
What you need to know about Test Bookings as a commercial vehicle owner in Ireland.
What you need to know about the commercial vehicle road test in Ireland.
What you need to know about the Certificate of Roadworthiness as a commercial vehicle owner in Ireland.
What you need to know about Operator and Driver Obligations as a commercial vehicle owner in Ireland.
Beidh ar iarratasóirí le haghaidh Oibreoirí Tástála CVR nua agus le haghaidh Tástálaithe CVR nua dul faoi oiliúint a bhaineann lena n-údarú. Gheobhaidh tú tuilleadh eolais anseo faoi na riachtanais oiliúna sin.
Ceanglófar ar aon Oibreoir Tástála CVR nó Tástálaí CVR a dhéanfaidh iarratas ar údarú nua dul faoi oiliúint tosaigh lena n-áirítear:
| "Cúrsa | Fad |
|---|---|
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh HCVdo Thástálaithe CVR | 10 lá |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh LCV do Thástálaithe CVR | 7 lá |
| Comhchúrsa Oiliúna Tosaigh HCV & LCV le haghaidh Tástálaithe CVR | 12 lá |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh ADR do Thástálaithe CVR | 4 lá |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh le haghaidh Tástáil Tarracóirí do Thástálaithe CVR | 4 lá |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh d’Oibreoirí Tástála CVR | 2 lá |
| Cúrsa Riaracháin CVR | 2 lá |
I ndiaidh an t-údarú tosaigh a fháil beidh ar Oibreoirí Tástála CVR agus Tástálaithe CVR oiliúint um Fhorbairt Ghairmiúil Leanúnach (FGL) a dhéanamh. Cuimseofar san oiliúint meascán d’fhoghlaim phraiticiúil agus theoiriciúil agus beidh an méid seo a leanas i gceist léi:-
| Cúrsa | Fad |
|---|---|
| Cúrsa Oiliúna FGL HCV do Thástálaithe CVR | 1 lá in aghaidh na bliana |
| Cúrsa Oiliúna FGL LCV do Thástálaithe CVR | 1/2 lá in aghaidh na bliana |
| Cúrsa Oiliúna FGL ADR do Thástálaithe CVR | 1 lá gach dara bliain |
"D’fhéadfadh sé go mbeadh oiliúint cheartaitheach ag teastáil d’Oibreoirí Tástála CVR agus Tástálaithe CVR nach bhfaigheann marcanna sásúla i gcúrsaí oiliúna éigeantacha nó go gcinntear go bhfuil a bhfeidhmíocht tástála faoi bhun na gcaighdeán riachtanach le linn na maoirseachta. "
Dhámh an RSA an conradh oiliúna ar Ollscoil Teicneolaíochta (OTS) na Sionainne chun an oiliúint sin a sholáthar. Reáchtáiltear an oiliúint ar roinnt dátaí éagsúla i rith na bliana. Íoctar na táillí go léir go díreach le OTS. Déan teagmháil le OTS chun tuilleadh eolais a fháil.
na táillí oiliúna in aghaidh an duine a bheidh ag freastal Is iad seo a leanas.
| "Cúrsa Oiliúna | Táille |
|---|---|
| Cúrsa Oiliúna FGL HCV do Thástálaithe CVR | €390 an duine |
| Cúrsa Oiliúna FGL LCV do Thástálaithe CVR | €235 an duine |
| Cúrsa Oiliúna FGL ADR do Thástálaithe CVR | €390 an duine |
| Cúrsa Oiliúna Ceartaithí do Thástálaithe CVR | €1,375 ráta laethúil |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh HCV do Thástálaithe CVR | €1,900 an duine |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh LCV do Thástálaithe CVR | €1,550 an duine |
| Comhchúrsa Oiliúna Tosaigh HCV & LCV le haghaidh Tástálaithe CVR | €2,280 an duine |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh ADR do Thástálaithe CVR | €1,135 an duine |
| Cúrsa Tosaigh Tástála TarracóiríCúrsa do Thástálaithe CVR | €1,430 an duine |
| Cúrsa Oiliúna Tosaigh d’Oibreoirí Tástála CVR | €435 an duine |
| Cúrsa Measúnaithe Thástálai do Thástálaithe CVR | €1,375 an duine |
| Cúrsa Riaracháin CVR | €435 an duine |
Íoctar na táillí go léir go díreach le hOllscoil Theicneolaíoch na Sionainne (OTS).
Ba cheart ceisteanna maidir le dátaí agus amanna na gcúrsaí a chur chuig Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (OTS).
Pamela Coyne,
RSA Course Coordinator,
Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne (OTS),
East Campus,
Dublin Road
Co. Westmeath
Tel 090 648 3032
Email: pamela.coyne@tus.ie
Má bhíonn ceisteanna ar bith eile agat faoin bpróiseas iarratais déan teagmháil linn le do thoil ag:
CVR Authorisations Section.
Clonfert House,
Bride St
Loughrea
Co.Galway
H63 ET93
Tel 091 872 600
email: cvrauthorisations@rsa.ie
Chat to Chris!