Ceanglais maidir le taifid a choinneáil

Mar úinéir nó úsáideoir feithicle tráchtála ceanglaítear ort taifid mhionsonraithe a choinneáil maidir le cigireacht, cothabháil agus deisiú feithiclí. Faigh tuilleadh eolais faoi na taifid a chaithfidh tú a choinneáil

Cad iad na taifid a bhfuil oibleagáid ar oibreoirí iad a choinneáil agus cé chomh fada atá siad le coinneáil?

Mar úinéir nó úsáideoir feithiclí tráchtála ceanglaítear ort taifid mhionsonraithe a choinneáil maidir le cigireacht, cothabháil agus deisiú feithiclí. Ní mór na taifid sin a choinneáil ar feadh dhá (2) bhliain ar a laghad i ndiaidh iad a chruthú.
Ba cheart an méid seo a leanas a chur sna taifid:

  • uimhir chláraithe, múnla, bliain déantúsaíochta agus comhaontú fruilcheannaigh/socrú léasaithe (más infheidhme) feithicle;
  • an uair a rinneadh an tástáil ródacmhainneachta bhliantúil dheireanach ar an bhfeithicil;
  • sonraí maidir le cathain a rinneadh cothabháil agus cén chothabháil a rinneadh agus cé a rinne í;
  • sonraí faoi na lochtanna go léir a tuairiscíodh/a aimsíodh;
  • sonraí faoin uair ar deisíodh na lochtanna, lena n-áirítear an dáta agus cé a dheisigh iad; 
  • sonraisc le haghaidh páirteanna agus seirbhíse.

Déanfaidh Oifigigh Údaraithe ó Bureau Veritas nó AA. Ireland, na Soláthraithe Seirbhíse Teicniúla arna gceapadh ag an RSA, cigireachtaí ar áitribh úinéirí/oibreoirí feithiclí chun comhlíonadh a sheiceáil maidir le taifeadadh lochtanna agus freisin go bhfuil córas cothabhála éifeachtach i bhfeidhm ag an oibreoir le haghaidh feithiclí. Beidh ar oibreoirí a thaispeáint don Oifigeach Údaraithe go bhfuil cothabháil sceidealaithe, cigireachtaí agus deisiúcháin feithiclí i bhfeidhm chun cosc a chur ar fhadhbanna ródacmhainneachta.

Treoirlínte maidir le córas coinneála taifead a chur ar bun

Is féidir leis an gcóras taifeadta a bheith bunaithe ar pháipéar nó ar chóras leictreonach agus beidh ort an ceann is fearr a oireann do do ghnó a chinneadh ag cur san áireamh méid an fhlít agus do nósanna imeachta agus gnáthaimh cothabhála feithiclí inmheánacha roghnaithe.

Cuimsítear i  dTreoir an RSA’s maidir le d’fheithicil tráchtála a choinneáil ródacmhainneach (PDF)  samplaí de chórais um thaifid a choinneáil.

Tá comhad Excel samplach forbartha ag an RSA freisin ar féidir é a mhionathrú do d'úsáid féin. Is féidir na sonraí seirbhíse agus deisiúcháin ar gach feithicil a stóráil ar leathán aonair laistigh den scarbhileog.  Éileoidh oifigigh údaraithe go gcoinneofar na doiciméid bhunaidh a bhaineann le cothabháil agus deisiúcháin le haghaidh cigireachta
 

Nasc le sampla de thaifead cothabhála pleanáilte excel (XLS).

Is féidir cothabháil phleanáilte ar shlí eile a thaifeadadh ar chairt bhalla shimplí (PDF)​ amhail an ceann a sholáthraíonn an RSA.
 
Tá an chairt balla de mhéid A1 agus is féidir leat féachaint ar dhátaí dlite air le haghaidh: Sracfhéachaint ar Sheirbhís, ar Thástáil Feithicle Tráchtála agus ar Sheiceáil Tacagraif do gach feithicil.
 
Tabhair cuairt ar ár saoráidum ordú ar líne chun do chairt bhalla saor in aisce a ordú.​

Ábhar Gaolmhar

Chat to Chris!