Má tá mótarcharbhán agat, caithfear dul faoi thástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála chun do CRW a athnuachan.
Fiú mura n-úsáideann tú do mhótarcharbhán ar bhonn tráchtála, fiú má ghearrtar cáin air go príobháideach, tá tástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála fós de dhíth ar do mhótarcharbhán, ní tástáil NCT.
Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas nó Cárta Seirbhísí Poiblí bailí ag an ionad tástála.
Nuair atá do mhótarcharbhán le dul faoi thástáil
Ag brath ar cé chomh seans is atá do mhótarcharbhán, seo é an t-am go mb’éigean duit é a chur faoi thástáil, cibé acu is tástáil HCV nó tástáil LCV é:
Aois an mhótarcharbháin | Cé chomh minic is a chaithfear é a chur faoi thástáil |
---|---|
0-3 bliana | Ní gá aon thástáil a dhéanamh |
4-9 bliana | Gach 2 bhliain |
Níos mó ná 10 mbliana | Go bliantúil |
Conas do thástáil a chur in áirithe
Tá 140 ionad CVRT ann á dhéanann tástálacha LCV agus 98 ionad CVRT a dhéanann HCV thástáil in Éirinn. Ach is féidir do LCV nó do HCV a chur in áirithe nó a bhainistiú ar líne. Seo mar a dhéantar é:
Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.
Glacaimid le cártaí Visa agus Mastercard. Tabhair faoi deara le do thoil nach nglacaimid le cártaí American Express nó Diners Club
Cuir do Thástáil in áirithe anoisMá éiríonn le d’fheithicil sa tástáil, tabharfaidh an t-ionad tuairisc pas duit. Gheobhaidh tú do Dheimhniú Ródacmhainneachta sa phost ansin. Rachaidh an CRW chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.
Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála - mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moilleanna a bheith i gceist ó thaobh an CRW a eisiúint.
Cuir do Thástáil in áirithe anoisCineál Feithicle | Táille Gan CBL a Áireamh |
---|---|
Mótarcharbháin le dhá acastóir | Táille Thástála Iomlán €76.86 Táillí Atástála €35.43 |
Mótarcharbháin le trí acastóir nó níos mó | Táille Thástála Iomlán €94.58 Táillí atástála €44.29 |
Ó 20 Bealtaine 2018 seans go bhfaighidh tú tuairisc tástála ó d’ionad tástála CVR a thaispeánfaidh gurb é toradh na tástála ná ‘Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh’.
Ciallaíonn sé seo nach bhfuair an tIonad Tástála CVR ach lochtanna beaga le linn dóibh d’fheithicil a chur faoi thástáil. Is é sin, nár aimsíodh aon locht mór nó contúirteach. Sa chás gur mioneasnaimh (lochtanna) amháin a aimsíodh ní gá d’fheithicil a chur faoi thástáil arís. Mar sin féin, caithfidh tú filleadh ar an ionad tástála CVR ina ndearnadh an bhuntástáil le cruthú go bhfuil na lochtanna beaga deisithe agat. Níl aon teorainn ama ann ó thaobh d’fheithicil a thabhairt ar ais le haghaidh an athsheiceáil seo.
Nós imeacht agus costas
Sna cásanna seo, is mar seo a leanas atá an nós imeachta:
Toisc nach atástáil í seo, níl aon srian ama nó míleáiste ann maidir le cathain is gá duit d’fheithicil a thabhairt ar ais chuig an ionad tástála.
Cuir do Thástáil in áirithe anoisMá theipeann ar d’fheithicil, beidh ort dul faoi thástáil arís. Caithfidh tú an atástáil a chur in áirithe leis an Ionad Tástála ina ndearnadh an chéad thástáil.
Costas & nós imeachta na hatástála
Má fhilleann tú don atástáil laistigh de 21 lá agus tá níos lú ná 4,000 ciliméadar ag d’fheithicil ó rinneadh tástáil uirthi an uair dheireanach:
Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.
Book your test nowPróiseas na Tástála
Tugann custaiméirí an fheithicil isteach chuig an ionad tástála CVRT a roghnaigh siad. Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas bailí. Mura ndéantar amhlaidh d’fhéadfadh moill a bheith ann maidir le Deimhniú Ródacmhainneachta a eisiúint.
Maireann tástálacha idir 45 agus 120 nóiméad ag brath ar cén sórt feithicle atá á cur faoi thástáil agus líon na n-acastóirí atá aici. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT.
I ndiaidh na tástála, eisíonn an t-ionad tuairisc pas nó teipe. Má éiríonn leis an bhfeithicil, cuirtear Deimhniú Ródacmhainneachta go huathoibríoch sa phost chuig úinéir cláraithe na feithicle. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní dhéantar measúnú ach ar chomhpháirteanna atá sofheicthe agus inrochtana nuair atá feithicil ag dul faoi CVRT. Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.
Má theipeann ar fheithicil agus má fhilleann sí le haghaidh tástála laistigh de 21 lá agus má tá níos lú ná 4,000km taistealta aici ó cuireadh faoi thástáil an uair dheireanach í, ní gá don fheithicil sin an tástáil iomlán a dhéanamh arís. Ina ionad sin, ní dhéantar é a thástáil ach amháin ar na pointí teipe ón gcéad tástáil.
Ba cheart an Deimhniú Ródacmhainneachta a chur ar taispeáint ar an bhfeithicil. Má tá feithicil os cionn bliana d’aois, ní féidir cáin a ghearradh uirthi gan CRW bailí a bheith aici.
Ag Ullmhú le haghaidh do Thástáil CVR
Le bheith ullmhú do do thástáil bí cinnte na rudaí seo a dhéanamh:
Nithe Eile:
Mura dtugtar aird ar na nithe thuas, is mó seans go dteipfidh ar d’fheithicil sa tástáil, nó go deimhin, nach mbeidh d’ionad tástála CVR in ann d’fheithicil a thástáil agus go mbeidh ort filleadh lá éigin eile dá bharr.
Cuimhnigh! - Faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair, tá ar an duine a thíolacfaidh an fheithicil le haghaidh tástála I.D. Láithreora a thaispeáint i bhfoirm Ceadúnais Tiomána, nó Pas bailí ag an ionad tástála.
Cuir do Thástáil in áirithe anois