Tá táillí éagsúla i gceist ag brath ar cén cineál feithicle atá agat. Leagtar amach na táillí ábhartha sa tábla thíos
Cineál Feithicle |
Táillí |
|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €106.84
Táillí ar Atástáil €40.74
Inc VAT@23%
Full test fee €131.41
Re- test fee €50.11
|

|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €223.01
Táillí ar Atástáil €84.90
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €274.30
Táillí ar Atástáil €104.43
|
|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €225.31
Táillí ar Atástáil €84.90
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €277.13
Táillí ar Atástáil €104.43
|
|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €165.50
Táillí ar Atástáil €54.35
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €203.57
Táillí ar Atástáil €66.85
|

|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €193.08
Táillí ar Atástáil €67.94
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €237.49
Táillí ar Atástáil €83.57
|

|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €227.23
Táillí ar Atástáil €84.90
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €279.49
Táillí ar Atástáil €104.43
|
|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €248.19
Táillí ar Atástáil €95.09
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €305.27
Táillí ar Atástáil €116.96
|
|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €159.87
Táillí ar Atástáil €61.12
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €196.64
Táillí ar Atástáil €75.18
|
|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €163.75
Táillí ar Atástáil €54.35
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €201.41
Táillí ar Atástáil €66.85
|
|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €88.39
Táillí ar Atástáil €40.74
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €108.72
Táillí ar Atástáil €50.11
|

|
Ex VAT.
Táille ar Thástáil Iomlán €108.77
Táillí ar Atástáil €50.93
Inc VAT @ 23%
Táille ar Thástáil Iomlán €133.79
Táillí ar Atástáil €62.64
|
Tá sonraí na dtáillí tástála go léir forordaithe san Ionstraim Reachtúil (S.I.) I.R 674 de 2024 (PDF)
Táillí ar Atástáil
Tá amhairc-atástáil saor in aisce, ach tá táille mar a leagtar amach thuas ar atástáil a chaithfear a dhéanamh ar lána tástála.
Ní mór na hatástálacha go léir a dhéanamh laistigh de 21 lá féilire agus laistigh de 4,000 km ón gcéad thástáil nó beidh ort an tástáil iomlán a dhéanamh arís. Ba cheart duit na codanna den fheithicil ar theip orthu sa tástáil a dheisiú láithreach bonn agus an fheithicil a thabhairt isteach le haghaidh atástála chomh luath agus is féidir.
Pas ar feitheamh athsheiceáil ar mhioneasnaimh – táillí
Níl aon táille ar athsheiceáil más feitheamh athsheiceáil ar mhion-easnaimh a fuair d’fheithicil mar thoradh tástála.
Ina theannta sin níl aon riail 21 lá nó 4,000 km i gceist chun an athsheiceáil a chríochnú. Mar sin féin, molaimid go ndéanfaí gach mioneasnamh a cheartú agus a athsheiceáil ag an ionad tástála chomh luath agus is féidir.
Ní féidir linn CRW a sheoladh amach go dtí go ndeimhníonn an t-ionad tástála gur ceartaíodh na mioneasnaimh.
Cad atá san áireamh maidir leis an Táille Tástála?
Cuimsíonn an táille tástála na nithe seo a leanas:
- Do thástáil feithicle tráchtála
- Do dheimhniú ródacmhainneachta – priontáil agus postas do CRW (ní gá taisteal chuig d’oifig mhótarchánach a thuilleadh)
- Tobhach um Shábháilteacht ar Bhóithre – tabhair faoi deara nach mbaineann an Tobhach um Shábháilteacht ar Bhóithre le hatástálacha. Mura dtugtar an fheithicil ar ais laistigh den am agus laistigh den teorainn 4,000Km, áfach, beidh tástáil iomlán de dhíth ar an bhfeithicil agus gearrfar tobhach breise ort.
Cad chuige a n-úsáidfear an Tobhach um Shábháilteacht ar Bhóithre?
Cuidíonn an Tobhach um Shábháilteacht ar Bhóithre le clár athchóirithe CVR a mhaoiniú a bhfuil sé mar aidhm aige ár mbóithre a dhéanamh níos sábháilte do chách.
Tá an próiseas athchóirithe á fhorbairt ó 2007 i leith agus níor tháinig aon ardú ar tháillí ó shin i leith. Mhaoinigh an RSA an infheistíocht chaipitiúil roimh ré sa chóras le nach dtiocfadh na harduithe táillí i bhfeidhm ach ón am a mbainfidh daoine tairbhe as feabhsúcháin sa chóras.
Séard a chuir tús le hathchóirithe CVR ná na himbhuailtí i mBaile an Cheantaigh agus sa Chlóirtheach inar maraíodh roinnt páistí go tubaisteach tráth a raibh imní mhór faoi chaighdeán ár bhfeithiclí tráchtála sa bhaile agus thar lear.
Tá leas á bhaint as an tobhach chun roinnt athchóirithe a mhaoiniú a thacaíonn le hoibreoirí a bhfuil a gcuid freagrachtaí faoin dlí á gcomhlíonadh acu lena n-áirítear :
- Córas feabhsaithe tástála a bhfuil roinnt buntáistí ag baint leis d’oibritheoirí iompair bóthair agus a thacaíonn le seirbhís den scoth do chustaiméirí dá réir sin, lena n-áirítear:
- Ecóras áirithinte agus meabhrúcháin ar líne atá éasca le húsáid
- Deimhniú Ródacmhainneachta (CRW)>curtha sa phost go huathoibríoch chuig úinéirí cláraithe, rud a chuir deireadh leis an ngá dul chuig an oifig mhótarchánach chun ráiteas pas a mhalartú le haghaidh CRW.
- Níos lú cáipéisí le taispeáint ag an ionad tástála CVR – ní gá duit do cháipéisí clárúcháin feithicle a thabhairt chuig an ionad tástála a thuilleadh. Feabhsú nach beag é seo d’aon oibritheoir a bhfuil feithiclí ar fud na tíre aige/aici.
- Tríd is tríd, tá ionracas agus comhsheasmhacht na tástála CVR neartaithe
- Feabhas curtha ag an RSA ar bhearta maoirseachta, forfheidhmithe agus comhlíonta. Áirítear leis seo, mar shampla, láithreacht mhéadaithe ar thaobh an bhóthair agus i gCalafoirt,, agus iniúchtaí ar áitribh oibritheoirí d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar thaifid agus cleachtais ródacmhainneachta agus sábháilteachta.
- Tairseach Oibritheora nua ar féidir le hoibritheoirí a úsáid mar thaisclann dá bhflít. Ceanglaítear ar úinéirí agus oibritheoirí HCV & PSV féin-dhearbhú a chomhlánú tríd an tairseach seo trí shonraí a thabhairt amhail feithiclí sa flít, cineál na n-earraí a iompraítear, sonraí cothabhála feithiclí. Is ceanglas éigeantach é seo.
Tríd is tríd, tá sé mar aidhm ag an gcóras:
- feabhas a chur ar chomhlíonadh feithiclí tráchtála agus bóithre a dhéanamh níos sábháilte do gach úsáideoir bóithre
- tacú le hoibritheoirí a bhfuil a gcuid freagrachtaí faoin dlí á gcomhlíonadh acu agus a bhfuil an bonn á bhaint uatha faoi láthair ag oibritheoirí neamhchomhlíontacha.
- roinnt feabhsuithe riaracháin a chur ar fáil d'oibreoirí feithiclí tráchtála maidir leis an tástáil bhliantúil.
Áireamh CBL ar Tháillí
Tuilleadh eolais
Má tá a thuilleadh eolais uait faoi Thástáil Feithiclí Tráchtála téigh i dteagmháil linn ag cvrtadmin@rsa.ie