Má tá feithicil tráchtála seanré agat a ndéantar tástáil uirthi laistigh den chóras tástála d’fheithiclí tráchtála, d’fhéadfá a bheith i dteideal díolúine ó thástáil nó bheith ábalta iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ón gceanglas maidir le tástáil ródacmhainneachta bhliantúil a dhéanamh.
ní gá tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar feithiclí seanré a cláraíodh den chéad uair roimh an 1 Eanáir 1980 agus atá á n-úsáid chun críocha neamhthráchtála amháin
ní mór tástáil éigeantach ródacmhainneachta a dhéanamh ar fheithiclí a cláraíodh i ndiaidh an 1 Eanáir 1980 ach atá os cionn 30 bliain d’aois atá á n-úsáid chun críocha neamhthráchtála amháin gach dhá bhliain in ionad gach bliana.
Dáta Clárúcháin na Feithicle | Minicíocht na Tástála |
---|---|
1 Nollaig 1979 (i.e. roimh Eanáir 1980) | Ní gá tástáil ródacmhainneachta a dhéanamh ar an bhfeithicil ar an gcoinníoll nach bhfuil an fheithicil á húsáid chun críocha tráchtála |
1 Eanáir 1988 (i.e. i ndiaidh an 1 Eanáir 1980 ach má tá an fheithicil os cionn 30 bliain d’aois) | Beidh gá tástáil éigeantach ródacmhainneachta a dhéanamh ar an bhfeithicil gach dhá bhliain seachas gach bliain ar an gcoinníoll nach bhfuil sí á húsáid chun críocha tráchtála. |
1 Eanáir 1989 (i.e. níl an fheithicil 30 bliain d’aois fós) | Ní mór tástáil ródacmhainneachta bhliantúil a dhéanamh ar an bhfeithicil. Is féidir leis an úinéir iarratas a dhéanamh ar dhíolúine ón 1 Eanáir 2019 nuair a shlánóidh an fheithicil 30 bliain d’aois. |
Feithicil seanré a úsáidtear chun críocha tráchtála (cláraithe am ar bith). | Ní mór tástáil éigeantach ródacmhainneachta a dhéanamh uirthi gach bliain beag beann ar a haois. |
Ciallaíonn úsáid tráchtála go bhfuil d’fheithicil seanré á húsáid chun paisinéirí nó earraí a iompar ar fruiliú nó ar luach saothair, mar shampla d’fheithicil seanré a fhruiliú le haghaidh bainiseacha nó chun críocha féinchuntais.
Má tá d’fheithicil os cionn 30 bliain d’aois agus gur cláraíodh i n ndiaidh an 1 Eanáir 1980, ní mór duit dearbhú um úsáid neamhthráchtála (pdf) a shíniú ag d’ionad tástála CVR nuair a bheidh d’fheithicil á tástáil. Nuair a shíneoidh tú an dearbhú sin agus nuair a bheidh pas faighte ag d’fheithicil sa tástáil, seolfaimid CRW chugat a bheidh bailí ar feadh dhá bhliain ó dháta na tástála.
Má tá d’fheithicil os cionn 40 bliain d’aois agus nach bhfuiltear á húsáid chun críocha tráchtála, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar dhíolúine, toisc nach gá d’fheithicil a thástáil.
Nóta tábhachtach:: Más rud é, i ndiaidh duit dearbhú um úsáid neamhthráchtála a chur isteach, gur mian leat d’fheithicil a úsáid chun críocha tráchtála, caithfidh tú d’fheithicil a thástáil sula n-úsáidfidh tú í chun críocha tráchtála.
Is féidir. Más mian leat go ndéanfaí tástáil CVR ar d’fheithicil, is féidir leat dul i dteagmháil le d’ionad tástála áitiúil chun áirithint a dhéanamh.
Má bhíonn ceisteanna ar bith agat faoin méid thuas, déan teagmháil le do thoil le Riarthóir CVRT trí ríomhphost: cvrt@rsa.ie.