Conas do CRW a fháil

Ní mór do gach feithicil tráchtála tástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVR) a dhéanamh agus pas a fháil ann chun deimhniú ródacmhainneachta (CRW) a fháil.

Lean na céimeanna seo a leanas:

  1. Ar dtús caithfidh d’fheithicil dul faoi thástáil CVR. Is féidir leat áirithint tástála a iarraidh ar líne anois nó de rogha air sin is féidir leat dul i dteagmháil le hionad tástála CVR go díreach chun áirithint tástála a dhéanamh.

  2. Bí cinnte go dtabharfaidh tú ID an láithreora chuig an ionad tástála i bhfoirm ceadúnas tiomána bailí, pas nó cárta seirbhísí poiblí. Mura dtugann tú ID láithreora leat, féadfaidh an t-ionad tástála an tástáil CVR a dhéanamh ar d’fheithicil fós. Ní féidir linn CRW a eisiúint, áfach, go dtí go bhfillfidh tú ar an ionad tástála leis an ID láithreora. 

  3. Nuair a bheidh an tástáil CVR ar d’fheithicil críochnaithe, tabharfaimid tuairisc duit ina gcuirfear síos ar thorthaí na tástála. Gheobhaidh tú ceann amháin díobh seo a leanas:

    • Ráiteas pas, a chiallaíonn gur éirigh le d’fheithicil sa tástáil CVR. Mura n-insíonn tú dúinn go mbeidh úinéireacht na feithicle ag athrú seolfaimid an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle. Má tá ceisteanna agat faoi gan do CRW a fháil sa phost ach go bhfuair tú ráiteas pas, seol ríomhphost le do thoil chuig cvrtfinance@rsa.ie.

    • Tuairisc tástála ina gcuirfear in iúl duit gur theip ar d’fheithicil sa tástáil CVR.. Ní mór d’úinéir na feithicle an fheithicil a dheisiú agus í a chur i láthair arís le haghaidh atástáil CVR ag an ionad tástála céanna laistigh de 21 lá agus nár thaisteal sí níos lú ná 4,000 km san am sin. Nuair a chríochnóidh agus nuair a gheofar pas do d’fheithicil san atástáil, eiseoimid CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle.

    • Ón 20 Bealtaine 2018 d’fhéadfadh sé go bhfaighfeá tuairisc tástála ina sonrófar Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh. Ciallaíonn sé sin nár aithníodh ach mionlochtanna le linn na tástála. (Níor aimsíomar aon lochtanna móra nó contúirteacha). Sa chás seo ní gá d'fheithicil a atástáil. Ní mór d’úinéir na feithicle, áfach, filleadh leis an bhfeithicil ar an ionad tástála ina ndearnadh an bhuntástáil lena dheimhniú go bhfuil na mionlochtanna deisithe.​Níl aon teorainn ama leis an bhfeithicil a chur i láthair an athuair le measúnú a dhéanamh ar na mionlochtannaa deisíodh ach mholfaimis duit é sin a dhéanamh chomh luath agus is féidir. Eiseoimid an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle nuair a dheimhneoidh an t-ionad tástála go bhfuil na mionlochtanna deisithe.

Is cruthúnas é do CRW gur chomhlíon d’fheithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil. Ní féidir measúnú a dhéanamh ach na míreanna tástála atá sofheicthe agus atá inrochtana ag an CVRT. Ní féidir breathnú ar CRW nó ar Dheimhniú Aitheantais AE mar bharántas do d’fheithicil. Dá bhrí sin má tá tú ag smaoineamh ar fheithicil athláimhe a cheannach, ba cheart do mheicneoir cáilithe é a sheiceáil go neamhspleách sula gceannóidh tú í, nó seachas sin ceannaigh feithicil lena mbeidh barántas ó dhéileálaí údaraithe. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí chun tuilleadh eolais a fháil.

Tá diosca inscortha ar do CRW agus tá dualgas dlíthiúil ort é a thaispeáint ar d’fheithicil. Ní mór an diosca a thaispeáint ar ghaothscáth na feithicle nó i gcás leantóir earraí, chomh gar agus is féidir don phláta clárúcháin nó áit inar féidir é a iniúchadh go héasca.

Feithiclí Iompórtáilte - deimhniú aitheantais AE

Má tá deimhniú ródacmhainneachta bailí eisithe ag Ballstát eile de chuid AE le d’fheithicil, ón 20 Bealtaine 2018 i leith is féidir leat é a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE arna eisiúint in Éirinn. Ní mór duit an fhoirm iarratais ar aitheantas um dheimhniú ródacmhainneachta (PDF)​  a chomhlánú agus í a sheoladh chugainn ag an seoladh seo a leanas.

CRW Exchange
Road Safety Authority
Clonfert House
Bride Street
Loughrea Co. Galway

A luaithe a bheidh roinnt foirmiúlachtaí curtha i gcrích againn agus ag glacadh leis go bhfuil an deimhniú ródacmhainneachta ó Bhallstát AE eile bailí, seolfaimid deimhniú aitheantais AE chugat ansin. Beidh a dháta éaga ag teacht leis an dáta éaga ar an deimhniú ródacmhainneachta lasmuigh den stát.

Tabhair cuairt ar ár leathanach um aitheantas frithpháirteach deimhnithe ródacmhainneachta AE chun tuilleadh eolais a fháil. 

Nóta: Má tá d’fheithicil iompórtáilte níos mó ná bliain d’aois agus mura bhfuil deimhniú ródacmhainneachta bailí eisithe ag Ballstát eile AE léi, ní mór duit an fheithicil a thástáil ag ionad tástála CVR údaraithe tríd an nós imeachta atá leagtha amach thuas a leanúint chun CRW a fháil.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!