thástáil CVR ar na dtorthaí

Nuair a bheidh an tástáil CVR ar d’fheithicil críochnaithe, tabharfaimid tuairisc duit ina gcuirfear síos ar thorthaí na tástála. Gheobhaidh tú ceann amháin díobh seo a leanas:

Ráiteas Pas

Má fhaigheann tú ráiteas pas ciallaíonn sé go bhfuil d’fheithicil tar éis pas a fháil sa Thástáil Feithicle Tráchtála. Mura n-insíonn tú dúinn go bhfuil athrú úinéireachta ar siúl maidir le feithicil seolfaimid  an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle.
Má chuir tú an t-ionad tástála ar an eolas go bhfuil athrú úinéireachta ar siúl maidir le feithicil, cuirfimid moill ar an CRW a sheoladh amach ar feadh 14 lá, rud a thabharfaidh am a dhóthain duit sonraí an úinéara chláraithe a nuashonrú.

Íoslódáil ráiteas pas samplach (PDF) 

Tuairisc Tástála Teipe  

Má fhaigheann tú tuairisc tástála teip ciallaíonn sé gur theip ar d’fheithicil sa thástáil CVR. Ní mór d’úinéir na feithicle an fheithicil a dheisiú agus í a chur i láthair arís le haghaidh atástáil CVR ag an ionad tástála céanna laistigh de 21 lá nó sa chás nár thaisteal sí níos lú ná 4,000 km faoin am sin.   

Nuair a chríochnóidh d’fheithicil an atástáil agus nuair a gheofar pas, eiseoimid CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle. ​

Íoslódáil Tuairisc Tástála Teipe (PDF)

Pas le mion-easnaimh

Ó 20 Bealtaine 2018 seans go bhfaighidh tú tuairisc tástála ó d’ionad tástála CVR a thaispeánfaidh gurb é toradh na tástála ná ‘Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh’.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuair an tIonad Tástála CVR ach lochtanna beaga le linn dóibh d’fheithicil a chur faoi thástáil. Is é sin, nár aimsíodh aon locht mór nó contúirteach. Sa chás gur mioneasnaimh (lochtanna) amháin a aimsíodh ní gá d’fheithicil a chur faoi thástáil arís. Mar sin féin, caithfidh tú filleadh ar an ionad tástála CVR ina ndearnadh an bhuntástáil le cruthú go bhfuil na lochtanna beaga deisithe agat. Níl aon teorainn ama ann ó thaobh d’fheithicil a thabhairt ar ais le haghaidh an athsheiceáil seo.

Nós imeachta

Is mar seo a leanas atá an nós imeachta sa chás seo:

  • ​Maidir le do thuairisc bhunaidh tástála agus an toradh ‘Pas tar éis athsheiceáil ar mhioneasnaimh a dhéanamh’, beidh na mioneasnaimh a aimsíodh ar d’fheithicil liostáilte go soiléir uirthi.
  • Ní sheolaimid an CRW chugat – cuirfimid ar athlá é.
  • Caithfidh tú na mioneasnaimh a chur i gceart.
  • Caithfidh tú filleadh le d’fheithicil chuig an ionad tástála ina ndearnadh an bhuntástáil CVR le gur féidir d’fheithicil a athsheiceáil agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil na mioneasnaimh réitithe.
  • Nuair a dheimhníonn an tástálaí CVR go bhfuil na mioneasnaimh curtha ina gceart, tabharfaimid ráiteas pas duit agus seolfaimid an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle faoi láthair. 

Toisc nach atástáil í seo, níl aon srian ama nó míleáiste ann maidir le cathain is gá duit d’fheithicil a thabhairt ar ais chuig an ionad tástála. Ina theannta sin níl aon táille i gceist chun seiceáil a dhéanamh ar mhioneasnaimh atá deisithe.

Íoslódáil tuarascáil tástála samplach a thaispeánann torthaí Pas le mioneasnaimh (PDF) 

Aicmithe lochtanna sa Thástáil CVR

Le cois na n-athruithe córais ar an tástáil CVR atá liostaithe thuas, beidh roinnt athruithe ar aicmithe lochtanna tástála CVR. As seo amach aicmítear na lochtanna aimsithe le linn tástáil CVRT mar seo a leanas:

Déine Míniú ar Dhéine  Toradh 
Contúirteach Riosca díreach agus láithreach do shábháilteacht ar bhóithre nó tionchar ar an gcomhshaol. Níor cheart an fheithicil a úsáid ar an mbóthar in imthosca ar bith.  
Tá sé mídhleathach an fheithicil a thiomáint go dtí go bhfuil sé deisithe.
Teip  
Mór- ​D’fhéadfadh sé cur isteach ar shábháilteacht na feithicle, tionchar a bheith aige ar an gcomhshaol, agus úsáideoirí eile bóithre a chur i mbaol nó neamhchomhlíonadh suntasach eile.
Le Deisiú Láithreach
Teip 
Mion Gan tionchar rómhór ar shábháilteacht na feithicle nó tionchar ar an gcomhshaol. Mura n-aithnítear ach lochtanna beaga, measfar gur éirigh leis an bhfeithicil ar an mbonn "Athsheiceáil ar Feitheamh". Ní eiseofar an ráiteas pas go dtí go bhfuil an fheithicil curtha i láthair arís le haghaidh amharciniúchta agus na lochtanna curtha ina gceart.
Le Deisiú chomh luath agus is féidir
Pas ar feitheamh athsheiceáil
Comhairleach  ​Séard is brí le Nóta comhairleach ná go bhféadfadh sé éirí níos tromchúisí amach anseo.
Coinnigh súil air agus deisigh an locht más gá. 
Pas
Pas ​Comhlíonann an fheithicil íoschaighdeán dlíthiúil an CVRT. 
Déan cinnte de go bhfuil bail ródacmhainneach ar d’fheithicil i gcónaí 
Pas

Go háirithe tabhair faoi deara na nithe tástála nua atá aicmithe mar lochtanna contúirteacha anois:  ​

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!