Tástálacha Deonacha

Tá tástálacha deonacha ar fáil ag gach ionad tástála CVR. Is ionann tástáil dheonach agus tástáil ródacmhainneachta, seachas tástáil CVR, a dhéantar ar mhír tástála amháin nó níos mó. Ní eisítear aon Deimhniú Ródacmhainneachta (CRW) mar thoradh ar thástáil dheonach, níl aon tobhach iníoctha ar na tástálacha sin agus ní chuireann siad isteach ar dháta dlite tástála feithicle. 
 
Chomh maith le feithiclí CVR, is féidir tástáil dheonach a dhéanamh ar fheithiclí de chuid na nGardaí nó Óglaigh na hÉireann.
Moltar tástáil dheonach agus lle haon tástálacha deonacha a dhéantar ar d’fheithiclí HCV ag  ionaid tástála údaraithe beidh tionchar fabhrach acu ar do  rátáil riosca le haghaidh ródacmhainneachta.​


Ní chuirtear tástáil dheonach ar LCVanna san áireamh i do rátáil riosca ach meastar gur dea-chleachtas é tástáil dheonach a dhéanamh ar LCV agus is féidir é a úsáid chun cur le córas cothabhála LCVanna na nOibreoirí. 

 Tá dhá chineál éagsúla tástálacha deonacha ar fáil ag ionaid tástála CVR. 

Tástáil Dheonach Pháirteach

Is féidir Tástáil Dheonach Pháirteach a shaincheapadh ag brath ar na míreanna is mian leat a thástáil ar d’fheithicil. Is féidir leat a chinneadh, le d’ionad tástála CVR, gan ach mír amháin nó réimse amháin de d’fheithicil a thástáil nó is féidir leat a iarraidh go ndéanfar tástáil ar gach mír (tástáil iomlán CVR). Mar sin, mar shampla, dá mba rud é gur theastaigh uait gan ach do choscán a thástáil roghnófá an cineál tástála deonaí seo. Dá mba mhian leat go ndéanfaí tástáil iomlán CVR ar d’fheithicil, roghnófá an tástáil seo agus d’iarrfá ar d’ionad tástála CVR gach mír a thástáil.

Tástáil Dheonach Sábháilteachta

Áirítear le Tástáil Dheonach Sábháilteachta liosta réamhshainithe de na míreanna atá ríthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de atá le tástáil. Dírítear í ar oibríochtaí bunúsacha na míreanna feidhmiúla.
 
Cé nach gcuimsítear gach gné de do thástáil bhliantúil CVR sa liosta seo, cuimsíonn sé seiceálacha ar choscáin, ar an stiúradh, ar na soilse, ar an gcrochadh, ar na boinn agus ar na hacastóirí. Baineann samplaí de réimsí tástála nach n-áirítear le haitheantas feithicle, mar shampla fíorú go bhfuil an VIN ar an bhfeithicil ag teacht le taifid ábhartha feithicle, nó le míreanna a bhaineann le plátáil agus tástálacha deataigh. Ciallaíonn sé seo go bhféadfaidh feithicil pas a fháil i dTástáil Dheonach Shábháilteachta ach go bhféadfadh sé go dteipfeadh uirthi sa tástáil Bhliantúil CVR.  
 
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil inár gcuid CVRT maidir leis an méid a scrúdaítear sa Tástáil Bhliantúil CVR agus ar ullmhú do do thástáil.

Conas rogha a dhéanamh idir Cineálacha Tástála Deonacha.

D’fhéadfadh roghanna tástála deonacha éagsúla a bheith oiriúnach d’oibreoirí éagsúla ag brath ar na córais chothabhála nó na cineálacha saoráidí atá ag oibreoirí saoráidí go hinmheánach agus is féidir ceachtar ceann den dá thástáil dheonach a úsáid mar thástáil bhreise idir do thástáil bhliantúil CVR.

D’fhéadfadh tástáil dheonach a bheith an-úsáideach go háirithe do na hoibreoirí sin nach bhfuil a dtrealamh ná a saoráidí tástála inmheánacha féin acu. Mar shampla, féadfaidh Oibreoirí nach bhfuil tástálaí sloic nó coscán acu rogha a dhéanamh leas a bhaint as tástálacha deonacha.  
 
Más leat féin an fheithicil tráchtála ná má úsáideann tú feithicil tráchtála, beidh tú freagrach as córas cothabhála coiscthí cuí a bheith i bhfeidhm chomh maith le bheith freagrach as bail ródacmhainneachta na feithicle.

Breathnaítear ar thástáil dheonach idir tástálacha reachtúla bliantúla mar dhea-chleachtas agus cuidíonn sé le lochtanna ar bith a d’fhéadfadh a bheith le ceartú a aithint. Go hidéalach, ba cheart duit cothabháil choisctheach a sceidealú ag eatraimh ar leith ionas gur féidir leat fadhb a aithint sula n-éireoidh sí níos measa.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!