web
Modalità offline. Versione di sola lettura della pagina.
close

Aitheantas Deimhnithe Ródacmhainneachta AE

Feithiclí allmhairithe – aitheantas deimhnithe ródacmhainneachta AE. 

Más úinéir cláraithe feithicle tráchtála athláimhe allmhairithe thú ó Bhallstát eile den Aontas Eorpach agus má bhí deimhniú ródacmhainneachta bailí reatha le d’fheithicil arna eisiúint ag Ballstát nuair a cláraíodh an fheithicil in Éirinn, is féidir leat aitheantas a fháil i leith na coda neamhéagtha den deimhniú tríd an deimhniú a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE arna eisiúint in Éirinn. Caithfidh an deimhniú ródacmhainneachta lasmuigh den stát a bheith fós bailí faoi rialacha tástála dlíthiúla na hÉireann, áfach.

Ní mór duit an fhoirm iarratais um aitheantas (PDF) a chomhlánú agus í a sheoladh chugainn. Nuair a bheidh bailíocht an deimhnithe ródacmhainneachta arna eisiúint ag Ballstát eile deimhnithe againn, seolfaimid deimhniú aitheantais AE chugat ansin. I ndiaidh duit é a fháil tú é beidh tú ábalta cáin a chur ar d’fheithicil.  Tá diosca ar an deimhniú aitheantais a chaithfidh tú a thaispeáint ar an bhfeithicil lena mbaineann. Féach an sampla thíos

Tabhair faoi deara, le do thoil, nach mbeidh tú ábalta cáin a chur ar d’fheithicil trí úsáid a bhaint as deimhniú ródacmhainneachta AE. Ní mór duit an deimhniú a mhalartú ar dheimhniú aitheantais AE a eisíodh in Éirinn uainne sular féidir leat cáin a chur ar d’fheithicil.

Tabhair cuairt ar ár leathanach um aitheantas frithpháirteach deimhnithe ródacmhainneachta AE lasmuigh den stát  chun tuilleadh eolais a fháil. 

Sampla de dheimhniú aitheantais AE

Sample EU recognition certificate

Chat to Chris!