CRW ar fheithiclí Allmhairithe nó Athchóirithe

Ar an leathanach seo is féidir leat eolas a fháil faoi na dátaí dlite tástála agus faoi na dátaí éaga CRW le haghaidh feithiclí athchóirithe agus feithiclí allmhairithe.

Feithiclí athchóirithe

Ó 20 Bealtaine 2018 i leith, má tá d’fheithicil athchóirithe agat, mar shampla ó fheithicil phaisinéirí M1 go feithicil earraí N1, is é dáta dlite na tástála ‘dáta an athchóirithe’ mar atá taifeadta ar an gComhad Náisiúnta Feithiclí agus Tiománaithe. Ríomhtar tréimhse éaga an CRW bunaithe ar an dáta sin seachas ar an dáta a rinneadh an tástáil agus ar a bhfuarthas pas sa tástáil. Dá bhrí sin, ní bhainfidh tú leas as moill a chur ar thástáil na feithicle athchóirithe.

Má tá deimhniú bailí ródacmhainneachta CRW nó NCT ag d’fheithicil tráth an athchóirithe, beidh an deimhniú seo ar neamhní. Ní mór tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar d’fheithicil díreach i ndiaidh í a athchóiriú agus sula n-úsáidfear in áit phoiblí í.

Sampla

​​Dáta an Athchóirithe

​​Dáta ar a bhfuarthas pas sa tástáil CVR

​​Dáta éaga CRW

01/06/2018​

​12/07/2018

​01/06/2019

Feithiclí allmhairithe (nach bhfuil deimhniú ródacmhainneachta bailí ó Bhallstát eile leo)

Ón 20 Bealtaine 2018 i leith, má tá feithicil athláimhe allmhairithe agat atá níos mó ná bliain d’aois, déanfar dáta dlite na tástála a ailíniú le dáta an chéad chlárúcháin in Éirinn. Ríomhtar dáta éaga an CRW bunaithe ar an dáta sin seachas ar an dáta a rinneadh an tástáil agus a ar bhfuarthas pas sa tástáil.  

Má tá feithicil athláimhe allmhairithe agat atá níos mó ná bliain d’aois, déanfar dáta dlite na tástála a ailíniú le dáta an chéad chlárúcháin ina tír thionscnaimh.

Sampla

​​Dáta an chéad chlárúcháin (sa tír thionscnaimh)

​​Dáta an chéad chlárúcháin in Éirinn

​​Dáta dlite na tástála

​​Dáta éaga CRW

​10/05/2012 (tá an fheithicil os cionn bliain amháin d’aois) 

​25/01/2018

​25/01/2018

​25/01/2019

​10/05/2017 (tá an fheithicil faoi bhun bliain amháin d’aois) 

​25/01/2018

​10/05/2018

​10/05/2019​

Aitheantas frithpháirteach do chodanna neamhéagtha de CRWanna bailí ó Bhallstáit eile

Ón 20 Bealtaine 2018 i leith, más úinéir cláraithe feithicle tráchtála allmhairithe thú ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus má bhí deimhniú ródacmhainneachta bailí reatha leis an bhfeithicil arna eisiúint ag an mBallstát AE sin nuair a cláraíodh an fheithicil in Éirinn, is féidir leat aitheantas a fháil i leith na coda neamhéagtha den deimhniú tríd an deimhniú a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE arna eisiúint in Éirinn. Caithfidh an deimhniú ródacmhainneachta lasmuigh den stát a bheith fós bailí faoi rialacha tástála dlíthiúla na hÉireann, áfach. 

Tabhair cuairt ar ár leathanach um aitheantas frithpháirteach deimhnithe ródacmhainneachta AEchun​​ tuilleadh eolais a fháil. 

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!