Feithicil Tráchtála Úsáidte a Cheannach

Tá oibleagáid dlíthiúil ar gach feithicil tráchtála atá os cionn 12 mhí d’aois deimhniú ródacmhainneachta bailí (CRW) a bheith acu.

Dá bhrí sin, ba cheart duit deimhin a dhéanamh de go bhfuil CRW bailí ag feithicle tráchtála athúsáidte agus í á ceannach agat. Ba cheart an diosca CRW a bheith le feiscint ar ghaothscáth gach leoraí, bus, veain agus jíp. Ar leantóirí ba chóir é a thaispeáint chomh gar agus is féidir don phláta clárúcháin.

Mura dtaispeánann feithicil tráchtála diosca CRW, seans gurb é an rud a thuigfí uaidh sin ná nár éirigh leis an bhfeithicil ina tástáil bhliantúil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVR).

Le tuilleadh a fháil amach faoi cathain a rachaidh do CRW in éag, cliceáil ar an gcnaipe Déan Mo CRW a Sheiceáil thíos.

An dteastaíonn uait a fháil amach cá huair a chaithfear d’fheithicil a chur faoi thástáil CVR?

Tabhair faoi deara go bhfanann stair tástála CVR leis an bhfeithicil beag beann ar athruithe úinéireachta.. Mar sin, mura ndearnadh an fheithicil a thástáil in am siar san am sular cheannaigh tú í gheobhaidh tú CRW a mbeidh dáta éaga níos giorra aige an chéad uair eile a dhéanfar tástáil uirthi.

gur cruthúnas é CRW gur chomhlíon feithicil na bunriachtanais sábháilteachta ar an lá a tástáladh í, ní féidir ach míreanna intástála atá infheicthe agus inrochtana a mheasúnú ag an tástáil CVR. Dá bhrí sin, níor cheart glacadh le. CRW mar bharánta do d’fheithicil. 

Má tá feithicil athúsáidte á ceannach agat mar sin, bí ar d'fhaichill roimh dhíoltóirí agus roimh mhangairí neamhiontaofa. Is beag cleas nach ndéanfaidh an dream seo, fiú más mídhleathach atá sé, chun díolachán a dhéanamh. I measc a gcuid cleas tá:  

  • ​​Feithiclí contúirteacha lochtacha, a bhí i dtimpiste, goidte nó díscríofa a dhíol
  • Míleáiste feithicle a laghdú le go mbeidh cuma níos tarraingtí uirthi, ar a dtugtar ‘clogáil’ freisin
  • Páirteanna ar dhroch-chaighdeán a chur in ionad na bpáirteanna bunaidh tar éis d’fheithicil pas a fháil sa thástáil CVR
  • Séaltáin nó mascoibreáin a úsáid chun fadhbanna tromchúiseacha amhail creimeadh nó poill meirge a cheilt
  • Feithiclí a dhíol le CRWanna, deimhnithe clárúcháin nó dioscaí mótarchánach bréagacha

Mar sin, molaimid duit an fheithicil a mheasúnú go neamhspleách ag meicneoir cáilithe sula gceannaíonn tú í. Ba cheart go dtabharfadh sé seo roinnt cinnteachta go bhfuil sé ródacmhainneach ag an am a gceannaíonn tú í. De rogha air sin, is féidir leat feithicil a cheannach ó mhangaire údaraithe atá in ann barántas a sholáthar.

Ina theannta sin, déan stair na feithicle a sheiceáil i gcónaí–íodh súil amuigh agat do chalaois odaiméadair, airgeadas gan íoc agus nár díscríobhadh an fheithicil roimhe seo.

An Dlí

  • Má stopann ball den Gharda Síochána thú i mbun feithicle atá lochtach contúirteach a thiomáint, seans go dtabharfaí os comhair na cúirte thú faoi na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre 1963. Mar sin ní mór do cheannaitheoirí a chinntiú go bhfuil siad go hiomlán ar an eolas faoin riocht ina bhfuil an fheithicil roimh í a úsáid ar bhóthar poiblí. 
  • Tá sé mídhleathach cur isteach ar odaiméadair, nó duine eile a fhostú chun a leithéid a dhéanamh, faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 2014. 
  • Is cion é freisin do thrádálaí custaiméirí a chur amú trí fhaisnéis bhréagach a sholáthar maidir le “úsáid táirgí nó stair roimhe seo” faoin  Acht um Chosaint Tomhaltóirí 2007.

Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí  nó déan  teagmháil leis an Líne Chabhrach do Thomhaltóirí ar 1890 432 432 nó 01 4025555 le haghaidh tuilleadh eolais agus comhairle a fháil maidir le feithicil athláimhe tráchtála á cheannach.

Léamha odaiméadair a fhíorú roimh cheannach.

Ón 11 Bealtaine 2016, tá an léamh odaiméadair mar atá sé faoi láthair agus suas le dhá léamh roimhe sin priontáilte ar an CRW. Ba é an ‘dáta tosaigh’ chun na léamha stairiúla sin a thaifeadadh an 19 Lúnasa 2014, mar sin ba cheart go mbeadh suas le dhá dháta tástála roimhe sin agus na léamha odaiméadair comhfhreagracha ar taispeáint ar aon fheithicil ar éirigh léi i dtástáil CVR tosaigh nó i dtástáil CVR thréimhsiúil i ndiaidh an dáta sin, ón 11 Bealtaine 2016 i leith.

Dá bhrí sin má tá sé ar intinn agat feithicil úsáidte tráchtála a cheannach, ba cheart duit cóip den deimhniú CRW a iarraidh ar an díoltóir chun na léamha stairiúla odaiméadair a sheiceáil . Más rud é tar éis duit an cháipéis seo a sheiceáil, go bhfuil aon cheist agat faoi na léamha odaiméadair a taifeadadh sa tástáil roimhe seo, molaimid duit iad seo a phlé leis an díoltóir sula gceannaíonn tú an fheithicil.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil na léamha odaiméadair stairiúla priontáilte ach ar an gcáipéis CRW a thagann leis an diosca CRW le cur ar taispeáint ar ghaothscáth na feithicle. Níl sa diosca CRW féin ach sonraí an léimh odaiméadair a taifeadadh ag an tástáil CVR is déanaí. Mar sin, sula gceannaíonn tú an fheithicil ba chóir duit cóip den cháipéis CRW iomlán a iarraidh ar an díoltóir agus ní an diosca CRW amháin.

 
CRW with odometer history

Tabhair faoi deara go bhféadfadh cúiseanna dlisteanacha a bheith ann go bhfuil léamh roimhe seo níos airde ná an léamh is déanaí, mar shampla más luasmhéadar nua atá ann. Mar sin féin, seans gur comhartha é go ndearnadh ‘clogáil’ ar nó gur cuireadh isteach ar an odaiméadar.

Bíodh gur cheart go bhfeidhmeodh an beart nua seo mar chosc ar chalaois odaiméadair, nílimid freagrach as póilíneacht a dhéanamh ar gníomhaíocht dá leithéid. 

Feithicil Tráchtála Úsáidte a Iompórtáil

Má dhéanann tú feithicil a iompórtáil a bhfuil deimhniú ródacmhainneachta bailí eisithe ag Ballstát eile de chuid AE aici, ón 20 Bealtaine 2018 ar aghaidh is féidir leat é an deimhniú as dáta a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE arna eisiúint in Éirinn. Ní mór duit an fhoirm iarratais ar aitheantas um dheimhniú ródacmhainneachta (PDF) a chomhlánú agus í a chur ar aghaidh chugainn. Seolaimid deimhniú aitheantais AE chugat ansin. Beidh a dháta éaga ag teacht leis an dáta éaga ar an deimhniú ródacmhainneachta eisithe ag Ball Stáit den AE. 

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ionann deimhniú aitheantais AE agus CRW. Níl i ndeimhniú aitheantais ach deimhniú a aithníonn an chuid neamhéagtha de dheimhniú ródacmhainneachta ó bhallstát eile.

Ciallaíonn sé go ndearnadh tástáil ródacmhainneachta d’fheithicle sa bhallstát AE ónar allmhairíodh í agus ní ag ionad tástála feithiclí tráchtála údaraithe in Éirinn.

Mar a leagadh amach thuas, ní féidir glacadh choíche le CRW nó le Deimhniú Aitheantais AE mar bharántas do d’fheithicil. Aon uair a bhíonn feithicil úsáidte tráchtála á ceannach agat nó á hiompórtáil agat, in Éirinn nó ó bhallstát eile den AE, molaimid go ndéanfadh meicneoir cáilithe í a sheiceáil go neamhspleách sula gceannaíonn tú í. Ba cheart go dtabharfadh sé seo roinnt cinnteachta go bhfuil sé ródacmhainneach ag an am a gceannaíonn tú í.

Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar ár leathanach comhaitheantas do dheimhnithe ródacmhainneachta AE lasmuigh den stát.. ​


 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!