Conas bheith i d’Ionad tástála CVR

"Údaraimid agus maoirsímid gach ionad Tástála Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála, mar sin beidh ort iarratas a chur isteach chugainn más mian leat a bheith i d’ionad tástála."

Ní mór do gach iarratasóir nua ar údarú mar oibritheoir tástála CVR tástálacha a dhéanamh ar fheithiclí tráchtála troma agus éadroma araon – ní mór don iarratas an t-íosriachtanas de lána tástála 1 Fheithicil Tráchtála Éadroma (LCV) agus 1 lána tástála Feithicle Tráchtála Trom (HCV) a chomhlíonadh i.e. ní féidir leat ionad tástála a oscailt a dhíríonn ar LCV nó HCV amháin. 

Ba chóir do chuid pleananna a dhréachtú de réir treoirlínte áitribh agus trealaimh an RSA, moltar duit na pleananna (lena n-áirítear plean láithreáin) a sheoladh chuig cvrauthorisations@rsa.ie le haghaidh athbhreithnithe, sula gcuireann tú isteach ar chead pleanála agus sula dtéann tú i mbun tógála.

Ní mór deimhniú a thabhairt freisin go bhfuil aon chead pleanála atá riachtanach faighte ag an iarratasóir chun an t-ionad tástála CVR a oibriú.

Chun tacú le nascacht leis an RSA, tá gá le nascacht 4G. 

Ní mór d’iarratasóirí na ceanglais reachtúla go léir atá sonraithe in Alt 11(1) – (a) go (f) den Acht um Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) 2012 a chomhlíonadh. Tá na ceanglais mar seo a leanas:

  • Cuirtear an t-iarratas isteach san fhoirm fhorordaithe in éineacht leis na cáipéisí cuí agus an fháisnéis tacaíochta. 
  • Tá an táille fhorordaithe íoctha(sé sin, €8,500 le haghaidh oibríocht dhá lána)
  • Tá deimhniú imréitigh cánach reatha arna eisiúint faoi alt 1095 (a cuireadh isteach le halt 127(b) den Acht Airgeadais 2002) den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 ina sheilbh ag an té a dhéanann an t-iarratas ag an am a gcuirfear isteach é.
  • Tá an Údarás sásta go bhfuil an t-áitreabh, na saoráidí, an trealamh agus na tástálaithe is gá chun tástálacha a dhéanamh de réir na Míre seo (lena n-áirítear aon rialacháin arna ndéanamh faoin Mír seo agus aon treoirlínte) i seilbh an té a chuireann an t-iarratas isteach nó teacht aige/aici ar a leithéid.
  • Tá an tÚdarás sásta go bhfuil na hacmhainní airgeadais is gá ag an duine, nó go bhfuil an cumas ag an duine iad a fháil, chun tástáil CVR a sholáthar faoin údarú a ndearnadh iarratas air, agus
  • Tá an tÚdarás sásta, ag féachaint d’alt 12, gur duine cuí cóir é an duine, nó i gcás iarratais ó chuideachta gach stiúrthóir agus gach rúnaí na cuideachta sin, chun údarú dá leithéid a shealbhú.

Is infheistíocht shuntasach an infheistíocht a theastaíonn chun ionad tástála nua a oscailt agus chun comhlíonadh na gceanglas a chinntiú agus ba cheart aon tograí a mheasúnú go cúramach ó thaobh airgeadais agus riosca de. Moltar d’aon iarratasóir taighde iomlán a dhéanamh ar na costais lena mbaineann agus ar na torthaí ionchasacha ar an infheistíocht sin.

Treoirlínte maidir le háitreabh agus trealamh

Ní mór do gach iarratasóir cloí go hiomlán leis na Treoirlínte reatha maidir le hÁitreabh agus Trealamh, lena n-áirítear gach nuashonrú (tá sonraí faoi gach nuashonrú ag bun an leathanaigh seo). Leagtar amach sna treoirlínte sin na ceanglais maidir le lánaí tástála, limistéir pháirceála, limistéir tástála, cuaillí comharthaí agus go leor eile. 
 
Tá na Treoirlínte maidir le hÁitreabh agus Trealamh á n-athbhreithniú faoi láthair. I measc na n-athruithe atá á ndéanamh tá na ceanglais maidir le Toise Lánaí Tástála maidir le leagan amach na lánaí tástála LCV agus HCV araon. Go dtí go bhfoilseofar na treoirlínte athbhreithnithe moltar duit teagmháil a dhéanamh le  cvrauthorisations@rsa.ie  chun tuilleadh eolais a fháil.
 
Mar eolas is féidir leat cóip de na  Treoirlínte reatha maidir le hÁitreabh agus Trealamh (PDF) ​ a íoslódáil ​chomh maith leis na Treoirlínte maidir le Brandáil CVRT (PDF). 

Cá háit is féidir iarratas a dhéanamh?

Comhlánaigh ár bhfoirm iarratais ar údarú mar ionad tástála nua (word)..​​ Seol an fhoirm chomhlánaithe chuig:

CVR Authorisation Section
Commercial Vehicle Testing
Road Safety Authority
Clonfert House
Bride Street
Loughrea
Co Galway. 

H62 ET93

Cad é Táille Iarratais?

Tá íostáille €8,500 inmhuirir ar iarratasóirí ar údaruithe Oibreoirí Tástála CVR nua. Má bhaineann an t-iarratas le níos mó ná 2 lána tástála gearrfar táille bhreise €6,000 le haghaidh gach lána tástála sa bhreis.

Déanfaidh an RSA iniúchtaí ar áitribh Oibreora Tástála CVR lena fháil amach an gcomhlíonann an t-iarratasóir na ceanglais maidir le húdarú a dheonú. Ní bheidh aon táille ar an gcéad chuairt ná ar an dara cuairt ach gearrfar táille €200 ar aon chuairt ina dhiaidh sin ar feadh leathlae (nó cuid de) agus €450 ar chuairt lae iomláin nó níos mó ná leathlá.

Caithfidh ionaid tástála údaraithe reatha a dhéanann iarratas ar leasú ar a n-údarú maidir le tástáil ADR táille iarratais €500 a íoc. Má dhéanann ionad tástála reatha iarratas ar leasú chun líon na lánaí tástála a mhéadú is é €6,000 an táille fhorordaithe do gach lána tástála sa bhreis.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le CVRAuthorisations@rsa.ie

Cad iad na riachtanais oiliúna le haghaidh Oibreoirí Tástála CVR nua?

Ceanglófar ar aon oibreoir Tástála CVR a dhéanfaidh iarratas ar údarú nua cúrsa tosaigh d’Oibreoirí Tástála CVR a dhéanamh.

Cúrsa  Fad 
Cúrsa Tosaigh d’Oibreoirí Tástála CVR ​​ 2 days 

Cé a sholáthraíonn an oiliúint?

Dhámh an RSA an conradh oiliúna ar Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (OTS) chun an oiliúint sin a sholáthar. Reáchtáiltear an oiliúint ar roinnt dátaí éagsúla i rith na bliana. Íoctar na táillí go léir go díreach le OTS. Déan teagmháil le OTS chun tuilleadh eolais a fháil.​

Cad iad na táillí oiliúna?

Is iad seo a leanas na táillí oiliúna in aghaidh an duine a bheidh ag freastal

​Cúrsa Oiliúna Táille
Oiliúint Tosaigh d’Oibreoirí Tástála CVR​ ​€435

Íoctar na táillí go léir go díreach le hOllscoil Theicneolaíoch na Sionainne (OTS).

Tuilleadh Eolais

Ba cheart ceisteanna maidir le dátaí agus amanna na gcúrsaí a chur chuig Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (OTS).
 
Pamela Coyne,
RSA Course Coordinator,
Technological University of the Shannon, 
East Campus, 
Dublin Road 
Co. Westmeath
 
Tel: 090 648 3032
Email: pamela.coyne@tus.ie
 
Má bhíonn ceisteanna ar bith eile agat faoin bpróiseas iarratais déan teagmháil linn le do thoil ag:
 
Road Safety Authority, 
CVR Authorisation Section,
Clonfert House, 
Bride St,
Loughrea,
Co.Galway
H62 ET93
 
Tel 1890 40 60 40
email: CVRauthorisations@rsa.ie

Sonraíocht Nuashonraithe an Tástálaí Crochta - Deireadh Fómhair 2015.

An 15 Deireadh Fómhair 2015 nuashonraigh an RSA sonraíocht an Tástálaí Crochta agus mar sin nuashonraíodh na ceanglais sna Treoirlínte maidir le hÁitreabh agus Trealamh 2013. Níl an ceanglas nuashonraithe seo infheidhme maidir le haon Tástálaithe Crochta atá suiteáilte cheana maidir le tástáil a chomhlíon na ceanglais a bhí ann ag an am sin.

Is iad na cúiseanna leis an tsonraíocht a nuashonrú a chinntiú go mbeidh tuiscint shoiléir ag gach soláthraí trealaimh ar an méid a theastaíonn lena dtrealamh a cheangal le CoVIS agus lena chinntiú chomh maith go seasfaidh trealamh nua ar bith a cheannófar an aimsir a mhéid is féidir.

 Sonraíocht an Tástálaí Crochta (PDF)

Sonraíochtaí nuashonraithe maidir le trealamh lánaí tástála - Aibreán 2015

Ar an 28 Aibreán 2015 nuashonraigh an RSA na sonraíochtaí maidir leis an Méadar um Theimhneacht Deataigh Díosail, maidir leis an Tástálaí Rollála Coscán HCV, maidir leis an Tástálaí Rollála Coscán LCV agus maidir le haonad an Taobhsciorrtha Stiúrtha, rud a nuashonraíonn na ceanglais i dTreoirlínte 2013 maidir le hÁitreabh agus Trealamh.

Fógra RSA 15/2015 - Sonraíochtaí nuashonraithe maidir le trealamh (PDF)

Sonraíocht an Mhéadair um Theimhneacht Deataigh Díosail (PDF)

Sonraíocht an Tástálaí Rollála Coscán HCV (PDF)

Sonraíocht an Tástálaí Rollála Coscán LCV (PDF)

Sonraíocht aonad an Taobhsciorrtha Stiúrtha (PDF)

Tá na sonraíochtaí nuashonraithe sin infheidhme maidir le haon trealamh nua a chuirfear isteach le haghaidh tástála e.g. i gcás ina bhfuil trealamh á shuiteáil i lána tástála / ionad tástála nua nó i gcás ina bhfuil trealamh reatha á athsholáthar.

Níl na sonraíochtaí nuashonraithe infheidhme maidir le trealamh atá suiteáilte cheana féin in ionaid tástála agus a chomhlíon na sonraíochtaí trealaimh a bhí ann ag an am sin.

Sonraíocht nuashonraithe thástálaí Aidhm na Lampaí Cinn - Iúil 2014

An 16 Iúil 2014 nuashonraigh an RSA sonraíocht thástálaí Aidhm na Lampaí Cinn agus mar sin nuashonraíodh na ceanglais sna Treoirlínte maidir le hÁitreabh agus Trealamh 2013.

Sonraíocht thástálaí Aidhm na Lampaí Cinn (PDF) 

Soiléiriú ar na Sonraíochtaí Trealaimh

I gcás ina mbeidh ceist maidir le haon sonraíochtaí trealaimh, féadfaidh an tÚdarás soiléiriú a eisiúint lena chinntiú go dtuigfear sonraíocht an trealaimh go soiléir.Tá aon soiléirithe a eisíodh go dtí seo san áireamh i Soiléiriú Shonraíocht an Trealaimh 2015 (PDF).​​​​​​​​​​​ Íoslódáil ár dtreoirlínte maidir le háitreabh agus trealaimh le haghaidh na sonraí go léir.pdf​​​​​​​​​​​​​​​​​​​​​

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!