Suirbhéanna an RSA

Is cúis mhór imní do shábháilteacht ar bhóithre iad feithiclí neamh-ródacmhainneach in Éirinn. Ní hamháin go bhfuil sé contúirteach feithiclí lochtacha a thiomáint, ach cuireann siad úsáideoirí bóithre eile i mbaol suntasach freisin.

Le linn 2018 rinne an RSA suirbhé ar ródacmhainneacht feithicle HCVanna agus ar chomhlíonadh rialacha AE maidir le hamanna tiomána, sosanna agus tréimhsí scíthe ag tiománaithe. Ba é sin an ceathrú suirbhé dá leithéid, agus suirbhéanna déanta roimhe seo in 2012, 2014 agus 2016.

Ba é an aidhm leis an suirbhé sin leibhéil reatha um chomhlíontadh tiománaithe agus ródacmhainneacht feithiclí earraí troma (HGVanna) agus busanna in Éirinn a dhearbhú.

Ba iad Cigirí Feithiclí agus Oifigigh Iompair an RSA a bhailigh an t-eolas suirbhé ag cigireachtaí cois bóthair. Stopadh HGVanna agus busanna go randamach chun cigireacht a dhéanamh orthu ag láithreacha cois bóthair idir an 1 Eanáir agus an 31 Nollaig 2018. Ba é Insight Consulting Ltd a rinne an anailís ar na sonraí agus an tuarascáil ina dhiaidh sin thar ceann an RSA.

Is achoimre í tuarascáil 2018 ar thorthaí na suirbhéanna HGV agus busanna mar aon le comparáidí le torthaí ó shuirbhéanna roimhe seo.

Is féidir leat Achoimre 2018 ar thorthaí suirbhé HGV agus bus (PDF) a íoslódáil anseo​​​​​

Is féidir leat Achoimre 2016 ar na torthaí suirbhé ar HGV agus bus (PDF) a íoslódáil anseo

Is féidir leat Achoimre 2014 ar na torthaí suirbhé arHGV agus busanna (PDF) a íoslódáil anseo

Is féidir leat Achoimre 2012 ar na torthaí suirbhé ar HGV agus bus (PDF) a íoslódáil anseo

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!