Tástáil ar Tharracóirí Meara

 

Ón 20 Bealtaine 2018, ní mór do tharracóirí meara dul faoi thástálacha tréimhsiúla agus a thaispeáint; deimhnithe ródacmhainneachta (CRWanna)​ 
 
Sainmhínítear ‘tarracóir mear’ mar tharracóir rothach i gcatagóir T a bhfuil uasluas dearaidh aige ar mó é ná 40 km/u.   Má úsáideann tú tarracóir mear agus mura bhfuil tú cinnte faoina uasluas dearaidh, ba chóir duit dul i gcomhairle le déantóir na feithicle nó le dáileoir tarracóra Éireannach údaraithe.  

Díolúintí

Ní gá do tharracóir dul faoi thástáil feithicle tráchtála má úsáidtear é: 

  • ​nó chun críocha gníomhaíochta talmhaíochta, gairneoireachta, foraoiseachta, feirmeoireachta nó iascaigh laistigh den Stát amháin agus go príomha ar an talamh ina ndéantar an ghníomhaíocht sin, lena n-áirítear bóithre talmhaíochta, bóithre foraoiseachta nó páirceanna talmhaíochta
  • Ach amháin ar oileán beag. Bainfidh an díolúine seo ón gceanglas tástáil éigeantach a dhéanamh le gach ceann de na hoileáin amach ó chósta na hÉireann.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach ionann díolúine ó thástáil feithicle tráchtála agus a bheith saor ón bhfreagracht a chinntiú go bhfuil d’fheithicil i riocht ródacmhainneach nuair a úsáidtear í ar bhóthar poiblí.

Nílim cinnte an bhfuil iallach orm mo tharracóir a chur faoi Thástáil Ródacmhainneachta?  

Mar chabhair duit más úinéir tarracóra thú nach bhfuil cinnte ar cheart duit d’fheithicil a chur faoi Thástáil Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála, tá grafaic eolais ullmhaithe ag an RSA agus​ mar theideal air "Bhfuil Deimhniú Ródacmhainneachta de dhíth ar mo  Tharracóir Mear (PDF)"​​  Molaimid duit féachaint ar an gcáipéis seo ar an gcéad dul síos agus mura bhfuil tú cinnte fós ná bíodh leisce ort ríomhphost a sheoladh chugainn ag cvrtadmin@rsa.ie ag tabhairt cuntais ar conas agus cén áit a n-úsáideann tú do tharracóir agus beimid sásta aon doiléire a shoiléiriú duit.  

Cén áit ar féidir liom mo Tharracóir Mear a chur faoi Thástáil?  

Déantar tarracóirí meara a thástáil laistigh den líonra Tástála Ródacmhainneachta Feithicle Tráchtála (CVRT) i roinnt ionad tástála údaraithe feithiclí troma tráchtála (HCV). Is iad seo sonraí na n-ionad tástála a bhfuil cead acu tarracóirí a thástáil faoi láthair:  https://www.cvrt.ie/en-US/Find-a-test-centre/ 

Cé chomh minic is a chaithfidh mé mo tharracóir mear a thástáil?  

Beidh an chéad tástáil dlite nuair a bheidh d’fheithicil ceithre bliana d’aois, i.e. ceithre bliana cothrom an lae ó cláraíodh í den chéad uair. Caithfear é a thástáil gach dhá bhliain ina dhiaidh sin.  

Cuir i gcás má tá mo tharracóir níos sine ná ceithre bliana d’aois cheana féin ar 20 Bealtaine 2018?  

Caithfidh tú é a chur in áirithe le haghaidh tástála chomh luath agus is féidir. Má éiríonn leis an tástáil, beidh an CRW a sheolfaimid chugat bailí ar feadh dhá bhliain ó dháta na tástála ar choinníoll go ndéanfar an tástáil roimh an 20 Lúnasa 2018, i.e. tá tréimhse chairde trí mhí curtha san áireamh sna Rialacháin Leasaithe.

An bhfuil aon bhuntáiste le baint as tástáil mo tharracóir mear a chur ar an méar fhada?  

Níl. Má tá tástáil éigeantach do do tharracóir mear agus má tá sé os cionn ceithre bliana d’aois an 20 Bealtaine 2018 agus má dhéantar tástáil air níos déanaí ná an 20 Lúnasa 2018, gheobhaidh sé CRW arb é an 20 Bealtaine 2020 an dáta éaga.

An gá leantóirí talmhaíochta a chur faoi thástáil?  

Ní gá tástáil a dhéanamh ar aon leantóirí talmhaíochta nach leantóirí tráchtála iad i gcatagóir 03 nó 04.  Mar sin féin, faoin dlí um thrácht ar bhóithre, ní mór leantóir a bheith ródacmhainneach i gcónaí má úsáideann tú é ar bhóthar poiblí.   

Má úsáidtear tarracóir mear le haghaidh gníomhaíochtaí díolmhaithe agus neamh-díolmhaithe araon, ar cheart é a thástáil?  

Bunaítear an ceanglas chun tarracóir mear a chur faoi thástáil ar cén úsáid a mbaintear as. Tá CRW riachtanach d’aon tarracóir mear a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochta neamh-díolmhaithe.  
 
I measc na samplaí de tharracóirí meara ar ghá iad a chur faoi thástáil tá iadsan a úsáidtear le haghaidh:

  • obair údarás áitiúil
  • tionscal tógála
  • tionscal cairéil
  • tionscal déantúsaíochta
  • tionscal mianadóireachta
  • tógáil bóithre /oibreacha bóthair

​​Cad é an pionós as feithicil a úsáid gan CRW bailí?  

Má úsáideann tú feithicil gan CRW bailí, d’fhéadfadh láithriú i gcúirt a bheith mar thoradh air agus ar chiontú duit d’fhéadfaí fíneáil nach mó ná €5,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná trí mhí, nó an dá cheann, a ghearradh ort. Bheadh cúig phointe pionóis i gceist ar chiontú freisin.

Cé mhéad a  chosnaíonn sé chun tarracóir mear a chur faoi thástáil?

Tá na táillí tástála mar seo a leanas agus ar aon dul lehiadsana bhaineann le HCVanna a bhfuil ollmheáchan ceaptha feithicle beagnach mar an gcéanna acu (DGVW):

​Catagóir Feithicle  

​Táille Tástála (ex. CBL)

Táille atriail (ex. CBL)​

Tarracóirí gasta a bhfuil DGVW acu ar mó é ná 3,500 kg ach nach mó é ná 7,500 kg

​€143.91

€47.26​

Tarracóirí gasta a bhfuil DGVW acu ar mó é ná 7,500 kg ​

​€167.90

​​€59.08

Cad atá i gceist leis an Tástáil?

Is seiceáil ar chothabháil agus riocht d’fheithicle é an tástáil. Cuimsíonn sé seiceáil a dhéanamh ar na nithe atá riachtanach chun íoschaighdeán ródacmhainneachta d’fheithicil a chinntiú, i.e. córais coscánaithe, soilsithe, stiúrtha agus crochta, srl. Go bunúsach, tá sé ar aon dul leis an tástáil a dhéantar ar HCVanna i láthair na huaire ach é mionathraithe sna réimsí ar gá na sonraíochtaí deartha faoi leith a bhaineann le tarracóirí meara a thabhairt san áireamh.  
Íoslódáil Tarracóirí Meara Thástálaithe Lámhleabhar (PDF)​​

Déan teagmháil linn

má tá aon cheist agat déan teagmháil le riarachán CVRT trí ríomhphost : cvrtadmin@rsa.ie or Tel: 091 872600

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!