithe

Íoslódálfaidh an tOifigeach Iompair an aonad na feithicle le haghaidh feithiclí ina bhfuil tacagraf digiteach agus tógfaidh sé roinnt asphriontaí.  Íoslódálfaidh sé/sí faisnéis ó chárta tiománaí na dtiománaithe freisin. Ní scriosann an íoslódáil seo aon sonraí agus ní thógann sé ach cóip den fhaisnéis atá stóráilte ar an gcárta. 

I ndiaidh cigireachtaí cois bóthair

Taifeadfaidh an tOifigeach Iompair/Cigire Feithiclí torthaí do chigireachta ar thaobh an bhóthair agus tabharfaidh sé/sí cóip den tuairisc chigireachta duit. Beidh an tuairisc sin ar fáil d’oibreoirí freisin trí do Chuntas CVRT ar Líne. Chun do chuntas CVRT ar líne a chruthú ní mór duit clárú linn. Má tá tú cláraithe cheana féin is féidir leat logáil isteach chun féachaint ar do thuairiscí cigireachta. 
 
Coimeádfaimid taifead den chigireacht ar ár gcóras go ceann 10 mbliana ar a laghad.  Cuirfear torthaí na cigireachta isteach inár dTáscaire Riosca Oibreoirí Feithiclí Tráchtála (CVORI) ar feadh 3 bliana ar a mhéad nuair a bheidh an chigireacht déanta.

Toradh na Cigireachta Cois Bóthair

D’fhéadfadh roinnt torthaí a bheith mar thoradh ar chigireacht cois bóthair.
Nuair a fheicfear comhlíonadh, críochnófar an gcigireacht agus gheobhaidh tú tuairisc. Sa chás go mbraitear sáruithe / lochtanna cuirfear é sin in iúl duit agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí ceann amháin nó níos mó díobh seo a leanas:

  • D’fhéadfaí rabhadh duit a thabhairt duit
  • D’fhéadfaí go n-iarrfaí ort tuilleadh eolais a chur isteach
  • D’fhéadfaí / Litir um Threoir a eisiúint chugat
  • D’fhéadfaí go dtógfaí taifid uait le haghaidh tuilleadh anailíse (gheobhaidh tú admháil ina leith)
  • Féadfar toirmeasc a chur ar an tiománaí agus/nó ar an bhfeithicil leanúint leis an turas
  • Féadfar an fheithicil a threorú chuig Ionad Tástála Feithiclí Tráchtála le haghaidh tuilleadh cigireachta nó le haghaidh tástáil forfheidhmithe
  • D’fhéadfaí oibreoir / úinéir na feithicle a chur ar an liosta le haghaidh cigireacht ar an áitreabh
  • D’fhéadfadh sé go gcuirfí agallamh ort faoi rabhadh agus go dtionscnófaí ionchúiseamh.

Tabharfaidh Oifigigh Iompair agus Cigirí Feithiclí oideachas agus comhairle duit, ar na rialacha atá i bhfeidhm agus conas is féidir leat cloí leo a chomhlíonadh, le linn na cigireachta.

ANPR Móibíleach

Tá Treoirthionscadal ANPR Móibileach á reáchtáil againn faoi láthair a bhaineann úsáid as ceamara ANPR ag roinnt seicphointí cois bóthair ar a bhfreastalaíonn an RSA. Cuideoidh sé sin linn úsáid na teicneolaíocht cois bóthair sin a bhailíochtú ón taobh teicniúil agus oibriúcháin de.  Féach ar ár mbeartas maidir le ANPR Móibíleach CVRT (PDF).

Maidir Linn

Oifigigh Iompair – An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Fostaíonn an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre Oifigigh Iompair go díreach.  Déanann siad cigireachtaí cois bóthair ag áitribh oibreora chun comhlíonadh rialacha AE maidir le tacagraif agus uaireanta tiománaithe agus na Treorach Ama Oibre d’oibrithe soghluaiste a sheiceáil chomh maith le gnéithe maidir le ceadúnú oibreoirí agus CPC tiománaithe a sheiceáil.  Is oifigigh fhorfheidhmithe údaraithe iad Oifigigh Iompair arna gceapadh faoi Alt 15 den Acht um Iompar ar Bhóithre 1986​ (arna leasú) agus Alt 16 den Acht um Iompar ar Bhóithre 2011​.  Tá cumhachtaí na nOifigeach Iompair leagtha amach i gCuid 5 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Iompar ar Bhóithre) (Dálaí Oibre agus Sábháilteacht ar Bhóithre) 2008 (I.R. 62 de 2008) (arna leasú).

Cigirí Feithiclí – An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre

Fostaíonn an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre Cigirí Feithiclí go díreach.  Déanann siad iniúchtaí ródacmhainneachta cois bóthair.  Chomh maith leis sin déanann siad cigireachtaí cuimsitheacha teicniúla ag Ionaid Tástála Feithiclí Tráchtála agus ar áitribh oibreoirí in Éirinn mar chuid den chlár reachtúil maidir le cigireachtaí ródacmhainneachta feithiclí tráchtála.  Ceapadh Cigirí Feithiclí mar Oifigigh Údaraithe agus Cigirí CVR faoi Ailt 24 & 33 den Acht um an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 (PDF)..  Tá cumhachtaí na n-oifigeach údaraithe leagtha amach in ailt 25 & 31 den Acht.  Tá cumhachtaí na gCigirí CVR leagtha amach in ailt 34 & 31 den Acht.
 
Tá aonad forfheidhmithe an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre lonnaithe i gCo. na Gaillimhe ag an seoladh seo a leanas:
 
Standards & Enforcement Directorate,
Road Safety Authority,
1st Floor, Clonfert House,
Bride street,
Loughrea,
Co. Galway
H62 ET93
 
Phone: 091 872600
Email: enforcement@rsa.ie 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!