Maidir leis an tástáil CVR

Cén fáth go bhfuil CVRT de dhíth ort

Is é atá uainn thar aon rud eile ná bóithre na hÉireann a choimeád sábháilte. Tá Tástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVRT) mar chuid den iarracht sin.

Tá ceithre phríomhchúiseanna ann gur gá d’fheithicil a chur faoi thástáil CVR go bliantúil.

1. chun do Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW) a fháil. 

Ní bhfaighidh tú do Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW) go dtí go n-éireoidh leat i do thástáil CVR. Is cruthúnas é an deimhniú seo gur chomhlíon feithicil sraith de bhuncheanglais sábháilteachta ar an lá a d’éirigh léi sa tástáil, fós féin, níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici. 

2. Déanann sé seiceáil ar bhail bhunúsach do chuid feithiclí.

Cinntíonn an tástáil CVR go ndéantar tástáil chothrom gach bliain ar gach earra agus feithicil paisinéara ar an mbóthar. Aimsíonn an tástáil pointí teip feithicle ar na hearraí a tástáladh i gcomhréir leis na lámhleabhair CVRT

Deimhníonn an CVRTgo gcomhlíonann feithicil bunchaighdeáin sábháilteachta ar an lá ar a ndéantar an tástáil.   Tástálann sé gach a bhfuil inrochtana agus sofheicthe.

Ní mór gach feithicil tráchtála a thástáil nuair atá siad os cionn bliana d’aois agus go bliantúil ina dhiaidh sin.

3. Sábhálann sé am.

Seans maith nach dtarlóidh cliseadh ach go hannamh nuair a théitear faoi thástáil go bliantúil agus nuair atá bail mhaith ar do chuid feithiclí. Tagann feabhas ar éifeachtúlacht thástáil feithiclí earraí agus paisinéirí tríd is tríd de bharr an chláir CVRT.

4. Is é an Dlí é.

De réir na reachtaíochta, caithfear gach feithicil tráchtála a thástáil nuair atá siad os cionn bliana d’aois agus go bliantúil ina dhiaidh sin. Mar sin seachnófar pointí pionóis agus fíneálacha má dhéantar tástáil ar d'fheithicil.

Cad atá i gceist leis an CVRT?

Is tástáil ródacmhainneachta é an Tástáil Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála (CVRT) do gach feithicil tráchtála, busanna a bhfuil níos mó ná ocht suíochán paisinéara acu agus otharchairr, gach ceann acu os cionn bliana d’aois.  Deimhníonn an CVRTgo gcomhlíonann feithicil bunchaighdeáin sábháilteachta ar an lá ar a ndéantar an tástáil.   Tástálann sé gach a bhfuil inrochtana agus sofheicthe.  Níor cheart talamh slán a dhéanamh de go bhfuil dea-bhail ar fheithicil toisc go bhfuil CRW aici.

Tá Tástáil Feithiclí Tráchtála ar cheann de na bearta coisctheacha atá riachtanach le go mbeadh feithiclí níos sábháilte ar ár mbóithre.  Le cinntiú go bhfuil bail mhaith agus riocht sábháilte ar fheithiclí i gcaitheamh a saoil oibre, tá sé ríthábhachtach go ndéantar cothabháil agus seirbhís orthu go rialta. Tá oibleagáidí follasacha ar Oibritheoirí Feithiclí Tráchtála anois córais chothabhála a bheith i bhfearas acu agus seiceálacha timshiúla a dhéanamh go laethúil.

Ba cheart do cheannaitheoirí ionchasacha d’fheithiclí athláimhe i gcónaí a chinntiú go ndéanann duine cáilithe an fheithicil a sheiceáil go críochnúil agus go neamhspleách sula gceannaítear í nó, in ionad sin, í a cheannach le baránta.ó dhéileálaí údaraithe.   Le haghaidh tuilleadh eolais, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí.

Tá dhá chineál tástálacha ann ó thaobh feithiclí tráchtála de Feithiclí Éadroma Tráchtála (LCVanna) agus ceann i gcomhair Feithiclí Troma Tráchtála (HCVanna).

Tá an tástáil LCV i gcomhair:

  • gach feithicil earraí éadroma a bhfuil ollmheáchan feithicle (GVW) 3,500 kg nó níos lú aici
Book your LCV Test online

Baineann an tástáil HCV le gach feithicil tráchtála eile lena n-áirítear:

  • feithiclí earraí os cionn 3,500 kg GVW
  • leantóirí earraí os cionn 3,500 kg GVW
  • busanna agus níos mó ná 8 suíochán paisinéara acu
  • Otharchairr
Book your HCV Test online

Cad a scrúdaítear sa thástáil

Only components that are visible and accessible can be assessed at the CVRT. These include:

  • Coscáin
  • Soilse agus marcálacha
  • Rothaí agus Boinn
  • Stiúradh agus crochadh
  • Fonnadh agus fo-chabhail
  • Tacagraf
  • Teorantóir luais
  • Astaíochtaí sceite
  • Córais leictreacha
  • Gloine agus scátháin

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na nithe a scrúdaítear sa thástáil CVRT a fháil sa lámhleabhair do thástálaithe.

Torthaí Tástála 

Nuair a bheidh an tástáil CVR ar d’fheithicil críochnaithe, tabharfaimid tuairisc duit ina gcuirfear síos ar thorthaí na tástála. Gheobhaidh tú ceann amháin díobh seo a leanas: 

  • Ráiteas pas, a chiallaíonn gur éirigh le d’fheithicil sa tástáil CVR. Seolfaimid an CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle.
  • Tuairisc tástála ina gcuirfear in iúl duit gur theip ar d’fheithicil sa tástáil CVR.  Ní mór d’úinéir na feithicle an fheithicil a dheisiú agus í a chur i láthair arís le haghaidh atástáil CVR ag an ionad tástála céanna laistigh de 21 lá nó sa chás nár thaisteal sí níos lú ná 4,000 km faoin am sin. Nuair a chríochnóidh d’fheithicil an atástáil agus nuair a gheofar pas, eiseoimid CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe na feithicle.
  • Ó 20 Bealtaine 2018 seans go bhfaighidh tú tuairisc tástála ina sonrófar ‘Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh’. Ciallaíonn sé sin nár aithníodh ach mionlochtanna le linn na tástála. (Ní thugamar aon locht mór nó contúirteach faoi deara.) Sa chás seo ní gá d’fheithicil dul faoi atástáil. Fós féin, caithfidh úinéir na feithicle filleadh leis an bhfeithicil ar an ionad tástála ina ndearnadh an bhuntástáil lena dheimhniú go bhfuil na mionlochtanna deisithe. Níl aon teorainn ama ann maidir le feithicil a chur i láthair arís le haghaidh tástála. Eiseoimid CRW go huathoibríoch chuig úinéir cláraithe nafeithicle nuair a dheimhníonn an t-ionad tástála gur deisíodh na mionlochtanna. 

Féach ar ár leathanach torthaí Tástála chun tuilleadh eolais a fháil.

Táillí Tástála

Braitheann costas thástáil ródacmhainneachta feithicle Tráchtála ar mhéid na feithicle. Féach leathanach Táillí Tástála Feithicle Tráchtála​​ le haghaidh eolais níos mionsonraithe.

Níl aon táille ar athsheiceáil nuair is Pas le mioneasnaimh atá mar thoradh ar an dtástáil CVR 

Ag Ullmhú le haghaidh do Thástáil CVR

Le bheith ullmhú do do thástáil bí cinnte na rudaí seo a dhéanamh:

  1. Déan seiceáil ar nneall d’fheithicle le cinntiú go bhfuil sé líonta suas le hola agus uisce chomh maith le neart uisce sa niteoir gaothscátha.
  2. Déan cinnte go bhfuil na suíocháin agus an limistéar lasta saor ó nithe pearsanta amhail feisteáin uirlisí agus gur féidir teacht go héasca ar an limistéar lasta d’fhonn codanna áirithe den tástáil a dhéanamh.
  3. Tá an fheithicil cuíosach glan (go háirithe faoin gcabhail).
  4. Féach chuige go bhfuil na caipíní mol bainte de na rothaí (go háirithe mura féidir na cnónna rotha a sheiceáil in aon slí eile) agus teanntar na boinn go dtí an brú ceart.
  5. Tá an t-inneall i staid oiriúnach le tástáil a dhéanamh air e.g. tá crios/slabhra comhuainiúcháin curtha isteach de réir threoir do dhéantóra. Seans go n-iarrfar ort séanadh a shíniú ag an ionad tástála a roghnaigh tú.
  6. Déan na criosanna/búclaí sábhála a sheiceáil le cinntiú gur féidir iad a fheiceáil agus go bhfuil siad ag obair i gceart. I gcás busanna agus feithiclí paisinéirí eile ba cheart seiceáil a dhéanamh ar chriosanna agus ar bhúclaí le haghaidh gach suíochán paisinéara.
  7. Tá do phlátaí clárúcháin glan agus cloíonn siad le rialacháin reatha.
  8. Déan cinnte go bhfuil aitheantas i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas ag an duine a thugann an fheithicil isteach lena hiniúchadh mar ní eiseofar ráiteas pas agus CRW don fheithicil gan an t-aitheantas riachtanach a thaispeáint fiú má éiríonn léi sa thástáil.
  9. Cinntigh go bhfuil léamh “normal” ar tháscaire teochta d’fheithicle sula sroicheann tú an ionad tástála le haghaidh iniúchta.

An bhfuil imní ort faoi riocht feithicle atá in úsáid ar Bhóithre Poiblí? 

Má tá údar imní ar bith agat faoi bhail ródacmhainneachta feithicle tráchtála m.sh. Bus Scoile, Leoraí, Leantóir nó go deimhin aon chineál eile feithicle tráchtála is féidir leat d’údar imní a thuairisciú faoi rún don RSA. Tabhair cuairt ar ár leathanach gearáin chun tuilleadh a fháil amach.

Cad é an difear idir CVRT , DoE, VTN ?

Tugtar Tástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVRT) ar an tástáil anois cé go dtugtar Tástáil DoE (An Roinn Comhshaoil) uirthi go minic fós. 

Is é an chúis atá leis seo ná gur thug an Roinn Comhshaoil tástáil feithiclí tráchtála isteach ar dtús. Níl aon baint acu lena rialú le roinnt blianta anuas.

Tugtar Oibreoirí Tástála Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála ar líonra na n-ionad tástála feithiclí tráchtála ina ndéantar d’fheithicil tráchtála a thástáil, cé go dtugtaí Líonra Tástála Feithiclí (VTN) orthu tráth.

Is líonra é seo d’ionaid tástála faoi úinéireacht neamhspleách aatá údaraithe agus maoirsithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus go hiomlán scartha ó líonra na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (NCT) a dhéanann tástáil ar ghluaisteáin amháin.

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!