Bí i do thástálaí CVR

Tá an RSA freagrach as údarú chun bheith mar Thástálaí CVR nua a dheonú agus as údaruithe fógraí a leasúcatagóirí​breise tástála. Faigh tuilleadh eolais faoin bpróiseas údaraithe.

Cad atá ag teastáil le haghaidh údarú mar Thástálaí CVR nua  

Le haghaidh iarratasóirí ar Údarú mar Thástálaithe CVR nua beidh na riachtanais cháilíochta/taithí seo a leanas i bhfeidhm.

Cáilíochtaí/Taithí​ Riachtanais
Iarratasóirí nua le haghaidh Tástálaí CVR a bhfuil Ardteastas Ceardaíochta, Teastas Náisiúnta Ceardaíochta nó cáilíocht choibhéiseach acu ó thír eile go leibhéal 6 ar a laghad ar an gCreat Cáilíochtaí Náisiúnta nó Teastas Trádála Sinsearach nó Taifead Gnóthachtála ón Údarás Breisoideachais agus Oiliúna (SOLAS) ina léirítear inniúlachtaí atá coibhéiseach leis na caighdeáin le haghaidh Teastas Náisiúnta Ceardaíochta i réimse scileanna Feithiclí Éadroma, HGV, Meicneoir Talmhaíochta nó Tógála. 
  1. Fianaise ó d’fhostóir go bhfuil taithí oibre 12 mhí ar a laghad agat (18 mí má tá iarratas á dhéanamh agat ar HCVanna a thástáil agus go bhfuil do cháilíocht i bhFeithiclí Tráchtála Éadrom) ar HCV nó LCV a dheisiú agus a chothabháil
  2. Bheith ainmnithe ag Oibreoir Tástála CVR le bheith mar Thástálaí CVR.
  3. Ní mór don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a bheith sásta gur ‘daoine cuí cóir’ iad na hiarratasóirí
Ní mór d’iarratasóirí le haghaidh Tástálaí ADR/Tarracóra nua (feithiclí chatagóir T) a dhéanann iarratas ar leasú ar a n-údarú chun tástálacha ADR/Tarracóra (catagóir T) a dhéanamh a bheith údaraithe chun feithiclí HCV a thástáil ar feadh bliana ar a laghad díreach sula dtosóidh siad ar an gcúrsa oiliúna ábhartha leis an soláthraí oiliúna ainmnithe.  
  1. Bheith ainmnithe ag Oibreoir Tástála CVR le bheith mar Thástálaí ADR/Tarracóra.
  2. Ní mór don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a bheith sásta gur ‘daoine cuí cóir’ iad na hiarratasóirí

Tá tuilleadh eolais ar na cúrsaí oiliúna ar fáil inár roinn oiliúna..

Conas iarratas a dhéanamh ar údarú mar Thástálaí CVR nua

  • Chun iarratas a dhéanamh íoslódáil agus comhlánaigh an
    Fhoirm Iarratais ar Údarú mar Thástálaí CVR nua.​​​​
  • Ba cheart don duine a dhéanfaidh an t-iarratas ar Údarú Cuid A den fhoirm seo a chomhlánú.
  • Ba cheart go gcomhlíonfadh oibreoir tástála CVR údaraithe a bheidh ag ainmniú an iarratasóra d’áit ar chúrsa oiliúna do Thástáil CVR Cuid B.
  • Cinntigh, le do thoil, go gcuirfidh tú na doiciméid tacaíochta riachtanacha ar fad isteach trí thic a chur ar an seicliosta ar leathanach 2 den fhoirm iarratais.

Cá háit is féidir iarratas a dhéanamh?

Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig:
CVR Authorisations Section, 
Commercial Vehicle Testing, 
Road Safety Authority, 
Clonfert House,
Bride Street, 
Loughrea,
Co. Galway 
H62 ET93​​​

I ndiaidh an tÚdarú a Fháil.

I ndiaidh an tÚdarú a fháil, déanfaidh an RSA maoirseacht leanúnach ar na Tástálaithe CVR.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le CVRAuthorisations@rsa.ie


 

Chat to Chris!