Bus a Fháil ar Cíos - Déan deimhin de go bhfuil sé sábháilte!

Bus a Fháil ar Cíos i gcomhair Páistí a Iompar - Déan cinnte de go bhfuil sé sábháilte ar an mBóthar.

Tá an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre i mbun feachtais feasachta chun sábháilteacht na mbusanna a úsáidtear chun páistí a iompar go dtí agus ó imeachtaí a bhaineann leis an scoil a chur chun cinn chomh maith le cuairteanna, turais agus imeachtaí spóirt srl 

Is mian linn feasacht a ardú i measc scoileanna, tuismitheoirí, grúpaí deonacha, clubanna óige agus eagraíochtaí spóirt maidir le conas is féidir leat a chinntiú go bhfuil soláthraithe busanna ag cur busanna sábháilte ar fáil chun páistí a iompar..

Caithfidh gach oibritheoir bus a chinntiú go bhfuil busanna ródacmhainneach.  Caithfidh siad::

Tá na dualgais dhlíthiúla thuas i bhfeidhm le cinntiú go bhfuil busanna ar ár mbóithre sábháilte i gcónaí.  

Le linn duit a bheith i dteagmháil le soláthraithe bus bí ar an airdeall le do thoil agus lorg dearbhuithe ón soláthraí go bhfuil siad ag comhlíonadh na n-oibleagáidí dlíthiúla ábhartha go léir. 

Mar chabhair duit i mbun seo tá dhá sheicliosta maidir le comhlíonadh forbartha ag an RSA le haghaidh daltaí/scoileanna bunscoile (PDF) agus meánscoile. Molaimid go láidir go n-iarrfá ar an soláthraí bus na seicliostaí seo a chomhlánú mar dhearbhú duit go gcomhlíonann a bhus na ceanglais sábháilteachta ar fad sula bhfaightear bus ar cíos chun páistí a iompar.

Criosanna Sábháilteachta ar Bhusanna a bhfuil baint acu le hiompar páistí ar bhonn eagraithe.

Ón 31 Deireadh Fómhair 2011 i leith, caithfidh gach bus a bhaineann le hiompar páistí ar bhonn eagraithe na criosanna sábhála nó na córais srianta atá cuí agus oiriúnach don fheidhm a bheith i bhfearas aige don líon páistí atá á n-iompar. 

Ba cheart d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair a fhaigheann seirbhísí bus ar cíos nó a dhéanamh conradh chun páistí a iompar a chinntiú go bhfuil criosanna sábhála feistithe ar an bhfeithicil.

Is éard atá i gceist le hiompar ar bhonn eagraithe ná grúpa de thriúr páistí nó níos mó a thabhairt ar thuras tiomnaithe.  Cuimsíonn sé seo páistí a iompar:

  • go dtí agus ón scoil 

  • ar thurais scoile

  • chuig imeachtaí spóirt

  • ar gach imeacht eagraithe eile

Faoi Ionstraim Reachtúil Uimhir 367 de 2011​ tá sé mídhleathach d’úinéir/tiománaí bus páistí a iompar ar thuras eagraithe mura bhfuil criosanna sábhála nó córais srianta atá oiriúnach don fheidhm feistithe ar a bhfeithicil nó mura bhfuil an líon cuí criosanna sábhála nó córais srianta ann do líon na bpáistí á n-iompar.

An bhfuil tú údar imní agat faoi riocht bus atá á úsáid chun páistí a iompar? 

Má tá údar imní ar bith agat faoi bhail ródacmhainneachta feithicle tráchtála e.g. Bus Scoile, Leoraí, Leantóir nó go deimhin aon chineál eile feithicle tráchtála is féidir leat d’údar imní a thuairisciú faoi rún don RSA. Tabhair cuairt ar árr leathanach gearán chun tuilleadh eolais a fháil.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!