Fíricí Úsáideacha maidir le Tástálacha Feithiclí

Feithiclí atá lochtach contúirteach

I gcás ina sainaithnítear go bhfuil feithicil contúirteach lochtach le linn tástála, cuirfidh an Tástálaí CVR greamán “Teip Chontúirteach” ar an bhfeithicil nó an leantóir earraí – nochtfaidh sé seo an fheithicil mar fheithicil lochtach contúirteach go poiblí.

Sa chás go mbíonn oifigeach údaraithe de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre i láthair ag an ionad tástála nuair a eisítear greamán “Teip Contúirteach” d’fheithicil, beidh sé/sí i dteideal de réir  an dlí ordú a eisiúint do thiománaí/úinéir na feithicle. á cheangal go ndéanfaí an fheithicil a dheisiú agus a thástáil sula dtiomáintear í ón ionad tástála. Ina theannta sin, tá sé beartaithe, má bhíonn sé nó sí i láthair ag an ionad tástála, go mbeidh oifigeach údaraithe i dteideal feithicil atá contúirteach a choinneáil, a chur ó ghluaiseacht, a thógáil ón láthair agus a dhiúscairt más dócha go n-úsáidfear an fheithicil ar bhóthar poiblí.

Ba cheart go mbeadh a fhios ag oibritheoirí go mbeadh sé ina chion faoi w Alt 54 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1961  do dhuine feithicil a thiomáint in áit phoiblí fad is a bhíonn locht ag baint leis an bhfeithicil agus a fhios aige/aici go bhfuil an fheithicil ina baol don phobal agus í faoi shiúl.

Feithiclí a chur faoi thástáil nár tiomáineadh ar ar feadh tréimhse bhóithre

Caithfear gach feithicil tráchtála a úsáidtear ar bhóithre poiblí a thástáil uair sa bhliain.  Is oibleagáid dhlíthiúil í seo atá i bhfeidhm ar fud an AE.  Níl aon díolúintí d’fheithiclí nár tiomáineadh ar bhóithre poiblí ar feadh tréimhse. Tá sé seo amhlaidh maidir leis an NCT freisin.

Is féidir le feithiclí nár tiomáineadh ar bhóithre poiblí ar feadh tréimhse díghrádú agus dul in olcas le linn dóibh a bheith díomhaoin.  Agus tá sé gach pioc chomh tábhachtach iad a thástáil mar sin. Mar shampla, is féidir leis na nithe a ndíríonn an tástáil orthu go príomha amhail boinn / píobáin choscánaithe éirí lofa agus comhpháirteanna coscánaithe meicniúla amhail línte coscánaithe, taiscumair choscánaithe / umair aeir, cuasáin choscánaithe agus cailpéir greamú agus/nó creimeadh.    Dá bhrí sin tá sé riachtanach go ndéanfaí iniúchadh/tástáil orthu seo agus ar chomhpháirteanna comhchosúla fiú nuair nár tiomáineadh an fheithicil ar bhóithre poiblí ar feadh tréimhse.

Seo hiad na cásanna inar féidir le tástálaí diúltú tástáil a dhéanamh

"D’fhéadfadh sé seo tarlú má tá an tástálaí den tuairim go mbeadh aon chuid den fheithicil nó dá threalamh neamhshábháilte chun an tástáil a dhéanamh NÓ mura bhfuil an t-ualach ar an bhfeithicil daingnithe maith go leor nó má tá sé i riocht is nach mbeadh sé sábháilte é a dhéanamh, sa chás sin féadfaidh an tástálaí diúltú tástáil CVR a dhéanamh ar fheithicil NÓ má tá an fheithicil curtha i láthair i riocht nach féidir leis an tástálaí rochtain a fháil ar chodanna den fheithicil chun an tástáil a dhéanamh go hiomlán. Cuirfear an RSA ar an eolas agus tabharfar aon táille thar n-ais. 

Féadfaidh an tástálaí diúltú tástáil a dhéanamh murar íocadh an táille. 

Feithiclí a chur isteach arís le haghaidh atástála

Féadfaidh oifigeach údaraithe a iarraidh go ndéanfaí feithicil a chur isteach arís le haghaidh tástála athuair ar an toirt ar bhonn randamach nó má bhíonn imní air/uirthi faoin modh tástála a dhéantar ar an bhfeithicil. Cé go ndéanfar tréaniarracht a laghad míchaoithiúlachta agus is féidir a dhéanamh, is é an sprioc is mó le hiniúchadh a dhéanamh athuair ná a chinntiú gur tugadh faoin tástáil i gceart.

"Cé nach dtarlaíonn sé rómhinic, féadfaidh an RSA dul i dteagmháil leat freisin má tá siad in amhras faoi thástáil a rinneadh le déanaí ar an gcúis go mb’fhéidir nach ndearnadh i gceart é. I gcásanna den sórt sin, seans go mbeidh gá le hatástáil agus seans go ndéantar í sin faoi mhaoirseacht oifigeach údaraithe de chuid an RSA. "

Cá háit ar féidir feithicil a chur faoi atástáil

Caithfear feithicil a chur faoi atástáil san céanna   Ionaid Tástála Feithiclí Tráchtála ​inargcríochnaíodh an tástáil bhunaidh. Má shocraíonn tú ionad tástála eile a úsáid, ar chúis ar bith, déanfar tástáil iomlán ag an dara ionad tástála.

Má tá tú míshásamh ort faoi thoradh do thástála

"Ní mór duit gearán a chur isteach i scríbhinn chuig an ionad tástála inar tástáladh an fheithicil. Luafar an méid seo a leanas sa ghearán: "

  • d’ainm, do sheoladh baile agus do shonraí teagmhála; 
  • Uimhir chláraithe na feithicle agus an dáta a tástáladh an fheithicil; agus
  • do ghearán

"Ba cheart go bhfaighfeá admháil scríofa ón ionad tástála go bhfuarthas do ghearán laistigh de thrí lá oibre ón ngearán a fháil. Ba cheart go bhfaighfeá freagra ar do ghearán laistigh de 14 lá oibre. "  

Íoslódáil ár mbileog ar Tiomantas an RSA do Sheirbhís do Chustaiméirí maidir le Tástáil CVR (PDF)

Tástálacha Deonacha

"Tá tástálacha deonacha ar fáil ag gach ionad tástála CVR. Is éard is tástáil dheonach ann ná tástáil ródacmhainneachta, seachas tástáil CVR, a dhéantar ar mhír tástála amháin nó níos mó. Mar sin ní eisítear aon CRW mar thoradh ar thástáil dheonach, níl aon tobhach iníoctha ar na tástálacha seo agus ní chuireann siad isteach ar dháta dlite tástála feithicle. "  

"Chomh maith le feithiclí CVR, is féidir tástáil dheonach a dhéanamh ar fheithiclí de chuid na nGardaí nó Óglaigh na hÉireann. "  

Tá dhá chineál tástálacha deonacha ar fáil ag ionaid tástála CVR, agus feabhsóidh an dá cheann do rátáil riosca le haghaidh Ródacmhainneachta. 
 

  • Tástáil Dheonach Pháirteach - Is féidir Tástáil Dheonach Pháirteach a shaincheapadh ag brath ar na míreanna is mian leat a thástáil ar d’fheithicil. Is féidir leat a chinneadh, le d’ionad tástála CVR, gan ach mír amháin nó réimse amháin de d’fheithicil a thástáil nó is féidir leat a iarraidh go ndéanfar tástáil ar gach mír (tástáil iomlán CVR). Mar sin, mar shampla, dá mba rud é gur theastaigh uait gan ach do choscán a thástáil roghnófá an cineál tástála deonaí seo. Ina theannta sin, dá mba mhian leat go ndéanfaí tástáil iomlán CVR ar d’fheithicil, roghnófá an tástáil seo agus d’iarrfá ar d’ionad tástála CVR gach mír a thástáil.
  • Tástáil Dheonach Sábháilteachta - Os a choinne sin, áirítear le Tástáil Dheonach Sábháilteachta liosta réamhshainithe de na míreanna atá ríthábhachtach ó thaobh sábháilteachta de atá le tástáil.

D’fhéadfadh roghanna tástála deonacha éagsúla a bheith oiriúnach d’oibritheoirí éagsúla ag brath ar na córais chothabhála nó na cineálacha saoráidí atá ag oibritheoirí saoráidí go hinmheánach agus is féidir ceachtar ceann den dá thástáil dheonach a úsáid mar thástáil bhreise idir do thástáil bhliantúil CVR. D’fhéadfadh tástáil dheonach a bheith an-úsáideach go háirithe do na hoibritheoirí sin nach bhfuil a dtrealamh ná a saoráidí tástála inmheánacha féin acu. Mar shampla, féadfaidh Oibritheoirí nach bhfuil tástálaí sloic nó coscán acu rogha a dhéanamh leas a bhaint as tástálacha deonacha.  

Má tá feithicil tráchtála agat nó má bhaineann tú úsáid as ceann, is tusa atá freagrach as córas coisctheach cothabhála​ a chur i bhfeidhm chomh maith le bheith freagrach as bail ródacmhainneachta na feithicle. Táthar den tuairim gur cuid den dea-chleachtas é dul faoi thástáil dheonach idir tástálacha reachtúla bliantúla agus cabhraíonn sé ó thaobh teacht ar lochtanna ar bith a d’fhéadfadh a bheith ann. Go hidéalach, ba cheart duit cothabháil choisctheach a sceidealú ag eatraimh ar leith ionas gur féidir leat fadhb a aithint sula n-éireoidh sí níos measa.

Tástálacha forfheidhmithe

Déantar tástáil forfheidhmithe (ar a dtugtar tástáil CVR pháirteach go dlíthiúil) nuair a thugtar feithicil chuig ionad tástála CVR mar thoradh ar threoir tugtha ag oifigeach údaraithe an RSA. Seans go gcuirfidh an tástáil seo mír tástála amháin nó níos mó faoi iniúchadh nó seans go ndíreoidh sé ar gach mír tástála a bhaineann leis an feithicil sin. Déanfar sonraí na míreanna tástála atá le tástáil a liostú ar an gcóip den tuairisc iniúchta seiceála cois bóthair mar a cuireadh ar fáil do thiománaí na feithicle í agus déanfar na míreanna go léir atá sonraithe inti a thástáil. D’fhéadfaí tástáil fhorfheidhmithe a dhéanamh ar aon fheithicil CVR, feithiclí a cláraíodh lasmuigh den Stáit san áireamh.​​ Is cabhair iad na tástálacha forfheidhmithe ó thaobh measúnú a dhéanamh ar fheithicil le fáil amach an gcomhlíonann sí na bunriachtanais tráth na tástála, ag cur san áireamh nach ndéantar tástáil ach ar na míreanna atá infheicthe agus inrochtana.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!