What you need to know about the Certificate of Roadworthiness as a commercial vehicle owner in Ireland.
What you need to know about Operator and Driver Obligations as a commercial vehicle owner in Ireland.
Déanann an Roinn Iompair ceadúnais oibreora a eisiúint agus a choinneáil.
Teastaíonn Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair uait má tá tú ag iompar earraí ar fruiliú nó ar luach saothair i bhfeithicil nó i gcomhcheangal feithiclí lena mbaineann uasmheáchan údaraithe de os cionn 3.5 tona (méadrach).
Tagann tarlú “Ar Fruiliú nó ar Luach Saothair” chun cinn nuair a íoctar thú as earraí duine eile a iompar. Mura ndéanann tú ach obair féinchuntais, i.e. do chuid earraí féin a iompar i d’fheithiclí féin arna dtiomáint agat féin nó ag d’fhostaithe, nó ag seachadadh earraí chuig custaiméir a cheannaigh na hearraí sin uait, ní gá duit Ceadúnas Oibreora Tarlaithe Bóthair a bheith agat.
Teastaíonn Ceadúnas Oibreora um Iompar Paisinéirí de Bhóthar uait má tá tú ag iompar paisinéirí de bhóthar ar fruiliú nó ar luach saothair i bhfeithiclí a tógadh agus a feistíodh chun go mbeidh siad oiriúnach chun naonúr paisinéirí nó níos mó a iompar.
Tagann “Ar Fruiliú nó ar Luach Saothair” chun cinn nuair a íoctar thú as paisinéirí a iompar. Murar é paisinéirí a iompardo phríomhghnó, agus mura bhfuil tú ag gearradh táille ar do phaisinéirí, ní chaithfidh tú ceadúnas a bheith agat.
Mar shampla, ní bheadh Ceadúnas de dhíth ar óstán a bhfuil bus aige a úsáideann sé lena aíonna a iompar, mar sheirbhís chomhlántach, chuig aerfort agus ó aerfort nó chuig nithe is díol spéise do thurasóirí agus uathu.
Má tá buarthaí ar bith agat go bhféadfadh oibreoir nó tiománaí a bheith ag gníomhú go mídhleathach maidir le Ródacmhainneacht Feithicle, Uaireanta Tiománaithe, Tacagraif agus/nó Tarlú Neamhcheadúnaithe is féidir leat gearán faoi rún a chur isteach chuig an RSA. Faigh amach conas do ghearán a chur isteach ar ár leathanach gearán.
Tá an RSA freagrach as reachtaíocht iompair AE agus náisiúnta a fhorfheidhmiú maidir le ceadúnú oibreoirí tarlaithe de bhóthar agus oibreoirí paisinéirí chun dul i mbun oibríochtaí ar fruiliú agus luach saothair. I gcúinsí ina gciontaítear duine nó oibreoir i gCion a bhaineann le hIompar de Dhóthar, foilsítear sonraí an chiontaithe (lena n-áirítear ainm agus an pionós arna fhorchur) ar chuid na n-ionchúiseamh ar shuíomh gréasáin an RSA..
Má bhíonn ceisteanna ar bith agat maidir le hiarratas a dhéanamh ar
Déan teagmháil le:
Road Transport Operator Licensing Unit
Department of Transport, Tourism & Sport
Bride Street, Loughrea, Co. Galway. H62 ET93
Telephone Lo-call: 091 872 950 or 076 1001 601
Email: rtol@transport.ie
Website: www.rtol.ie
Chat to Chris!