web
Modalità offline. Versione di sola lettura della pagina.
close

CRW agus Mótarcháin

Má tá feithicil tráchtála agat atá níos mó ná bliain d’aois nó mótarcharbhán atá níos mó ná ceithre bliana d’aois, caithfidh CRW bailí a bheith leis sular féidir leat an mhótarcháin a bhaineann leis a íoc, fiú má chuirtear cáin ar d’fheithicil mar fheithicil phríobháideach.  

Ní gá duit fanacht go bhfaighidh tú an CRW sa phost sular féidir leat cáin a chur ar d’fheithicil. Is féidir leat 

  • Cáin air a chur air go pearsanta ag an oifig mótarchánach thart uair an chloig nuair a bheidh an tástáil críochnaithe. 
  • Cuir cáin ar d’fheithicil ar líne an lá i ndiaidh an tástáil a chríochnú. 

Tá tuilleadh eolais maidir le cáin a chur ar d’fheithicil ar fáil ar www.motortax.ie

Feithiclí allmhairithe – aitheantas deimhnithe ródacmhainneachta AE. 

Más úinéir cláraithe feithicle tráchtála athláimhe allmhairithe thú ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus má bhí deimhniú ródacmhainneachta bailí reatha le d’fheithicil arna eisiúint ag Ballstát nuair a cláraíodh an fheithicil in Éirinn, is féidir leat aitheantas a fháil i leith na coda neamhéagtha den deimhniú tríd an deimhniú a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE arna eisiúint in Éirinn. Caithfidh an deimhniú ródacmhainneachta lasmuigh den stát a bheith fós bailí faoi rialacha tástála dlíthiúla na hÉireann, áfach.

Ní mór duit an fhoirm iarratais um aitheantas (PDF) a chomhlánú agus í a sheoladh chugainn. Nuair a bheidh bailíocht an deimhnithe ródacmhainneachta arna eisiúint ag Ballstát eile deimhnithe againn, seolfaimid deimhniú aitheantais AE chugat ansin. I ndiaidh duit é a fháil tú é beidh tú ábalta cáin a chur ar d’fheithicil.  Tá diosca ar an deimhniú aitheantais a chaithfidh tú a thaispeáint ar an bhfeithicil lena mbaineann. Féach an sampla thíos

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbeidh tú ábalta cáin a chur ar d’fheithicil trí úsáid a bhaint as deimhniú ródacmhainneachta AE. Ní mór duit an deimhniú a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE a eisíodh in Éirinn uainne sular féidir leat cáin a chur ar d’fheithicil.

Tabhair cuairt ar ár leathanach um aitheantas frithpháirteach deimhnithe ródacmhainneachta AE lasmuigh den stát  chun tuilleadh eolais a fháil. 

Sampla de dheimhniú aitheantais AE

Sample EU recognition certificate

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!