Cothabháil agus deisiúchán feithicle
Mar úinéir nó úsáideoir feithicle tráchtála, ní mór duit a chinntiú i gcónaí go bhfuil d’fheithiclí ródacmhainneach agus sábháilte. Seachas na buntáistí a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre agus go bhfuil sí ina hoibleagáid dhlíthiúil orth, laghdaítear an dóchúlacht go dtarlóidh moilleanna neamhsceidealaithe ar d’fheithiclí mar gheall ar aga neamhsceidealaithe, go ngabhfar feithiclí neamhshábháilte agus go gcuirfear moilleanna breise ar chigireachtaí cois bóthair ar fheithiclí dea-chothabháilte. Anseo gheobhaidh tú faisnéis achomair maidir le do chuid oibleagáidí i dtaca le cothabháil agus deisiú feithiclí, na tairbhí agus an reachtaíocht.
Do cheanglais maidir le cothabháil agus deisiú feithicle
Teastaíonn cothabháil leanúnach a dhéanamh chun bail shábháilte ródacmhainneach ar fheithicil tráchtála thar a shaolré. Ceanglaítear de réir an dlí ar úinéirí agus ar úsáideoirí feithiclí tráchtála an méid seo a leanas a dhéanamh:
- córais a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun cigireacht agus cothabháil rialta a dhéanamh ar fheithiclí; tá dhá chineál cigireachta nach mór a dhéanamh :-
- a áirithiú go gcuirtear tosca lena n-áirítear aois, míleáiste agus bail, caitheamh agus cuimilt agus treoirlínte an mhonaróra san áireamh maidir le minicíocht na gcigireachtaí agus na cothabhála;
- a eagrú go ndéanfaidh duine atá cáilithe go cuícigireachtaí, cothabháil agus deisiúcháin;
- doiciméid a bhaineann le deisiú agus cothabháil feithiclí a choinneáil ar feadh dhá bhliain lena n-iniúchadh ag oifigeach údaraithe.
Tairbhí a bhaineann le d’fheithiclí a chothabháil
Do do Ghnó
Is éard atá i gceist le córas éifeachtach cothabhála coiscthí feithicle ná cothabháil sceidealaithe, deisiú comhpháirteanna agus cigireachtaí feithiclí chun cliseadh a chosc. Is iad seo a leanas na tairbhí a bhaineann le córas éifeachtach cothabhála coiscthí:
laghdú ar chostais iomlána chothabhála agus oibriúcháin;
- laghdú ar chostais oibriúcháin mar gheall ar níos lú clistí feithiclí;
- feabhas ar ídiú breosla feithicle;
- méadú ar shásamh na gcustaiméirí mar gheall ar sholáthar comhsheasmhach in am;
- luach iarmharach feithicle feabhsaithe agus cosnaítear do shócmhainní;
- costais árachais níos ísle;
- riosca laghdaithe maidir le haga neamhfhónaimh feithicle ag seiceálacha cois bóthair;
Maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre
Cinntítear sábháilteacht agus ródacmhainneacht d’fheithiclí:
- méadú ar shábháilteacht tiománaithe agus feabhsaítear a dtimpeallacht oibre;
- méadú ar shábháilteacht paisinéirí;
- méadú ar shábháilteacht ar bhóithre d’úsáideoirí eile bóithre; agus
- cinntítear go gcomhlíonann d’fheithiclí na híoschaighdeáin arna sainiú leis an dlí
Úsáid phríobháideach Feithiclí Troma Tráchtála
Tá ceanglais dhlíthiúla um chothabháil feithicle bunaithe ar an gcineál feithicle (mar shampla, bus, trucail HGV , feithiclí ‘rigids’ veain) seachas úsáid feithicle (príobháideach nó tráchtála).
Mar sin, fiú má tá leoraí capall agat a úsáidtear chun críocha sóisialta agus caitheamh aimsire amháin, caithfidh tú córas acothabhála feithicle cuí a bheith i bhfeidhm fós chun ródacmhainneacht d’fheithicle a chinntiú agus í á húsáid ar bhóthar poiblí.
An bhfuil imní ort faoi bhail feithicle atá in úsáid ar Bhóithre Poiblí?
Má tá údar imní ar bith agat faoi bhail ródacmhainneachta feithicle tráchtála e.g. Bus Scoile, Leoraí, Leantóir nó go deimhin aon chineál eile feithicle tráchtála is féidir leat d’údar imní a thuairisciú faoi rún don RSA. Tabhair cuairt ar ár leathanach gearán chun tuilleadh eolais a fháil.
An reachtaíocht
Tá ceanglais um chothabháil agus deisiú feithicle leagtha amach in I.R. Uimh. 348 de 2013 - Na Rialacháin fán Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre (Ródacmhainneacht Feithiclí Tráchtála) (Deisiú agus Cothabháil Feithiclí), 2013 (PDF)
Baineann na rialacháin sin leis na feithiclí seo a leanas
- Feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí a iompar ina bhfuil níos mó ná 8 suíochán, gan suíochán an tiománaí a áireamh - catagóirí M2 (PSVanna beaga) agus M3 (PSVanna móra);
- feithiclí earraí - catagóirí N1 (LGV), N2 (HGV > 3.5t <12t) agus N3 (HGV > 12t);
- leantóirí earraí - catagóirí O3 (Leantóir > 3.5t< 10t) agus O4 (Leantóir > 10t); agus
- otharcharranna (feithiclí sainchuspóireacha i gcatagóir M)
Leis na rialacháin cuirtear oibleagáidí ar úinéirí feithiclí tráchtála maidir leis na cúrsaí seo a leanas :
- cothabháil agus deisiú feithiclí tráchtála;
- cinntí maidir le minicíocht cothabhála;
- seiceálacha laethúla imshiúil;
- go ndéanfaidh daoine cuícháilithe na deisiúcháin;
- taifid a choinneáil;
- dearbhú bliantúil a thabhairt don Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre faoi chothabháil feithiclí(neamhbhainteach maidir le feithiclí de chatagóir N1, feithiclí earraí éadroma)
Mura tusa an t-úinéir beidh feidhm fós ag na rialacháin más tusa úsáideoir na feithicle, is é sin: tá i gceannas uirthi; oibriú na feithicle a rialú agus/nó a stiúradh.
